Skip to main content

An Ghaeilge inár gcóras oideachais - tá sé briste, deisímis é!

Ráiteas Nuachta | 30 Meán Fómhair 2019 

Aontaíonn os cionn 60% dóibh siúd a bhí faoi shuirbhé go bhfuil gá le hathchóiriú

 

 

Seoladh feachtas nua darb ainm #Gaeilge4All inniu, Dé Luain, 30 Meán Fómhair, leis an nGaeilge a chosaint agus a láidriú sa chóras oideachais chun go mbeidh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ag gach dalta sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

De réir suirbhé ó Kantar Millward Brown in 2019:

  • Aontaíonn 64% go bhfuil gá le hathchóiriú sa chóras oideachais in Éirinn le cinntiú go gcríochnaíonn gach scoláire a gcuid oideachais le leibhéal cumasach sa Ghaeilge (ní raibh ach 11% ina choinne seo)
  • Aontaíonn 64% gur cheart go bhfanfadh an Ghaeilge mar chroí-ábhar, i. go ndéanfadh gach dalta staidéar uirthi go dtí an Ardteist (ní raibh ach 14% ina choinne)
  • Aontaíonn 63% gur chóir go mbeadh polasaí cuimsitheach ann a nascann múineadh na Gaeilge le linn thréimhse iomlán an oideachais, i. ón réamhscoil go bunscoil, go meánscoil go dtí an tríú leibhéal (ní raibh ach 11% ina choinne seo)

Dúirt Julian de Spáinn, urlabhraí don fheachtas: “Ó bunaíodh an Stát ó dheas tá gach Rialtas tar éis an fhíric a sheachaint go bhfuil an córas don Ghaeilge inár gcóras oideachais briste. Creidimid, san fheachtas #Gaeilge4All, go bhfuil an t-am tagtha chun na fadhbanna a shocrú ar bhealach iomlánaíoch agus cuimsitheach. Tá sé in am aghaidh a thabhairt ar na fíor-shaincheisteanna. Tá a fhios againn, bunaithe ní amháin ar thorthaí shuirbhé Kantar Millward Brown maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais ach chomh maith leis sin bunaithe ar na mílte mílte trácht ar na meáin shóisialta, litreacha chuig eagarthóirí, ailt nuachtán, pobalbhreitheanna agus níos mó thar na blianta, go bhfuil an pobal taobh thiar d'athchóiriú.

Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD, polasaí cuimsitheach bunaithe ar fhianaise a chur le chéile, den chéad uair ó bunaíodh an Stát, don Ghaeilge inár gcóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Cinnteoidh beartas cuimsitheach agus struchtúrtha den sórt sin, a bhfuil ionchur leordhóthanach aige ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara, cur chuige comhcheangailte don Ghaeilge ag gach céim sa chóras oideachais. D’aithneofaí ina leithéid de pholasaí ról lárnach ár scoileanna, ár múinteoirí, ár dtuismitheoirí, ár bpobal agus na mac léinn féin sa turas foghlama Gaeilge. ”

Dúirt Caoimhe Molloy, urlabhraí don fheachtas agus Oifigeach Gaeilge d'Aontas na Mac Léinn Dara Leibhéal in Éirinn: “Réitímis na fadhbanna, ná seachnaímis iad. Tugaimis an deis do gach dalta, ar gach leibhéal cumais an Ghaeilge a fhoghlaim agus tugaimis gach tacaíocht dóibh. Tacaímis lenár múinteoirí agus cuirimis breis tacaíochta ar fáil dóibh. Bainimis úsáid as dea-chleachtas idirnáisiúnta le freastal ar gach páiste. Coinnímis an Ghaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste agus réitímis na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras. Déanaimis seo le chéile – Déanaimis anois é”.

Tá an feachtas oscailte do chách ar mian leo páirt a ghlacadh ann. Tá tuilleadh eolais agus achainí ar fáil ag www.gaeilge4all.ie.

Eolas teagmhála d'urlabhraithe:

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: 086 8142757

Eolas don Eagarthóir maidir le suirbhé Kantar Millward Brown:

  • Faightear torthaí an tsuirbhé a chuirtear i láthair anseo as Pobalbhreith Oileán na hÉireann de chuid Kantar Millward Brown / Conradh na Gaeilge
  • Rinneadh na hagallaimh ar bhonn aghaidh ar aghaidh, sa bhaile, leo siúd ar aois 15+
  • Cuireadh srianta cuóta ar inscne, ar aois, ar aicme shóisialta agus ar réigiúin chun a bheith ionadaíoch ar phróifíl an daonáirimh
  • Rinneadh 1,085 agallamh i 66 suíomh samplála
  • Rinneadh na hagallaimh ó dheas idir an 23 Eanáir agus 6ú Feabhra 2018
  • Ualaíodh na sonraí chun go mbeidís ionadaíoch ar an daonra fásta 15+/16+
  • Is é +/- 3.1% an lamháil earráide sa dá dhlínse
  • Rinneadh an suirbhé seo de réir na dtreoirlínte atá leagtha amach ag ESOMAR agus AIMRO. Is féidir sleachta ón tuarascáil a lua nó a fhoilsiú ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí do Kantar Millward Brown agus do Chonradh na Gaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.