Skip to main content

Ráiteas: 'Sábhail Coláiste Lú'

Ráiteas Nuachta | 20 Meán Fómhair 2019 

‘Is gá réiteach sásúil láithreach a aimsiú chun soláthar Gaelscolaíochta a chinntiú do dhaltaí Choláiste Lú’ Ócáid chéiliúrtha don Ghaeilge ag meanlae Dé Sathairn i nDún Dealgan mar chuid d’fheachtas ‘Sábháil Coláiste Lú’

Tá feachtas dháltaí agus thuismitheoirí Choláistí Lú ag dul chun sráide an deireadh seachtaine seo chun soláthair iomlán scolaíochta trí Ghaeilge a éileamh láithreach. Faoi láthair, níl ach 2 ábhar ar fáil i gColáiste Lú trí Ghaeilge. Fágann sin go bhfuil na daltaí ag freastail ar mhór-thromlach na ranganna sa scoil trí Bhéarla.

Ar an 21ú, Meán Fómhair, ó mheánlae, beidh slógadh ar siúl i gCearnóg an Mhargaidh, Dún Dealgan ag ceiliúradh teanga agus cultúir na nGael. Beidh aoichainteoirí agus ceolteoirí ann ag ceiliúradh oidhreachta na teanga agus an chultúir Ghaelaigh i nDún Dealgan agus i gCúige Laighin, i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Éascaítear i scoileanna Gaeilge deiseanna iontacha foghlama agus oideachais, deiseanna a chinntíonn go mbaineann daltaí amach ard-chumas teangacha, idir Ghaeilge agus Bhéarla, ardú féin-mheasa, agus ardú tuiscéana ar chúrsaí féiniúlachta, cultúrtha agus teanga trí chéile. Tacaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le tuismitheoirí agus daltaí Choláiste Lú agus an feachtas seo ar bun chun tumoideachas lán-Ghaeilge a chinntiú sa scoil. Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, an scoil agus na húdarais áitiúla oideachais na céimeanna cuí chun an t-éileamh láithreach ar scolaíocht iomlán trí Ghaeilge a shásamh, gan mhoill. Ní mór go bhfuil teacht láithreach ag na daltaí seo ar oideachas trí Ghaeilge agus ní ghlacfar le sop in áit na scuaibe. Tá ard-mholadh tuilte ag na daltaí agus ag na tuismitheoirí atá ag seasamh ar son chearta oideachais agus ar son chearta teanga sa chás seo agus beidh Conradh na Gaeilge ag tacú leo sna hiarrachtaí seo.’

Dúirt Aideen McCormick, tuismitheoir a bhfuil páistí aici ar Choláiste Lú: ‘Is mór an trua gur gá dúinn sa lá atá inniu ann dul chun sráide chun bunchearta oideachais agus bunchearta teanga ár bpáistí a chosaint. Níl uainn ach an soláthar Gaeloideachais a gealladh dúinn nuair a chuir muid ár bpáistí go Coláiste Lú, mar Ghaelcholáiste, an chéad lá. Tá muid ag iarraidh ar údarais na scoile, ar an Aire Oideachais agus ar na hÚdarais Oideachais eile sa cheantar theacht ar réiteach láithreach chun scolaíocht iomlán trí Ghaeilge a chinntiú arís i gColáiste Lú. Tá sé mar dhualgais ar an húdarais seo ar fad feidhmiú go práinneach agus go héifeachtach chun réiteach sásúil agus láithreach a aimsiú.’

Beidh an agóid ar son ‘Sábháil Coláiste Lú’ ag titim amach Dé Sathairn, 20 Meán Fómhair, ag 12pm, i gCearnóg an Mhargaidh, Dún Dealgan, agus cuirtear fáilte roimh chách bheith i láthair.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.