Skip to main content

Gluaiseacht – Forbairt ar Seó Bóthair Chonradh na Gaeilge fógraithe ag an Aire Stáit Kyne

Tá sé fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil deontas €80,000 do 2019 agus €100,000 do 2020 ceadaithe aige do Chonradh na Gaeilge chun cabhrú leo ‘Gluaiseacht’ a reáchtáil.  Is forbairt í ‘Gluaiseacht’ ar Sheó Bóthair Chonradh na Gaeilge arna maoiniú ag an Roinn ó 2017 i leith.

Tá plean oibre níos leithne leagtha amach ag Conradh na Gaeilge le go mbeidh an tionscadal ‘Gluaiseacht’ in ann freastal go díreach ar bheagnach 19,000 duine óg in 2019 agus 26,000 duine óg in 2020 leis an seó bóthair - ceardlanna idirghníomhacha ina mbeidh an duine óg féin lárnach sa chur chuige, a mheallfaidh, a spreagfaidh agus a chuirfidh ar chumas daoine óga cinntí coinsiasacha a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid agus ról gníomhach a imirt i ngluaiseacht na Gaeilge. Cuirtear béim freisin ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil trí Ghaeilge sna ceardlanna seo.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne:

“Tá obair fíor-thábhachtach ar bun ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre le blianta fada leis an Seó Bóthair, trína gcuirtear os cionn 120 ceardlann ar bun le linn na bliana ar bhonn uile-Éireann.  Anuas air sin, tugann an Seó Bóthair cuairt ar os cionn 80 coláiste samhraidh – d’fhreastail breis is 10,000 dalta ar na ceardlanna seo anuraidh. Cuireann siad 12 cheardlann ar fáil sna hinstitiúidí tríú leibhéal mar chuid de ‘Sheachtain na Mac Léinn Céad Bhliana’ chomh maith. Cuirtear oiliúint ar fáil do na hOifigigh Gaeilge agus do na Cumainn Ghaelacha chomh maith.  Tá béim ar leith á cur sna ceardlanna seo ar fad ar bhuntáistí na Gaeilge agus fostaíocht á lorg ag na daltaí, le cur síos ar chúrsaí tríú leibhéal agus deiseanna fostaíochta le Gaeilge, na deiseanna san Eoraip ach go háirithe. 

“Mar is eol daoibh, tá gealltanas tugtha ag an Rialtas i gCeannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2017 go mbeidh 20% d’fhostaithe nua sa státseirbhís inniúil sa Ghaeilge. Bhí sé le feiceáil nuair a d’fhógair an Lár-Oifig Iontrála líon na bpointí a bhí ag teastáil do chúrsaí tríú leibhéal an tseachtain seo caite go raibh éileamh mór ar chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge.  Ba mhaith linn tógáil air sin  agus is deis iontach don Roinn í ‘Gluaiseacht’ chun daoine óga a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí seo agus tionchar a imirt orthu na hábhair chuí a phiocadh ionas go mbeidh siad in ann cur isteach ar na folúntais amach anseo.”

Tagann an scéal seo ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta anseo.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.