Skip to main content

Ceardlanna raidió le reáchtáil i scoileanna buíochas leis an Ard-Mhéara ?

Scéim Cheardlanna Raidió Gaeilge do scoileanna seolta ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath

Tá scéim seolta ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Nial Ring, le tacaíocht Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le deis a sholáthar d’os cionn 750 dalta scoile páirt a ghlacadh i gceardlanna raidió trí Ghaeilge.

Tugadh cuireadh do 40 mac léinn ó Mheánscoil CBS ar Shráid Synge agus Scoil Chuimsitheach na Tríonóide i mBaile Munna teacht chuig Teach an Ard-Mhéara inniu le freastal ar an seoladh. Reáchtálfar 50 ceardlann i mbunscoileanna agus meánscoileanna i mBaile Átha Cliath mar chuid den scéim nua seo. Is é Raidió Rí-Rá, stáisiún raidió Gaeilge dírithe ar dhaoine óga, a bheidh ag stiúradh na gceardlanna. Cruthóidh na ceardlanna seo deis do dhaltaí Gaeilge a labhairt i suíomh nádúrtha, spraíúil, chomh maith le deis scileanna teicniúla craoltóireachta agus scileanna inaistrithe cumarsáide a fhorbairt.

Le tamall de bhlianta anuas, tá ceardlanna craoltóireachta á reáchtáil ag Raidió Rí-Rá i scoileanna ar fud na tíre.  Tar éis dóibh tabhairt faoi na ceardlanna seo, is minic go dtéann daltaí ar aghaidh le cláir a chraoladh ar Raidió Rí-Rá féin.

Cuireann na ceardlanna béim ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in earnáil na meán Gaeilge, agus sna meáin trí chéile. Go minic ní bhíonn deis ag daltaí an Ghaeilge a úsáid lasmuigh de chomhthéacs an tseomra ranga. Léiríonn na ceardlanna seo beocht nua sa teanga dóibh siúd, agus léiríonn siad an iliomad deiseanna agus buntáistí atá ann dóibh an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid tar éis na scoileanna. 

Reáchtálfar an 50 ceardlann idir anois agus deireadh 2019 i scoileanna ar fud Bhaile Átha Cliath agus i stiúideo Raidió Rí-Rá ar Shráid Fhearchair.

Deir Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Nial Ring:
“Is paisean de mo chuid í an Ghaeilge agus thar na blianta, tá sé tabhartha faoi deara agam gurb é an bealach is fearr í a fhoghlaim ná tú féin a thumadh i dtimpeallacht fhuinniúil, spreagúil agus chruthaitheach le Gaeilge. Is sampla den scoth iad na ceardlanna seo den bhealach inar féidir le daltaí feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus scileanna cumarsáide agus cleasa na hearnála raidió a fhoghlaim.  Tá ríméad ar Chomhairle Bhaile Átha Cliath tacaíocht a chur ar fáil do Raidió Rí-Rá leis na ceardlanna seo a sholáthar. Is deis iontach í do scoileanna Bhaile Átha Cliath agus táim muiníneach go mbeidh na ceardlanna seo mar bhunchloch láidir do chraoltóirí óga agus nua ó Bhaile Átha Cliath.” 

Deir Bainisteoir Raidió Rí-Rá Niamh Ní Chróinín:
“Tá an-áthas orainn bheith anseo i dTeach an Ard-Mhéara ag seoladh ár scéim cheardlanna raidió Gaeilge.  Táim i mbun ceardlanna raidió a stiúradh le cúpla bliain anuas agus tá na buntáistí atá ann do dhaoine óga feicthe agam.  Tugann na ceardlanna muinín do na daltaí cibé Gaeilge atá acu a úsáid, agus sult a bhain aisti. Tá sé mar aidhm ag Raidió Rí-Rá bheith mar an chéad stáisiúin Gaeilge lánaimseartha ag díriú ar dhaoine óga ag craoladh ar FM, mar sin tá ríméad orainn an deis a bheith againn bheith ag obair le go leor daltaí óga agus Raidió Rí-Rá a chur os a gcomhair. Táimid fíorbhuíoch as tacaíocht ar Ard-Mhéara agus táimid ag súil le cuairt a thabhairt ar bhunscoileanna agus meánscoileanna sa cheantar sna seachtainí agus míonna amach romhainn.

Beidh na ceardlanna á reáchtail i scoileanna ar fud Bhaile Átha Cliath agus i stiúideo Raidió Rí-Rá idir anois agus deireadh na bliana 2019.

86559427 05a4 4f43 9bed 2fad4919c129

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.