Skip to main content

Twitter agus Pobal Teanga: Lá na Meán Sóisialta 2019

 

Tapaigh an deis - glac páirt! Inniu Lá na Meán Sóisialta! #LNMS19

Déanann Lá na Meán Sóisialta ceiliúradh ar an nGaeilge ar líne.  Agus 6,700 teanga á labhairt ar líne, tá an Ghaeilge i measc an 100 teanga is mó a labhraítear ar an idirlíon.  Tá fás agus forbairt shuntasach tagtha ar láithreacht na teanga agus gréasáin a labhraíonn an teanga ar líne, chomh maith leis na háiseanna atá ar fáil do chainteoirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge araon. 

I measc imeachtaí eile de chuid Sheachtain na Gaeilge, beidh Lá na Meán Sóisialta á reáchtáil Dé Céadaoin seo chugainn, an 6 Márta.  Ghlac na céadta daoine páirt anuraidh ar líne leis an hashchlib #LNMS19.  Labhróidh painéal d'aíonna speisialta - Michael Darragh MacAuley (peileadóir Átha Cliath), Helen McHugh (Oifigeach Tionscadal Techneolaíochta Technologist, OCBÁC) and Oisín Ó Duinn (Gaelchultúr, Duolingo) ar an lá mar gheall ar láithreacht na Gaeilge ar líne.

Deir an tArd Mhéara Nial Ring;
“Is breá linn imeachtaí Gaeilge a óstáil i dTeach an Ard-Mhéara, agus bíonn fáilte roimh an teanga i gcónaí san ionad seo agus ar fud na cathrach.  Is iontach an fhéile í Seachtain na Gaeilge leis an teanga a chur os comhair an phobail agus le fáilte a chur roimh chainteoirí ar chuile leibhéal - agus is iontach go léiríonn Lá na Meán Sóisialta neart na teanga ní hamháin anseo in Éirinn, ach ar fud an domhain - agus is minic a eascaíonn pobail theanga ón gcomhrá a tharlaíonn ar líne.  Léiríonn sé gur teanga bheo, bhríomhar agus nuálach atá inti.” 
Tá Lá na Meán Sóisialta á reáchtáil mar chuid de sceideal na mórfhéile, Seachtain na Gaeilge le Energia 2019.  Anuraidh, reáchtáladh os cionn 3000 imeacht poiblí, agus táthar ag súil go mbeidh an fhéile níos mó arís i mbliana!  Seoladh an fhéile i mBaile Átha Cliath le painéal cainte le hambasadóirí na féile in ionad Chéibh an Adhmaid ar an 10 Feabhra, agus go hidirnáisiúnta sa London Irish Centre ar an gcéad lá den fhéile, 1 Márta.

Is iad Tracy Clifford, láithreoir le 2fm; Michael Darragh MacAuley, peileadóir Átha Cliath; Sibéal Ní Chasaide, amhránaí ó Ghaeltacht Ráth Chairn; agus Linda Ervine, Oifigeach Forbartha na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, atá ina n-ambasadóirí teanga d'fhéile na bliana seo, agus léiríonn siad na cúlraí agus caidrimh éagsúla a bhíonn ag daoine leis an teanga.

Tá gach eolas maidir le himeachtaí agus clár na féile ar fáil ag www.snag.ie.    Beidh an fhéile faoi lán seoil anois ón 1 - 17 Márta.  Is é Foras na Gaeilge príomh-mhaoinitheoir na féile seo, le tacaíocht breise ó Energia. 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.