Moltaí Óige Éireannaí & Struchtúr don Straitéis 20 Bliain Faoi Chaibidil Ag Lá Eolais na bPolaiteoirí 2012

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta go croíúil roimh na moltaí i dtaca leis an nGaeilge a tháinig chun tosaigh mar thosaíocht ag seimineár comhairliúchán an Uachtaráin Dé Sathairn (17 Samhain 2012) agus tugann cuireadh do pholaiteoirí teacht chuig lá eolais in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath 2 ó 8.00rn - 6.00in Dé Céadaoin, 21 Samhain 2012 leis na moltaí seo agus ceisteanna teanga eile a phlé.

Bhí múineadh na Gaeilge agus deiseanna sóisialta leis an nGaeilge a úsáid i measc na dtosaíochta a foilsíodh san achoimre ar thorthaí ó na ceardlanna An Óige agus an tÉireannachas um dheireadh seachtaine, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne, dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Léiríonn torthaí chomhairliúchán an Uachtaráin Higgins go gcuireann daoine óga Éireannacha an-luach ar an nGaeilge agus tá súil ag ionadaithe an Chonartha agus Ghuth na Gaeltachta araon go dtapóidh ár bpolaiteoirí an deis chun na moltaí seo agus cúrsaí teanga trí chéile a phlé le pobal na teanga ag an lá eolais do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí an Chéadaoin bheag seo."

Arsa Máire Nic Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "Is í An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an plean is tábhachtaí atá curtha le chéile ag an Rialtas i dtaobh na teanga le blianta beag anuas ach mar thír, má táimid dáiríre faoi chosaint agus faoi chur chun cinn na teanga, caithfear struchtúr riachtanach a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobal Gaeilge agus Gaeltachta lena chinntiú go mbíonn dlúthbhaint ag pobal na teanga ar an talamh le gach céim den phróiseas leis an Straitéis a chur i gcrích."

Beidh béim ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóir i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht a thógáil san áireamh sa Bhille um Boird Oideachais agus Oiliúna 2012; agus ar chosaint a thabhairt don Ghaeilge sa chuíchóiriú atá ar siúl san earnáil phoiblí faoi láthair ag an seisiún comhairliúcháin do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells arís i mbliana.

Beidh an lá eolais ar 21 Samhain 2012 ar an gceathrú seisiún comhairliúchán as a chéile atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta do pholaiteoirí Theach Laighean. Beidh deis ag Seanadóirí agus ag Teachtaí Dála dul i mbun comhairle le hionadaithe ó na dáilcheantair éagsúla s'acu féin i dtaca le cúrsaí reatha Gaeilge agus Gaeltachta ag am ar bith idir 8.00rn - 6.00in an Chéadaoin bheag seo.

SONRAÍ TEAGMHÁLA:

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757

Máire Nic Niallais
Urlabhraí, Guth na Gaeltachta
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

BILEOG EOLAIS 2012

GRIANGHRAF INIATA:

Teachtaí Dála Áitiúla ag Lá Eolais Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta 2011

[ó chlé go deas] Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge; Peadar Mac Fhlannchadha, Conradh na Gaeilge; Aire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta Dinny McGinley TD; Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta; agus Dónall Ó Cnáimhsí ag an lá eolais do pholaiteoirí in Óstán Buswells sa phríomhchathair anuraidh, Dé Céadaoin, 01 Meitheamh 2011, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta. Thug an lá deis do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí bualadh le hionadaithe óna ndáilcheantar féin chun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé don tríú bliain as a chéile. Gach eolas: www.cnag.ie | www.guthnag.com

*ROGHA GHRIANGHRAF EILE AR ARD-CHAIGHDEÁN (300 DPI) AR FÁIL Ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. FREISIN*

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.com

Seo an ceathrú bliain as a chéile go bhfuil Lá Eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta le Teachtaí Dála agus Seanadóirí i dTeach Laighean a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. D'éirigh go han-mhaith leis an lá eolais a reáchtáladh anuraidh agus an dá bhliain roimhe sin (01 Meitheamh 2011; 6 Deireadh Fómhair 2010; agus 01 Nollaig 2009), áit gur labhair breis agus 80 TD agus Seanadóir le hionadaithe ó ghrúpaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cúrsaí teanga agus pleanáil sa Ghaeltacht. D'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta lá eolais do Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh ó thuaidh don chéad uair anuraidh chomh maith (25 Deireadh Fómhair 2011).

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge