Skip to main content

Tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge le Energia 2019! ☀

Inniu tús ofigiúil le Seachtain na Gaeilge le Energia 2019.  Beidh an fhéile faoi lán seoil anois ón 1 - 17 Márta.

Anuraidh, reáchtáladh os cionn 3000 imeacht poiblí, agus táthar ag súil go mbeidh an fhéile níos mó arís i mbliana!  Seolfar an fhéile go hidirnáisiúnta anocht sa London Irish Centre le haíonna speisialta agus ceiliúradh do na Gaeil atá ag cur futhu i Londain.

Cuirfear tús leis an gceiliúradh anseo in Éirinn anocht san RDS ag an gcluiche rugbaí, Laighin V Cheetahs. Beidh ábhair le téarmaí rugbaí as Gaeilge a dháileadh ag foireann Sheachtain na Gaeilge le Energia, ionad go mbeidh daoine in ann a gcúpla focal a úsáid ag an gcluiche - agus ag an bPop Up Gaeltacht (deis cúpla deoch a bheith ag daoine agus a gcúpla focal á gcleachtadh acu!) ag deireadh na hoíche sa Laighin Out Bar.  Beidh painéal cainte le roinnt imreoirí ar siúl sa bheár freisin, Q&A dátheangach, a dhéanfar sruthú beo ar ar Facebook.

Is iad Tracy Clifford, láithreoir le 2fm; Michael Darragh MacAuley, peileadóir Átha Cliath; Sibéal Ní Chasaide, amhránaí ó Ghaeltacht Ráth Chairn; agus Linda Ervine, Oifigeach Forbartha na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, atá ina n-ambasadóirí teanga d'fhéile na bliana seo.

Dúirt Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge ag seoladh na féile;
“Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge ocht mbliain ó shin agus ní raibh focal ar bith agam... Thit mé i ngrá leis an teanga! Mholfainn d’éinne an Ghaeilge a fhoghlaim, más féidir liomsa é a dhéanamh is féidir le duine ar bith! Bhí mé ag iarraidh a bheith in ann a rá 'tá Gaeilge agam', gur liomsa í.. Go bhfuil sí mar chuid dom.”

WhatsApp Image 2019 02 18 at 10.39.04

I measc imeachtaí eile, beidh Lá na Meán Sóisialta á reáchtáil Dé Céadaoin seo chugainn, an 6 Márta.  Ghlac na céadta daoine páirt anuraidh ar líne leis an hashchlib #LNMS19.  Beidh scoileanna, coláistí agus grúpaí pobal ó cheann ceann an oileáin agus ar fud an domhain ag glacadh páirte san imeacht sin agus na mílte imeachtaí eile atá eagraithe mar chuid den fhéile.

Deir Amy O' Shaughnessy, Energia;
“Tá riméad orainn tacaíocht agus urraíocht a thabhairt do na himeachtaí iontacha atá beartaithe [mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia] i mbliana. Tá súil agam go n-eireoidh thar barr le Seachtain na Gaeilge i mbliana agus go mbainfidh gach uile duine an-taitneamh aisti.” 

Tá gach eolas maidir le himeachtaí agus clár na féile ar fáil ag www.snag.ie.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.