Skip to main content

An chéad liosta le hainmneacha Gaeilge san áireamh foilsithe ag an CSO

 

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh liosta nua foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, ina bhfuil ainmneacha leis an síneadh fada san áireamh.  Tá na hainmneacha Seán, Éabha, Róisín agus Oisín i measc na n-ainmneacha is mó ar cuireadh ar leanaí i 2018.  Tá an liosta iomlán ar fáil anseo

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
"Cuireann muid fáilte roimh an chéim seo glactha ag an POS go mbeidh ainmneacha leis an síneadh fada san áireamh ina mbunachair.  Tá súil againn go spreagfar eagraíochtaí agus comhlachtaí Stáit ach go háirithe, agus go ndéanfaidh siad na huasdátuithe cuithe le cinntiú go mbeidh ainmneacha Gaeilge litrithe i gceart acu."

Cuireadh brú ar TransportForIreland le déanaí toisc nach raibh síneadh fada ar fáil ar a gcartaí Leap.  Rinneadh gearráin freisin mar gheall ar Iarnród Éireann, agus an FSS - spreag a neamhaird ar an síneadh fada Ciarán Ó Cofaigh a fheachtas #FaighDoFada a thosú ar líne.

 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.