Skip to main content

Rúin Rite, Plé déanta, Seachtain na Gaeilge le Energia seolta, agus an Dr Niall Comer ath-tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge

Conradh na Gaeilge chun iarrachtaí a ghéarú in athuair ar cheisteanna chearta teanga, infhéistíochta, fhorbairt Gaeltachta agus go leor eile

Tá an Dr Niall Comer, leachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh, ath-tofa arís mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag craobhacha agus ag baill de chuid ne heagraíochta ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a tionaladh an deireadh seachtaine seo  in Óstán Four Seasons i Muineachán. Is í seo an tríú huair as a chéile ar ceapadh sa ról é Niall Comer san eagraíocht.

Ar cheapadh ina Uachtarán in athuair dó, dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge: “Is fiú i gcónaí ag an Ard-Fheis súil a chaitheamh ar obair an Chonartha mar atá ar bun le breis agus bliain anuas, óir in amanna déantar dearmad go bhfuil eagraíocht idir ghairmiúil agus dheonach againn agus Craobhacha ar fud na tíre ag obair ar theann a ndíchill chun obair Chonradh na Gaeilge a chur i gcrích. Chuir muid fáilte roimh 14 Craobh nua i mbliana le 3 acu siúd thar lear. An deireadh seachtaine seo phléigh na craobhacha sin rúin agus clár oibre agus feachtasaíochta na heagraíochta don bhliain seo atá amach romhainn. Arís eile beidh iarrachtaí móra ar bun againn chun cearta teanga a bhaint amach agus a láidriú thuaidh agus theas, beidh muid ag díriú isteach ar cheisteanna bhreis-mhaoinithe agus infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus beidh muid ag obair chun ceisteanna mór-thábhachtacha Gaeltachta a ardú agus a bhrú chun cinn mar a dhéanann muid i rith an ama. Is le bród agus le honóir a leanfaidh mé ar aghaidh mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe ar fud na hÉireann agus níos faide anonn as an mhuinín leanúnach a chuireann siad ionam. Is mó an onóir arís dom Gradam an Uachtaráin 2019 a bhronnadh ar an Dr. Pádraig Ó Baoighill as ucht a chuid oibre go léir síos fríd na blianata ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is mór an spreagadh a thug agus a thugann léithidí Phádraig dúinn i gcónaí. Ar aghaidh linn le chéile.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge: “Glacadh le rúin maidir le polasaithe oideachais uile-Éireann, maidir le solathar sain-riachtanais oideachais ó thuaidh agus dár ndóigh maidir le ceist na Gaeilge i dtaobh an Bhreatimeachta agus impleachtaí sa todhchaí ar an teanga. Tá muid ag súil go mór le tabhairt faoin obair bharr-thábhachtach seo i gcomhar leis an phobal sa chéad bhliain eile agus le breis ceart, cothromais agus córa a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Is féidir tuilleadh eolais ar na rúin a ritheadh, mar aon le griangraif ón Ard-Fheis a lorg agus a fhoilsiú ach teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.