Skip to main content

Bliain na Gaeilge 2013 Á Seoladh Go Náisiúnta Le Spraoi Sa Phobal

Scaoilfear 120 balún in áiteanna poiblí ar fud na hÉireann ag 3.00in Dé Domhnaigh, 25 Samhain 2012 ag SPRAOI SA PHOBAL agus Bliain na Gaeilge 2013 á seoladh agus 120 bliain d'athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh.

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893 le bunú Chonradh na Gaeilge, agus tá mar aidhm ag Bliain na Gaeilge na mílte deis úsáide Gaeilge a chur ar fáil don 2 mhilliún den daonra ar an oileán a deir go bhfuil an teanga acu sa lá atá inniu ann. Beidh seoltaí Bhliain na Gaeilge ar bun in Inis, Co. an Chláir; i nDoire; i mBéal Feirste; i nGaillimh; i gCaisleán an Bharraigh agus i nGaeltacht Mhaigh Eo.*

Arsa Naoise Ó Muirí, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath: "Táim an-sásta Bliain na Gaeilge 2013 a sheoladh go hoifigiúil i gcroílár Bhaile Átha Cliath, ó is féile ollmhór ar son na teanga í seo ina mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann."

Dúirt Julian de Spáinn, Eagraí Sheoladh Náisiúnta Bhliain na Gaeilge 2013: "Tá sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid. Táimid ag iarraidh ar gach duine úsáid a bhaint as an nGaeilge lena gcuid cairde, gaolta, comhghleacaithe agus eile i 2013, páirt a ghlacadh sna comórtais a bheidh á reáchtáil do Bhliain na Gaeilge, agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla a luaitear ar www.gaeilge2013.ie."

Tá breis agus 50 eagraíocht teanga agus chultúir eile ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte sa togra teanga tábhachtach seo - leithéidí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4, agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ). Tá áis ar www.gaeilge2013.ie le himeachtaí áitiúla Gaeilge a chlárú agus le teacht ar eolas faoi imeachtaí náisiúnta Bhliain na Gaeilge.

Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais maidir leis an togra ar www.gaeilge2013.ie; ar Facebook ar www.facebook.com/gaeilge2013; nó ar Twitter @gaeilge2013. Tá Foras na Gaeilge ag tacú le Bliain na Gaeilge. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language!

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn
Eagraí Náisiúnta Bhliain na Gaeilge,
Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha,
Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 6546673 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

• Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
• Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
• Glac páirt sna comórtais - tá duaiseanna iontacha le baint amach!
• Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d'fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
• Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
• Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
• Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

*EOLAS AR SHEOLTAÍ BHLIAIN NA GAEILGE TRASNA NA TÍRE:

CO. MHAIGH EO
23 Samhain 2012

Cathain? Meánlae 12.00
Cá háit? Scoil Naomh Aingeal, Caisleán an Bharraigh
Cé? Scoláirí Scoil Naomh Aingeal
Cad? Scaoileadh 120 balún ar 12.00in
Teagmháil: +353 (0)94 90222902

Cathain? 1.00in
Cá háit? Scoil Raifteirí, An Fhaiche, Caisleán an Bharraigh
Cé? Scoláirí Scoil Naomh Aingeal
Cad? Scaoileadh 120 balún ar 12.00in
Teagmháil: +353 (0)94 9024700

Teagmháil: Brídín Ní Cheallaigh, Conradh na Gaeilge, Maigh Eo +353 (0)94 9022444 / +353 (0)87 9781166

CO. AN CHLÁIR
25 Samhain 2012

Cathain? 2.00 - 4.00in
Cá háit? Ionad Siopadóireachta Dunnes Stores, Inis
Cé? Pádraig Ó Dálaigh, Méara Chontae an Chláir
Cad? Lá spraoi agus teaghlaigh; cór agus ceoltóirí ó Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg agus ó Ghaelcholáiste an Chláir ag tabhairt taispeántais; scaoileadh 120 balún ar 3.00in
Teagmháil: Domhnall Ó Loingsigh, An Clár As Gaeilge
+353 (0)87 2760590 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

CO. AONTROMA
25 Samhain 2012

Cathain? 2.30in
Cá háit? Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
Cé? Dónall Mac Giolla Chóill, Aisteoir
Cad? Gléasta i bhfeisteas ar nós de hÍde féin, déanfaidh Dónall Mac Giolla Chóill aithris ar chodanna den léacht The Necessity for De-Anglicising Ireland a thug Dubhghlas de hÍde 120 bliain ó shin ar an 25 Samhain 1892; scaoileadh 120 balún ar 3.00in
Teagmháil: Frainc Mac Cionnaith, Cultúrlann McAdam - Ó Fiaich +44 (0)28 90964180 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

CO. ÁTHA CLIATH
25 Samhain 2012

Cathain? 2.00 - 4.00in
Cá háit? Sráid an Rí Theas, Baile Átha Cliath 2
Cé? Naoise Ó Muirí, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath
Cad? Lá spraoi do theaghlaigh; péinteáil aghaidhe, cluichí, eile; scaoileadh 120 balún ar 3.00in
Teagmháil: Jen Ní Mhathúna, Comhluadar +353 (0)85 7088638 / +353 (0)1 4789191

CO. DHOIRE
25 Samhain 2012

Cathain? 2.40in ag Cearnóg Ebrington
Cá háit? Droichead na Síochána, Doire
Cé? Kevin Campbell, Méara Dhoire
Cad? Siúl chuig Droichead na Síochána; scaoileadh 120 balún ar 3.00in
Teagmháil: Ciarraí Ní Earcáin, Cultúrlann Uí Chanáin +44 (0)78 51228291 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

CO. MHAIGH EO
25 Samhain 2012

Cathain? 3.00in
Cá háit? Timpeallán, Béal an Mhuirthead
Cé? Rós Bhéal an Mhuirthead (a roghnófar ag ócáid ar 24 Samhain 2012)
Cad? Scaoileadh 120 balún ar 3.00in
Teagmháil: Jacqui Uí Mhonacháin, Comharchumann Deirbhile +353 (0)97 85727 / +353 (0)87 9942716

CO. NA GAILLIMHE
25 Samhain 2012

Cathain? 2.00 - 4.00in
Cá háit? Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire (trasna ó Penneys), Gaillimh
Cé? Frank Fahy, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe & Eithne Nic Enrí, Aisteoir, Ros na Rún
Cad? Lá spraoi agus teaghlaigh; péinteáil aghaidhe, cluichí ríomhaireachta le Cúla4, ceol beo; scaoileadh 120 balún ar 3.00in
Teagmháil: Peadar Mac Fhlannchadha, Conradh na Gaeilge, Gaillimh +353 (0)91 567824 / +353 (0)87 9942716

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.