Skip to main content

Ráiteas ó Chonradh na Gaeilge maidir le bogadh HD Global ón Tulach.

Mar ábhar phráinne tá an Conradh ag iarraidh ar an Aire Gaeltachta imscrúdú a thosú chun na cúiseanna a bhaineann leis an athrú seo a fhiosrú. Ach go háirithe, caithfear a fhiosrú an raibh baint ag áisíneacht fostaíochta stáit eile leis an athrú seo.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-ArdRúnaí le Conradh na Gaeilge: "Is cúis buartha é do Chonradh na Gaeilge go bhfuil an comhlacht HD Global Gaeltacht ag bogadh ón Tulach i nGaeltacht Chonamara go cathair na Gaillimhe.

Ní mór a fhiosrú freisin cén stádas atá leis an infheistíocht atá déanta go dtí seo ag Údarás na Gaeltachta agus an féidir aon chuid den infheistíocht a fháil ar ais.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta bualadh láithreach le pobal na háite agus tús a chur le próiseas chun gnólachtaí eile a mhealladh chomh fada leis an gceantar agus chun poist eile a chruthú. Mura dtarlaíonn amhlaidh cuirfear arís eile leis an mbánú tuaithe atá ag tarlú sa Ghaeltacht.

Léiríonn an eachtra seo freisin an gá chun an plean infheistíochta don Ghaeltacht agus na Gaeilge a mhaoiniú agus a chur i gcrích láithreach."

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.