Skip to main content

Fáiltiú roimh mhaoiniú breise don Ghaeilge agus Gaeltacht – toradh ar stocaireacht an phobail

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhógra an Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne TD, go bhfuil €1.5 milliún breise curtha le buiséad na Gaeilge, Gaeltacht, oileán agus an Foras Teanga do 2019. Ciallaíonn sé seo gur ardú 10% a bheidh ar an mbuiséad seo anois, ardú a bheidh ag teacht leis an ardú a bhfuair an Chomhairle Ealaíon. Fágann sé seo, áfach, go bhfuil éagothromas fós ann maidir leis na rannóga eile sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, áit a bhfuair an rannóg Chultúir méadú 14% agus an rannóg Oidhreachta méadú 15%.

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, An Dr. Niall Comer:
“Cúis dóchais dúinn go raibh an Taoiseach, Leo Varadkar TD, agus tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne TD, toilteanach glacadh leis an chomhairle ó Chonradh na Gaeilge agus leis an éileamh ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go ginearálta go gcuirfear maoiniú breise ar fáil don bhliain 2019. Léiríonn gach taighde an tsáinn ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta agus tá sé riachtanach go gcuirfear maoiniú breise ar fáil don Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin cuireann muid fáilte faoi leith roimh an leathmhilliún breise atá ceadaithe do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta. Cuirfidh an t-ardú seo, mar aon le maoiniú atá ceadaithe le déanaí ó Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe na Roinne Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus ón gCiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí d’fhorbairt  Pháirc na Mara i gCill Chiaráin go mór le forbairt na Gaeltachta.

Mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge gabhaim buíochas go háirithe leis na grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre atá i mbun stocaireachta leanúnacha chun maoiniú ceart a bhaint amach. Leanfaidh an Conradh ar aghaidh ag obair leis na pobail seo sa bhliain romhainn.”

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn:
“Leis an maoiniú méadaithe do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta, maoiniú a bhain le 2017, maoiniú ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe na Roinne Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus ón gCiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí go mbeidh €14.5 milliún le caitheamh ag an Údarás in 2019. Cuireann muid fáilte freisin roimh an €750,000 breise atá le caitheamh ar Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga Roinn na Gaeltachta, agus an €250,000 breise atá le caitheamh ar chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Is céimeanna tábhachtacha iad seo i dtreo fheidhmiú an Phlean Infheistíochta don Ghaeilge agus Gaeltacht, plean atá aontaithe ag breis agus 90 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag comhordú an fheachtais seo lena chinntiú go mbainfear spriocanna an phlean seo amach.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.