Skip to main content

'Cá bhfuil na múinteoirí Gaeilge?'


Baileoidh Conradh na Gaeilge, AMLÉ agus mic léinn na tíre le chéile ag Teach Laighean inniu.

Inniu, Déardaoin 13 Nollaig, éileoidh Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn Éirinn ar an Aire Oideachais Joe McHugh tacaíocht a chur ar fáil do na hábhair oidí. Baileoidh siad le chéile ag Teach Laighean ag 1i.n. in éineacht le múinteoirí agus mic léinn na tíre. 

Mar chuid riachtanach den chúrsa oideachais, bíonn ar ábhair oidí tréimhsí a chaitheamh sa Ghaeltacht. Faoi láthair, íocann múinteoirí bunscoile faoi oiliúint thart ar €750 le tabhairt faoi chúrsa coicíse amháin sa Ghaeltacht. Níl costas taistil nó ábhair clúdaithe sa phraghas sin. Seo costas anuas air táillí ollscoile €3000 in aghaidh na bliana agus gan íocaíocht ar bith don obair a dhéanann siad ar shocrúchán scoile. 

Is cuid ríthábhachtach d'aon chúrsa oideachais é tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht le hardchaighdeán na teanga a shealbhú, dar le Conradh na Gaeilge, ach is minic a chuireann na costais breise seo bac ar mhic léinn tabhairt faoi na cúrsaí múinteoireachta. Le dul i ngleic le géarchéim na múinteoirí Gaeilge, caithfidh an rialtais an deontas seo a thabhairt ar ais. 

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge: Níl aon leithscéal ann don Rialtas gan táillí Gaeltachta na n-ábhar oidí a bhaint, mar a bhí ann roimh an gcruachás sa gheilleagar. Is ceist tosaíocht í don Rialtas agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais Joe Mc Hugh, TD, fear atá tiomanta do spreagadh foghlaim na Gaeilge, an beart a dhéanamh agus cothrom na féinne a thabhairt do na hábhair oidí. Creideann an Conradh go spreagfadh an beart seo na mic léinn agus iad ag foghlaim agus ag cleachtadh na Gaeilge mar chuid riachtanach dá gcúrsa tríu leibhéal.

Deir Síona Cahill, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn: Is ualach mór é na táillí Gaeltachta ar na ábhair oidí. Bíonn ar mhúinteoirí meánscoile dhá mhí a chaitheamh ina gcónaí sa Ghaeltacht, fad is bhíonn ar mhúinteoirí bunscoile ar a laghad dhá tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tógann sé seo an-chuid ama ó poist páirt-aimseartha na múinteoirí i rith an tsamhraidh, am a bhíonn siad ag sábháil airgid don bhliain acadúil. Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag éileamh go dtabharfad ar ais an deontas Gaeltachta láithreach mar gheall ar an mbrú airgeadais a bhíonn ar na hábhair oidí agus is iad na daltaí atá acu a bhíonn ag fulaingt sa deireadh.

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.