Skip to main content

Ollchruinniú na gCumann Gaelach 2012

Beidh an deireadh seachtaine traenála is mó do Chumainn Ghaelacha agus d'Oifigigh Ghaeilge na n-institiúidí tríú leibhéil sa tír á reáchtáil don séú bliain as a chéile ó 12 - 13 Deireadh Fómhair 2012, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn i bpáirt le Comhluadar agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge, le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus ó Fhoras na Gaeilge.

Arsa Peadar de Blúit, Leas-Uachtarán na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ): "Freastalaíonn suas go 100 mac léinn ar an seisiún traenála gach bliain toisc go mbíonn comhairle den chéad scoth á cur ar fáil ag daoine atá taithí na mblianta acu ag saothrú in earnáil na Gaeilge, agus beidh seisiúin faoi leith á reáchtáil le hiar-rúnaí, iarchathaoirleach agus iarchisteoir i mbliana, ag díriú ar na poist éagsúla ar choiste an Chumainn Ghaelaigh."

Sa bhreis ar na ceardlanna saineolais i dtaca le cúrsaí Gaeilge, scaiptear sonraí teagmhála na gCumann Gaelach agus na nOifigeach Gaeilge ar gach duine a ghlacann páirt sa deireadh seachtaine traenála, chun gur féidir le coistí agus oifigigh na nAontas obair a dhéanamh ar son na Gaeilge as lámha a chéile i rith na bliana.

Arsa Aodhán Ó Deá, Comhairleoir na Mac Léinn: "Is mór an dul chun cinn atá feicthe againn ar an obair stocaireachta, ar na feachtais náisiúnta agus ar na himeachtaí Gaeilge sna hinstitiúidí éagsúla tríú leibhéal le blianta beaga anuas mar thoradh ar an traenáil arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn i bpáirt le Comhluadar agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Tá an réabhlóid ag teacht!"

Tá grúpa dúnta cruthaithe ar Facebook mar fhóram plé agus eolais do na hOifigigh Ghaeilge agus do choistí na gCumann Gaelach ar fad freisin, áit gur féidir leis na baill ó na coláistí éagsúla póstaeir d'imeachtaí, smaointe agus eolas ginearálta a roinnt le chéile. Cuireann Comhordaitheoir na Mac Léinn tacaíocht dearthóireachta ar fáil más mian le Cumann Gaelach póstaer samplach ón ngrúpa Facebook a chur in oiriúint dá imeacht féin.

Fáilteofar roimh ionadaithe ó Chumainn Ghaelacha na n-institiúidí éagsúla ag seisiún eolais agus aithne i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ag 6.30in tráthnóna Aoine, 12 Deireadh Fómhair 2012, áit go mbeidh sólaistí agus aoichainteoir speisialta ag labhairt ar an mbuntáiste a thug an Ghaeilge dóibh ina saol féin. Reáchtálfar Club Rí-Rá i gcomhar leis an gcairtstáisiún óige Raidió Rí-Rá i gClub Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair oíche Aoine; is ann a bheidh bearbaiciú i ndiaidh na traenála oíche Shathairn chomh maith.

Beidh ceardlanna cumasaithe ar chúrsaí poiblíochta, ar chearta teanga, ar chomórtas tríú leibhéal agus ar aistriú teanga chomh maith le conas imeacht a eagrú, Seachtain na Gaeilge agus feachtais Ghaeilge náisiúnta idir lámha ag na mic léinn ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Dé Sathairn, 13 Deireadh Fómhair 2012.

Cuirfear lón ar fáil in aisce do rannpháirtithe agus tá líon áirithe lóistín á chur ar fáil do na mic léinn ag teacht ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ach ní mór áit a chur in áirithint don traenáil roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le hAodhán Ó Deá ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. faoin Máirt, 09 Deireadh Fómhair 2012.

TUILLEADH EOLAIS:

Peadar de Blúit
Leas-Uachtarán na Gaeilge,
Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ)
+353 (0)83 143 4405 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Aodhán Ó Deá
Comhordaitheoir na Mac Léinn
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)86 3102691

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Is é Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) an t-aon chomhlacht ionadaíoch náisiúnta do mhic léinn in Éirinn. Bunaithe i 1959, déanann AMLÉ ionadaíocht thar cheann níos mó ná 250,000 mac léinn ó bhreis agus 40 coláiste ar fud na hÉireann sa lá atá inniu ann. www.usi.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is í an fhís atá ag Glór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse den saol trí réimse comórtas i gcur chun cinn na Gaeilge a reáchtáil idir phobail éagsúla ar fud na tíre. Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain trí choincheap an chomórtais phoiblí, agus is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála, an t-aon chóras pleanála i leith na teanga a fheidhmíonn in Éirinn. www.glornangael.ie

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn, agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla gach mí. www.comhluadar.ie

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá sé le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, ar ghutháin Nokia, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone, ar ghutháin Android trí TuneIn, agus ar an gcóras DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge. Tá sé mar sprioc ag Rí-Rá go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM agus DAB. www.rrr.ie

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a ritear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an fhéile sa bhliain 1902. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Reáchtálfar féile na bliana seo chugainn ó 4 - 17 March 2013 mar chuid den cheiliúradh Bliain na Gaeilge agus Tóstal Éireann 2013. www.snag.ie

Is lár-ionad comhluadair agus siamsaíochta na Gaeilge sa phríomhchathair é Club Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Bíonn an béar ar oscailte do chách 6 oíche in aghaidh na seachtaine agus is ann a bhíonn cuid mhaith imeachtaí Gaeilge ar siúl, idir Oíche na Mac Léinn, sheoladh leabhar, chiorcail chomhrá agus sheisiúin cheoil. Tá gach aon eolas faoin gclub ar fáil ar-líne: www.anclub.ie

Bunaíodh Comhar na Múinteoirí Gaeilge i 1964. Feidhmíonn an eagraíocht mar thaca agus mar fhoinse threorach do mhúinteoirí uile na tíre atá ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge, ina gcuid iarrachtaí chun cur lena ngairmiúlacht féin agus chun feabhas a chur ar shiollabais agus ar fhoghlaim na Gaeilge. Chuige seo foilsítear acmhainní éagsúla teagaisc agus cuirtear seirbhísí gairmiúla ar fáil i bhfoirm seimineár agus cúrsaí. www.cnmg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.