bliain na gaeilge 2018

Ceist na Gaeilge curtha ag Conradh na Gaeilge ar na hIarrthóirí Uachtaránachta

Reáchtálfar an díospóireacht dheireanach idir iarrthóirí thoghchán na hUachtaránachta anocht ar Prime Time RTÉ, agus go dtí seo is beag trácht atá déanta ag na hiarrthóirí, ag láithreoirí ná ag reachtairí na ndíospóireachtaí seo ar chás na Gaeilge. Tá ceisteanna na Gaeilge anois ardaithe ag Conradh na Gaeilge leis na hiarrthóirí.

Cuireadh na Ceisteanna seo a leanas ar na hiarrthóirí ar fad:
1. Cén bheartas atá agat chun comhionannas a thabhairt don Ghaeilge san Uachtarántacht
2. Mura bhfuil Gaeilge agat, an bhfuil tú chun í a fhoghlaim? agus cén spriocdháta atá agat leis seo a bheith déanta?
3. Mar Uachtarán, cén tacaíocht a thabharfaidh tú don Ghaeilge sa tsochaí (i gcúrsaí oideachais, sa státchóras, sa saol ar fad)?
4. An mbeidh tú sásta a bheith rannpháirteach i bhfeachtas chun an pobal a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid níos mó?
5. Cén fís atá agat do thodhchaí na Gaeilge?

Níor fhreagair ach triúr na ceisteanna - Liadh Ní Riada, Sean Gallagher agus Micheál D. Ó hUiginn

Deir Liadh Ní Riada;
“Is í an Ghaeilge príomh-teanga na tíre seo, agus tá sí mar chuid dár bhféiniúlacht.

Tá tabhacht lárnach ag an nGaeilge i dtaobh oifig Uachtaráin na hÉireann agus ba cheart bheith soiléir go bhfuil tús áite ag an leagan Gaeilge den mBunreacht. Tá impleachtaí dlíthiúla agus polaitiúla dáiríre i gceist le seo maidir le léirmhiniú an bhunreachta. Maraon le seo is í an Ghaeilge céad teanga ag go leor daoine agus teaghlaigh sa tírseo, thuaidh agus theas, agus tá sé mar sprioc agam freastal orthu agus a gceart a thabhairt dóibh i dtaobh agus cearta teanga.

Úsáidfidh mé an Ghaeilge ag gach ócáid stáit, beidh gach rud a chuirim i glcó mar Uachtarán go hiomlán dá-theangach, tabharfaidh mé óráid Nollag as Gaeilge, agus ní chuirfidh mé m’ainm, mar Uachtarán, le aon píosa reachtaíocht nach bhfuil eisithe i nGaeilge.

Tá an t-adh liom go bhfuil Gaoluinn ársa na Mumhan agam ón gcliabhán. Is cuid lárnach do mo phearsantacht agus mo fhéiniúlacht í an teanga agus an oidhreacht a bhaineann leí.

Déanfaidh mé cinnte go bhfuil an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ag gach ócáid stáit lena mbaineann oifig an Uachtaráin. Tabharfaid mé cuairteanna ar an Oireachtas gach bhliain, agus ar scoileanna, coláistí agus gnólachtaí Gaelachta i rith na bliana. Tabharfaidh mé tacaíocht do Sheachtain na Gaeilge, agus déanfaidh mé céiliúradh orthu siúd a bhfuil ag tógaint clainne le Gaeilge.

Cinnte, beidh mé. Tá togra Uachtarántachta beartaithe agam faoin teideal ‘Dúshlán an Uachtaráin’ nó ‘Dúshlán: The Presidents Challenge’ a tabharfaidh dúshlán, spreagadh, tacaíocht agus aitheantas dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt, nó ag iarraidh chur lena gcumas sa teanga.

Is teanga beo í an Ghaeilge atá ag fás agus ag forbairt ar fud na tíre, in ainneoin an domhandú, uileláithreacht an Bhéarla, agus neamhaird rialtais na hÉireann. Is teanga pobail í ní amháin sa Ghaeltacht ach i go leor pobail nua atá ag fás i gceantracha uirbeacha. Teastaíonn uaim tacú leis an bhfás agus an forbairt seo mar Uachtarán nua, forásach agus bríomhar.

Is bean ón nGaeltacht mé agus tá ard-mheas agam ar mhuintir na Gaeltachta agus a gcultúr agus a n-oidhreacht. Tá na pobail Gaeltachta mar tobar saibhreas ár dteanga. Teastaíonn uaim an saibhreas teanga agus oidhreachta seo a leathnú amach ar fud na tíre. Teastaíonn uaim mo chuid a dhéanamh chun cabhrú le athbheochan na Gaeilge a bhaint amach mar chuid do m’fhís don tír; Éire nua,aontaithe, neamhspleách, forásach a bhfuil muinín aici inti féin agus ina teanga dúchasach.”

Deir Seán Gallagher;
The status of the Irish language is set out in the Irish Constitution. Article 8 states that The Irish language as the national language is the first official language. If elected President, as guardian of the Constitution, I will promote and support our language at every available opportunity.

I am not fluent in the language; however I would hope that the good foundations which I was given throughout primary and secondary school, where I received an honour in honours level Irish, would come back to me, and with a little extra effort and some good teaching I could become more fluent in the language. I am committed to furthering my proficiency and if elected I will initiate a ‘Foghlaim Leis an Uachtarán’ programme whereby, I will invite every citizen, regardless of proficiency level or country of birth , to join me on a learning journey so we can spread the growth of the Irish language together.

Since finishing secondary school I’ve not had much opportunity to use the Irish language in my business and working life. Now, as a father of two small children Trish and I try as much as possible to use a ‘cúpla focal’ in our day to day lives at home. I believe that in committing to ‘Foghlaim Leis an Uachtarán’ and by asking all citizens to join me, regardless of proficiency or nationality, it would not only promote the language but encourage inclusivity and foster friendships.

Absolutely, my plan for ‘Foghlaim Leis an Uachtarán’, is that every citizen, regardless of nationality or proficiency level, will be encouraged to join me on a learning journey, where we can all undertake to improve our proficiency together.

Since the foundation of the State, the Irish language has been a huge part of who we are and our unique identity. I take pride in the status of the Irish language and the role it plays in our heritage and culture. I am proud that Irish is a recognised language within the EU, but am disappointed that we don’t use the language in our daily lives. My vision is that we continue to enhance its status and to acknowledge its important standing in our constitution, working together to use our language throughout the country and not just in specific Gaeltacht areas.

Deir Micheál D. Ó hUiginn;
Labhraím Gaeilge i ngach óráid phoiblí, is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach gnáthrud a dhéanamh de. Go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil go minic is go flúirseach ag ócáidí poiblí. Chomh maith leis sin, tugaim óráidí as Gaeilge. Is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach a bheith ag plé go fóinteach leis na meáin Ghaeilge agus déanaim mo dhícheall anseo. Cuireann Áras an Uachtaráin preasráitis as Gaeilge amach chomh maith.

Tuigim go bhfuil gá an Ghaeilge a chaomhnú sna Gaeltachtaí mar theanga dhúchais ach ní mór dúinn féachaint chomh maith ar na tacaíochtaí atá ag teastáil ó na ceantair seo. Ba cheart go mbeadh na deiseanna céanna ag muintir na Gaeltachta is atá in aon áit eile sa tír. Nuair a labhraím ar phobail láidre inmharthana táim ag labhairt chomh maith ar na cineálacha gníomhaíochtaí a chuireann jabanna fiúntacha ar fáil, chomh maith le slándáil an teaghlaigh agus meas ar ár gcomhshaol nádúrtha a chur chun cinn.

Tá sí i gcroílár ár n-aitheantas agus ár gcultúr. Baineann an Ghaeilge linn go léir. Is mian liom leanúint le daoine a mhealladh chun na Gaeilge agus cuireadh a thabhairt dóibh í a cheiliúradh inár dteannta.
Bhí ceiliúradh againn san Áras agus cuireadh tugtha do scoláirí, aistritheoirí, riarthóirí, léiritheoirí, iriseoirí, Ambasadóirí Bhliain na Gaeilge, státseirbhísigh, agus ceoltóirí, scríbhneoirí, múinteoirí, ealaíontóirí, foilsitheoirí agus eile. Bhí daoine linn atá ag obair san earnáil phríobháideach, san earnáil dheonach agus sa státchóras chomh maith le muintir na Gaeltachtaí agus iad siúd atá ag cur na Gaeilge chun cinn sa Ghalltacht. Is gá dúinn ár n-aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin atá romhainn i gcónaí maidir leis an teanga.

D’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge i gCúige Mumhan ach tar éis dom socrú síos i nGaillimh d’éirigh mé níos mó i ngrá léi mar theanga.
Anois táimid ag feiceáil iarrachtaí atá nuálach, cruthaitheach agus spraíúil á gcur chun cinn chun an Ghaeilge a cheiliúradh agus a chur ar fáil dóibh siúd atá ag foghlaim. Ardaíonn sé mo chroí nuair a chloisim daoine ag tabhairt faoi. Á labhairt agus á foghlaim. Is cuma mura bhfuil acu ach focal. Nuair a mhúsclaítear spéis inti is féidir léi draíocht a chur ar dhaoine.

Tá nuálaíochtaí teicneolaíochta ag cabhrú go mór le daoine a mhealladh chun na Gaeilge, í a fhoghlaim agus rannpháirteachas cultúrtha i ngníomhaíochtaí cultúir a neartú. Ba cheart dúinn tacú leis na slite nua atá ann chun an teanga a cheiliúradh agus a úsáid.

Tuigim go bhfuil Gaeilgeoirí ní hamháin sna Gaeltachtaí ach i gceantair eile chomh maith. Tacaím go mór leis na pobail seo cosúil le pobal Chluain Dolcáin. Téann sé go mór i bhfeidhm orm nuair a chloisim faoi shaoránaigh nua atá ag déanamh iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé tábhachtach go mbeimis tuisceaneach dóibh agus iad ag foghlaim den chéad uair. Tá sé tábhachtach go mbeadh an deis ag gach duine páirt a ghlacadh. Go mbeadh gach deis rompu agus rannpháirteachas cothrom againn.

Bhí bunú TG4 nó Teilifís na Gaeilge, mar a tugadh air ar an gcéad dul síos, ar cheann de na héachtaí is fiúntaí agus is seasmhaí a rinne mé le linn mo shaoil pholaitiúil mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Bhí sé ar intinn agam ardán agus guth a thabhairt dár dteanga dhúchais.

I mo shaol ar fad, glacaim go bhfuil sé mar cheart bheith in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa stát seo agus tréaslaím leo siúd atá ag obair gach lá le cur chun cinn na teanga a neartú.
Sna seacht mbliana atá le teacht, beimid ag súil tosú le Comhpháirtíocht agus leis an athnuachan atá ag teastáil inár n-institiúidí chomh maith.

Bhí ról, nach beag, ag Uachtaráin na hÉireann i gcur chun cinn na Gaeilge chomh fada siar leis an gcéad Uachtarán, Dubhghlas de hÍde. Ceannródaí na hAthbheochana a bhí mar chathaoirleach ar an gcruinniú i mí Iúil 1893 nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge.

Is mian liom leanúint le daoine a mhealladh chun na Gaeilge. I mo shaol ar fad, glacaim go bhfuil sé mar cheart bheith in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa stát seo agus tréaslaím leo siúd atá ag obair gach lá le cur chun cinn na teanga a neartú.

I mbliana bhí an-áthas orm a bheith mar phátrún ar “Bliain na Gaeilge” agus sinn ag ceiliúradh 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge in Éirinn agus an chéad Léacht Dhubhghlas de hÍde a thabhairt.

Tacaím go mór leis na himeachtaí seo a thugann deis dúinn an teanga a chur chun cinn agus teacht le chéile. Leithéidí Pop-Up Gaeltacht agus Motherfoclóir, meallann siad daoine thar an teorainn agus tugtar cuireadh dóibh Gaeilge a úsáid.

Tugtar léargas níos fearr ar an meon Éireannach trí mheán ár dteanga dúchais.
Tá muid réidh anois leis an gcéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fhís bheo na hathbheochana, ‘sé sin úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chraobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Ní gá dom a rá ach go bhfuil gach éinne sa phobal seo ag tabhairt faoin obair seo cheana féin.

Tá an Ghaeilge beo sna Gaeltachtaí agus lasmuigh de na Gaeltachtaí. Sna naíonraí, sna gaelscoileanna agus sna meáin, ar na stáitsí is ar na sráideanna. Le TG4 agus Raidió na Gaeltachta, ár gcóras oideachais, nualitríocht fholláin, áiseanna teicneolaíochta agus foghlamtha, tá níos mó deiseanna againn ná mar a bhí riamh.

Tá sé soiléir go bhfuil dúshlán faoi leith roimh na pobail Gaeltachta agus gur gá, agus gur féidir linn níos mó a dhéanamh ar a son. Caithfimid cur ina luí ar gach duine go mbeidh fáilte rompu pé méid Gaeilge atá acu a úsáid, agus go bhfuil sé de cheart ag Éireannaigh, agus iad siúd a thacaíonn leo, an Ghaeilge a chloisteáil á húsáid. Is féidir linn áit lárnach a thabhairt don Ghaeilge in ár saolta laethúla, ach is fúinne mar phobal atá sé an beart a dhéanamh.
_________

Níor thug na hiarrthóirí eile freagraí ar na ceisteanna seo go fóill.

Beidh freagraí na n-iarrthóirí eile curtha in airde de réir mar a thagann siad chugainn.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge