bliain na gaeilge 2018

Níl cothromaíocht le feiceáil sa cháináisnéis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Cé go gcuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an airgead breise atá curtha ar fáil sa Cháinaisnéis a fógraíodh inniu (Dé Máirt) de thart ar €3 mhilliún a bhaineann le míreanna aitheanta i bPlean Infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta atá aontaithe ag 90 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, ní leor an mhéid seo de mhaoiniú breise agus ní thugann sé cothrom na féinne do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is maith é go mbeidh maoiniú sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta agus do scéimeanna eile Gaeilge - na lárionaid Ghaeilge thart timpeall na tíre, an phleanáil teanga, scoláireachtaí Gaeltachta do pháistí ó scoileanna DEIS, agus deontais na gComharchumann Pobal Gaeltachta ina measc. Lasmuigh de na héilimh sa phlean, is maith é freisin go mbeidh €1.5m á chaitheamh ar infreastruchtúr taistil ar Thóraigh agus Árann. Ach ní leor an méadú geallta agus is iomaí rud luaite sa phlean infheistíochta nach bhfuil maoiniú á chur ar fáil lena haghaidh.

Deir an Dr. Niall Comer, Uachtarán an Chonartha  go bhfuil “díomá ar Chonradh na Gaeilge nár ghníomh an Taoiseach, Leo Varadkar, TD, a dhóthain go fóill ar an gcás a cuireadh os a chomhair i mí an Mheithimh nuair a rinneadh soiléir go raibh slad déanta ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 2008 agus nach raibh cothrom na féinne tugtha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sna haisiompuithe ar chiorruithe déanta ag an Rialtas seo le ceithre bliana anuas.”

“Bhí gá le €9m sa Chaináisnéis seo le cothrom na féinne a léiriú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Aithníonn Conradh na Gaeilge an t-ardú buiséid atá á chur ar fáil, ach tá géarchéim sa Ghaeltacht, agus seirbhísí á mbaint ó na pobail sna ceantair sin. Tá sé thar am ag an Rialtas tuilleadh freagrachta a ghlacadh agus na hacmhainní iomlána, cearta a chur ar fáil leis na pobail seo a gcosaint.


Dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
;

“Léiríonn an buiséad seo, níos mó ná riamh, an gá atá ann le hAire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht laistigh den Rialtas.  Tá an réamhobair déanta agus le feiceáil sa phlean infheistíochta – níl le déanamh ag an Rialtas ach an plean a mhaoiniú.  Tá móramh na dTeachtaí Dála ag aontú gur chóir an plean a mhaoiniú.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach Leo Varadkar crioscaíl a dhéanamh agus cruachás phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a réiteach tríd an bplean infheistíochta a mhaoiniú ina n-iomláine faoi phróiseas meastachán athbhreithnithe na Cáinaisnéise, infheistíocht a chruthóidh breis is 1,150 post agus a chuirfidh iliomad deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal trí chéile.”

Dokf8lMX0AAXr5a

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge