Skip to main content

Éilíonn Conradh na Gaeilge tacaíocht phráinneach & soláthar sásúil do Bhunscoil an Traonaigh gan a thuilleadh moille

n_1000_Screen_Shot_2018-06-21_at_17.22.29.jpg

Léiriú eile ar an ghéarghá le hAcht Gaeilge chun pobal na Gaeilge a chosaint

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh thorthaí fhiosrúcháin The Detail Meon Eile a foilsíodh inniu (4 Iúil 2018) maidir le soláthar suímh agus moladh forbartha do Bhunscoil an Traonaigh i Lios na Scéithe, Co. Fhear Manach. Tugtar le fios mar chuid de scéal eisiach The Detail Meon Eile gur cosúil go raibh iarrachtaí ar bun cosc agus moill d’aon ghnó a chur ar fhorbairt na scoile, agus ar aistriú an tsuímh tógála a gealladh don scoil roimhe sin. Léirítear ann fosta teip an Aire Peter Weir agus na Roinne Oideachais i dtaobh a bpolasaithe féin maidir le hathdháileadh suíomhanna oideachasúla agus an dualgas reachtúil atá orthu i dtaobh fhorbairt na Gaelscolaíochta.

Deir Pádraig Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cumarsáide & Cosanta Teanga le Conradh na Gaeilge:

“Tagann na gníomhartha diúltacha cúlchéimnitheacha sna sála ar shraith fhada d’ionsaithe ón DUP ar an Ghaeilge agus ar Ghaelscolaíocht, ar nós Líofa, scrios na Gaeilge ó shuíomh dátheangach na Roinne Oideachais, mar aon le maoiniú a baineadh de na hionaid chothaithe, i measc rudaí eile. De réir an eolais atá curtha ar fáil ag The Detail & Meon Eile, tá codarsnacht mhór ann maidir le gníomhartha an iar-Aire agus an dóigh shoiléir, dhearfach ar phléigh an scoil leis an chás ón tús, i dtaobh stocaireachta ar na rannpháirtithe leasmhara cuí i rith an ama. Ní iarratas mór é go gcuirtear an dlí agus polasaithe na Roinne i bhfeidhm ar bhonn leanúnach agus cothrom. Is fiú a rá fosta, áfach, go bhfuil go leor talaimh ann chun freastail ar na hiarrthóirí ar fad a mbaineann an scéal seo leo. Tá sé de dhualgas ar an Roinn Oideachais anois an cás seo a réiteach agus athlonnú na scoile ar an suíomh a ghealladh dóibh a chur i gcrích gan a thuilleadh moille.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:

“Tá dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais “forbairt na Gaelscolaíochta a chothú agus a chur chun cinn”. Is é tuairim Chonradh na Gaeilge go léiríonn an tuairisc seo teipeanna móra maidir leis an dualgas seo. Ní mór do na páirtithe ar fad gníomhú anois chun cuidiú agus tacú leis na páistí seo i mBunscoil an Traonaigh, páistí ar fágadh ar an imeall iad gan an soláthar cuí le fada an lá. Ní féidir go leanfaí leis na hionsaithe seo a thuilleadh. Is de dheasca cinntí den chineál seo a tháinig an feachtas ar son Acht Gaeilge chun tosaigh. Ní mór anois reachtaíocht cheart-bhunaithe a chur i bhfeidhm a dhéanfadh cosaint láidir ar an Ghaeilge agus ar dhaltaí Gaelscoile, reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana féin ar fud na n-oileán seo.

Is féidir scéal Meon Eile a léamh anseo: http://www.meoneile.ie/nuacht/foirgneamh-bunscoile-ag-titim-as-a-cheile-mar-gheall-ar-mhoill-agus-achrann-polaitiuil-agoid-dhlithiuil-beartaithe-i-gcoinne-na-roinne-oideachais

Is féidir scean The Detail a léamh anseo: http://www.thedetail.tv/articles/legal-challenge-as-delays-and-political-wrangling-leave-irish-medium-school-buildings-falling-apart

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.