bliain na gaeilge 2018

Tuairisc: Cruinniú idir Chonradh na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, Bealtaine 2018

Cruinniú idir Chonradh na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta

De Luain 21 Bealtaine

 

1. Cáinaisnéis 2019 – Éileamh Údarás na Gaeltachta

Thug Údarás na Gaeltachta le fios go raibh tograí fiontraíochta réidh acu le tabhairt faoi láithreach dá mbeadh an €12 Milliún a bhí luaite leo i bplean forbartha 2040 an Rialtais ar fáil dóibh don bhliain 2019.

2. Cur chuige comhtháite chun an t-éileamh seo a bhaint amach

Aontaíodh go leanfar leis an bhfeachtas stocaireachta a bhí ar siúl le blianta beaga anuas chun cur le maoiniú an Údaráis. Tá an tÚdarás chun uasdhátú a dhéanamh ar an eolas maidir leis an bhfostaíocht bhreise a chruthófar ach an maoiniú seo a bheith ar fáil. Leanfaidh Conradh na Gaeilge leis an gcomhordú ar an mbreis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta atá ag tacú leis an obair seo.

 

3. Éilimh ó Choistí Pleanála Teanga

Maoiniú:

  1. Go ndéanfaí maoiniú ceart ar na pleananna teanga de réir na costála atá déanta ag na coistí pleanála teanga ar iarr an maoinitheoir orthu sin a dhéanamh. Má tá ceist faoin gcostáil atá déanta ag coiste pleanála teanga, pléitear sin leis an gcoiste sin seachas neamhaird a dhéanamh den chostáil agus diúltú dó gan phlé. Caithfear a chur san áireamh an baol a chuirfeadh glacadh le maoiniú nár leor chun plean teanga a chur i gcrích mar má theipeann ar chur i bhfeidhm plean teanga gur féidir an stádas Gaeltachta a bhaint den LPT i gceist;

Tugadh le fiosgo bhfuil maoiniú breise le tabhairt do roinnt ceantair pleanála teanga bunaithe ar  threoir a bhí leagtha amach i litir a sheol An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chuig na Ceanneagraíochtaí ar an 21/12/2017. Tugadh le fios go bhfuil critéir incháilithe atá leagtha síos maidir le buiséad breise de €50,000 a bheidh ar fáil do 5 LPT a shásaíonn trí chinn as na critéir cháilithe a leanas:

  1. Achar an LPT a bheith os cionn 200km2

  2. Daonra an limistéir níos sine ná trí bliana d’aois os cionn 5,000 duine

  3. Líon cainteoirí laethúla Gaeilge an limistéir a bheith circa agus ós cionn 1,500 duine

  4. Céatadán do CLG an limistéir a bheith circa agus os cionn 50% de dhaonra iomlán an limistéir.

Tugadh le fios freisin go mbeadh deis ag coistí pleanála tarraingt ar sheirbhísí ó eagraíochtaí eile a bheith maoinithe ag Údarás na Gaeltachta, chun eilimintí den phlean a chur i gcrích, mar shampla cúrsaí óige, na healaíona ‘srl. Beidh tacaíocht ar fáil freisin óna ceanneagraíochtaí náisiúnta(Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Gaeloiliúint, Glór na nGael, An tOireachtas) agus ó bheartais an pholasaí oideachais Ghaeltachta. Bhí an tÚdarás dóchasach freisin go mbeadh maoiniú breise ag teacht chun cinn bunaithe ar an bplean 5 bliana atá le seoladh go luath mar chuid den athbhreithniú ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Rinne siad an pointe freisin go mbeadh deiseanna ag Coistí Pleanála atá buailte ar a chéile oibriú le chéile chun seirbhísí áirithe a chur ar fáil le nach mbeadh obair agus costas dúbailte i gceist.

  1. Go dtabharfaí cinnteacht le conradh foirmiúil le haghaidh mhaoiniú thréimhse 7 mbliana gach plean teanga agus go gcinnteodh an Rialtas an maoiniú sin; Go mbeadh smacht ag na Coistí Pleanála chun an maoiniú a gceadaítear dóibh a chaitheamh de réir riachtanais a phlean féin – san áireamh anseo bheadh líon agus coinníollacha fostaíochta foirne mar shampla.

Is conarthaí fostaíochta 3 bliana atá á thairiscint go dtí seo. Glacadh leis go mbeadh sé indéanta dul i dtreo conradh fostaíochta níos faide  i ndiaidh don oifigeach forbartha tréimhse phrofa réasúnta a bheith críochnaithe acu, ach é seo ar fad a bheith bunaithe ar an tuiscint go mbeadh maoiniú leanúnach ar fáil. Rinneadh an pointe go raibh glacadh leis go mbeadh maoiniú leanúnach ar fáil ach gurbh é nósmhaireacht maoinithe an Údaráis féin gur ar bhun bhliantúil a cheadaítear buiséad na heagraíochta.

  1. De réir mar is cuí, go mbeadh scéimeanna maoinithe Údarás na Gaeltachta/Foras na Gaeilge/Áisíneachtaí stáit eile ar fáil do na coistí pleanála ar bhun comhtháite leanúnach mar chuid den phlean teanga le nach mbeadh obair na foirne a bheidh fostaithe chun na pleananna teanga a fheidhmiú gafa ag ullmhú iarratais maoinithe.

Glacadh leis an éileamh seo.


An Limistéir Pleanála:

  1. Go mbeadh deis ag scoileanna/aonaid lánGhaeilge a dhéanann freastal ar Mhuintir na Gaeltachta nach bhfuil ach an rogha sin acu ó thaobh oideachas trí Ghaeilge de, go mbeadh an deis ag scoil/aonad den sórt sin ar na tacaíochtaí céanna a fhaigheann scoileanna le haitheantas Gaeltachta. Tugadh mar shampla an freastal a dhéanann Aonad Gaeilge Choláiste na Sceilge i gCathair Saidhbhín ar dhaltaí Ghaeltacht Uíbh Ráthach;

Dúirt an tÚdarás gur ceist é seo don Roinn Oideachais agus Bord Oiliúna agus Oideachais Chiarra, ach go raibh siad sásta an cheist a thógáil leo.

  1. Go dtabharfaí aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta do shráidbhailte eile a dhéanann oiread freastal ar na ceantair LPT is a dhéanann na sráidbhailte atá aitheanta cheana féin(Baile Átha Troim mar shampla);

An tÚdarás chun é seo a phlé le Roinn na Gaeltachta.

  1. Go dtabharfaí cumhachtaí pleanála d’Údarás na Gaeltachta chun na limistéir Ghaeltachta a fhorbairt mar Ghaeltacht;

  2. Go dtabharfadh Údarás na Gaeltachta faoi sheirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta thar ceann comhlachtaí poiblí eile faoi mar atá ceadaithe faoi Acht na Gaeltachta 2012; Go gcuirfear tús le díospóireacht sna ceantair Ghaeltachta maidir leis an réimse seirbhísí atá de dhíth.

Dúradh go raibh an-suim ag Bord an Údaráis glacadh le haon chumhachtaí breise a chuireadh ar a gcumas seirbhísí breise a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta ach go raibh siad in amhras an mbeadh mórán earnáil stáit sásta cumhachtaí mar seo a ghéilleadh.

  1. Moladh toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta a reáchtáil arís ar mhúnla a thabharfadh guth láidir go lucht labhartha na Gaeilge;

Dúradh gur cinneadh polaitiúil a bheith i gceist le seo agus go raibh an tÚdarás sásta feidhmiú faoi pé threoir a tháinig ón stát maidir le leagan amach an Bhoird.

  1. Go bhféachfaí le Cumann Tráchtála Gaeltachta a chur ar bun;

Tugadh le fios go raibh scéim phíolótach ar siúl le Cumann Tráchtála na Gaillimhe maidir le ceantar Chonamara. Tugadh le fios chomh maith go bhfuil Cumainn Tráchtála eile lonnaithe i gceantar Gaeltachta eile – Cumann Tráchtála Ghaoth Dobhair m.shach rinneadh an pointe gur bhain an cheist leis an lucht gnó féin sa deireadh thiar. Dúradh go rabhadar oscailte do a leithéid dá dtiocfadh éileamh ón lucht gnó iad féin.

  1. Mar ábhar práinne, go dtabharfaí faoi chóras oiliúna chun a chinntiú go mbeidh dóthain daoine oilte ar fáil chun na poist a thiocfaidh chun cinn a líonadh;

Aontaíodh go raibh práinn mhór leis an gceist seo agus dúradh go raibh roinnt mhaith anailís déanta ag an Údarás ar an ábhar agus go raibh siad ag tabhairt faoi na roghanna praiticiúil atá ann maidir le daoine a mhealladh agus oiliúint bhreise a chur ar dhaoine a raibh spéis acu sa réimse. Leag an tÚdarás agus Conradh na Gaeilge béim ar an ngá daoine a mhealladh a raibh tuiscint acu ar an bpobal agus a bheith in ann an pobal a thabhairt leo. Dúradh freisin go mbeadh gá réimse deiseanna oiliúna, bunaithe ar na sainscileanna éagsúla a bheith de dhíth a bheith aitheanta, a chur ar fáil d’oifigigh phleanála agus go raibh gá oiliúint a bheith ar fáil do na coistí pleanála teanga freisin.

  1. Go mbeadh luach airgid curtha ar an obair dheonach atá á dhéanamh ag Coistí Pleanála Teanga agus ar na sainscileanna atá ag baill na gcoistí sin.

Dúirt an tÚdarás go raibh siad an-airdeallach ar an obair a bhí á dhéanamh, ar bhun dheonach, ag na Coistí pleanála teanga ar fad.

  1. Go dtabharfar tacaíocht faoi leith do Choistí Phleanála Teanga atá ag feidhmiú i gceantair nach bhfuil Comharchumann nó Comhlacht Forbartha, maoinithe ag Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú iontu.

Dúirt an tÚdarás go raibh siad an-airdeallach ar na Coistí nach raibh na tacaíochtaí seo acu.

Stocaireacht leis An Roinn Oideachais

  1. Plé leis an Roinn Oideachais chun painéal ar leith a fheidhmiú do na scoileanna Gaeltachta (agus gaelscoileanna) ó thaobh múinteoirí a chur ar fáil;

  2. Sa chás nach mbeidh freastal ceart a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta, plé leis an Roinn go mbunófaí Bord Oiliúna agus Oideachas don Ghaeltacht;

  3. Go gcinnteofaí córas iompair chuí do mhuintir na Gaeltachta le freastal ar scoil le haitheantas Gaeltachta;

  4. Plé leis an Roinn Oideachais faoi chóras le go mbeadh ábhar oidí ag caitheamh tréimhse le linn an cheathrú bhliain den chéim ag teagasc sa Ghaeltacht;

Dúirt an tÚdarás gur bhain na ceisteanna seo go príomha leis an Roinn Oideachais ach go raibh siad sásta na ceisteanna seo a ardú leis an Roinn sin.

Feasacht

  1. Moladh go gcraolfaí cláir ar RnaG agus ar TG4, agus ar na stáisiúin Bhéarla ina dhiaidh sin, ina bpléifí an próiseas pleanála teanga. Moladh leagan amach oscailte ar nós seó cainte agus cead cainte ag an lucht féachana seachas beirt a chur in adharca a chéile ar mhaith le teas, seachas solas, a ghiniúint;

Aontaíodh go raibh gá cur leis an leibhéal feasachta, agus freisin eolas a scaipeadh faoina beartais agus modhanna oibre a raibh ag baint tairbhe amach i gceantar faoi leith le go mbeadh deis an cur chuige sin a úsáid i gceantair eile.

Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta

D’aontaigh an tÚdarás faoin obair ollmhór a bhí ar siúl ag na Comharchumainn agus Comhlachtaí Forbartha Gaeltachta agus go raibh ról lárnach acu maidir le todhchaí na Gaeltachta, an phleanáil teanga san áireamh. D’aontaigh siad freisin go raibh gá maoiniú breise a chur ar fáil dóibh, ach an buiséad sin a bheith ann. Chuir Conradh na Gaeilge in iúl go mbeadh siad ag obair go dlúth leis an gComhlachas maidir leis an bhfeachtas stocaireacht chun an maoiniú seo a bhaint amach.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge