Skip to main content

Bliain na Gaeilge 2013 Seolta Ag Uachtarán na hÉireann

B'iad Mícheál Ó Muircheartaigh, laoch spóirt áitiúil, agus Pádraig Ó Sé, ceoltóir clúiteach ó Chiarraí, a sheol Bliain na Gaeilge 2013 go hoifigiúil le teachtaireacht phearsanta réamhthaifeadta ón Uachtarán Michael D Higgins ar An Daingean, Co. Chiarraí, ag cur tús leis an bhféile Ghaeilge bhliana le clár imeachtaí speisialta roimh na tinte ealaíne bliantúla ar Oíche Chinn Bhliana, 31 Nollaig 2012.

Bhailigh na mílte daoine ag Ceann an Ché, áit a chuala siad teachtaireacht spreagúil an Uachtaráin do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na cruinne ar 9.00in Oíche Chinn Bhliana. Bhí tinte ealaíne don teaghlach ar fad ar 10.00in sula rinneadh an Bhliain Úr a fhógairt trí Auld Lang Syne a chasadh as Gaeilge (dáileadh aistriúchán ar na scoileanna áitiúla roimh ré agus scaipeadh é i measc an tslua ar an oíche leis).

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge le bunú Chonradh na Gaeilge 120 bliain ó shin, agus maíonn beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann go bhfuil Gaeilge acu sa lá atá inniu ann. Tá sí mar aidhm ag ceiliúradh Bhliain na Gaeilge na mílte deis úsáide Gaeilge a chur ar fáil don dream seo le linn 2013.

Ag trácht ar Bhliain na Gaeilge 2013, luaigh An tUachtarán Michael D Higgins gurb é Dubhghlas de hÍde, chéad Uachtarán na hÉireann, cathaoirleach chéad chruinniú Chonradh na Gaeilge in Iúil 1893 agus dúirt: "Tá ról na Gaeilge sa lá atá inniu níos tábhachtaí ná riamh agus brú ag teacht ar mhionteangacha ar fud an domhain mhóir. Is dlúthchuid dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-sásta tacú go láidir le Bliain na Gaeilge - is linne an teanga agus braitheann a todhchaí orainn."

Tá an tUachtarán ag moladh do chuile dhuine a gcuid Gaeilge a úsáid le comhghleacaithe oibre, le cairde, le gaolta agus le duine ar bith eile gur féidir le linn 2013, mar aon le hamharc ar na himeachtaí atá luaite ar www.gaeilge2013.ie chun páirt a ghlacadh i gcuid acu. Molann an tUachtarán don phobal páirt a ghlacadh i gcomórtais éagsúla Bhliain na Gaeilge freisin, saoire a ghlacadh sa Ghaeltacht, agus cairde thar lear a mhealladh go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí Bhliain na Gaeilge agus Thóstal Éireann 2013.

Dúirt Julian de Spáinn, Eagraí Náisiúnta Bhliain na Gaeilge 2013: "Tá sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid, laistigh agus lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, tríd an gceiliúradh bliana seo ar an teanga. Ba mhór againn an deis Bliain na Gaeilge 2013 a sheoladh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar Oíche Chinn Bhliana, agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le muintir na Gaeltachta a chabhraigh linn an ceiliúradh spleodrach sin a eagrú i nDaingean Uí Chúis."

Tá breis agus 100 eagraíocht teanga agus chultúir eile ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte sa togra teanga tábhachtach seo - leithéidí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4, agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) san áireamh. Tá áis ar www.gaeilge2013.ie le himeachtaí áitiúla Gaeilge a chlárú agus le teacht ar eolas faoi imeachtaí náisiúnta Bhliain na Gaeilge.

Tá breis eolais faoin togra ar www.gaeilge2013.ie; ar www.facebook.com/gaeilge2013; nó ar Twitter @gaeilge2013. Tá Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ag tacú le Bliain na Gaeilge. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language!

TUILLEADH EOLAIS:
Julian de Spáinn
Eagraí Náisiúnta, Bliain na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 6546673 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


GRIANGHRAF INIATA:
SEOLANN MÍCHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH BLIAIN NA GAEILGE 2013 LE CÓISIR CHINN BHLIANA I NGAELTACHT CHIARRAÍ: [ó chlé go deas] Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, fóram daonlathach phobal na Gaeilge atá ag ceiliúradh 120 bliain ar an bhfód i 2013; Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge ón Daingean ó dhúchas; agus Mícheál Ó Muircheartaigh, laoch spóirt áitiúil a sheol Bliain na Gaeilge 2013 go hoifigiúil ar An Daingean, Co. Chiarraí, Oíche Chinn Bhliana, 31 Nollaig 2012. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

* GRIANGHRAF EILE AR ARD-CHAIGHDEÁN (300 DPI) AR FÁIL Ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. *

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

• Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
• Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
• Glac páirt sna comórtais - tá duaiseanna iontacha le baint amach!
• Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d'fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
• Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
• Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
• Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.