Skip to main content

“Tá muid réidh anois leis an chéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fís bheo na hathbheochana”

Uach4.jpg

1, 2, 3, 4, Gaeilge BEO anseo sa chathair!

“Tá muid réidh anois leis an chéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fís bheo na hathbheochana”

Na mílte ar shráideanna na hArdchathrach, BEO, Gaelach agus Bródúil

Chruinnigh na Gaeil san Ardchathair inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar bheocht na teanga.  Shiúl na mílte daoine ó Chearnóg Pharnell go Cearnóg Mhuirfean, áit ar thug Uachtarán Micheál D. Ó hUigín aitheasc, i measc ambasadóirí agus urlabhraithe eile.

Bhain an slua agus muintir na cathrach sult as ceol beo, bríomhar le Scannal, Delorentos agus Kíla, chomh maith le leagan Gaeilge nuathaifeadta ag Wheatus den amhrán clúiteach “Teenage Dirtbag” (“Stócach Brocach”). I measc urlabhraithe an lae, bhí idir óg agus aosta ón nGaeltacht, ó ghrúpaí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht; ó chlubanna spóirt; Ambasadóirí Bhliain na Gaeilge Eoghan McDermott (2FM), Bláthnaid Ní Chofaigh (RTÉ) agus Lynette Fay (BBC); agus Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigín, a thug aitheasc cumhachtach don slua.

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigín ón ardán;

Tá muid réidh anois leis an chéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fís bheo na hathbheochana, ‘sé sin úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a craobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Tá dualgas agus ról againn ar fad san iarracht seo. Bíodh sé go ndéaradh muid “Go raibh maith agat” le strainséirí, nó go mbaineadh muid úsáid as an méid Gaeilge atá againn nuair is féidir. Bíodh sé go dtógfadh muid ár bpáistí trí Ghaeilge nó go n-aimseodh muid ceann de na mílte bealaí eile gur féidir linn an fhís a bhaint amach. A fhad is a mhairfidh an fís, mairfidh an Ghaeilge. De réir mar a neartófar an fís, neartófar an Ghaeilge.

Thug an lá deis neart phobal na Gaeilge a léiriú, agus thaisteal busanna ó chuile chearn den oileán - bhí muintir na Gaeltachta, tuismitheoirí agus páistí ó Ghaelscoileanna, clubanna spóirt, grúpaí pobail agus daoine ar mhaith leo a gcuid tacaíochta a léiriú don teanga i measc na sluaite.

Bhí sé seo le rá ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge an Dr. Niall Comer;

“Táimid anseo chun an Ghaeilge, teanga dhúchais, croí, agus anam na tíre seo, a cheiliúradh. 125 ó thús na hathbheochana, tá go leor le haithint agus le ceiliúradh, cé go bhfuil go leor le déanamh go fóill. Smaoiním fhéin ar ré nua seo na hathbheochana, agus grúpaí ar nós Na Gaeil Óga anseo i mBaile Átha Cliath, Gaeil na Gaillimhe, An Crann Óg i nGaoth Dóbhair, Laochra Loch Lao, agus ar ndóigh, muintir Charn Tóchair – glúin óg nua atá ag cur na Gaeilge chun cinn ar bhealach nádúrtha agus atá mar eiseamláir iontach don tír ar fad.”

Tagann an lá seo le dea-scéal eile agus torthaí phobalbhreith Kantar Millward Brown foilsithe ar maidin, a léiríonn go gcreideann beirt i ngach triúr ó dheas agus nach mór leath ó thuaidh gur cheart don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge; méadú suntasach ó 2015.

Deir Lynette Fay (BBC), duine d’Ambasadóirí Bhliain na Gaeilge;

“Bhí atmaisféar ar dóigh san ard chathair inniu agus bhí beocht phobal na Gaeilge le mothú go láidir. Is rí-léir go bhfuil athrú meoin le mothú i measc an phobail i gcoitinne, mar a léiríonn torthaí na pobalbhreithe le Kantar Millward Brown inniu - tá éileamh ar an Ghaeloideachas agus ar sheirbhísí agus tá tacaíocht don Ghaeltacht á lorg. Cuirfidh sin ar fad le fás agus le forbairt an phobail bheoga, spreagtha seo.”

CRÍOCH

NÓTA DÓN EAGARTHÓIR:


Bliain na Gaeilge
Déanfar ceiliúradh ar an teanga trí ghníomhú ar chúig théama faoi leith le linn Bhliain na Gaeilge 2018: Athbheochan na Gaeilge le 125 bliain anuas; Cruthaíocht na Gaeilge; Beocht na Teanga; Rannpháirtíocht an Phobail; agus Luach ár nGaeltachtaí.  Déanfar tábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal agus ar imeachtaí stairiúla le 125 bliain anuas a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh. Tá féilire d’imeachtaí ildánacha, ealaíonta agus pobail ar fud an domhain beartaithe do 2018. Cuirfear le líon na n-imeachtaí i rith na bliana, agus tá cúpla eochairthionscadal a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2018.  Déanfar beocht na teanga a cheiliúradh agus méadófar úsáid, dea-íomhá, feiceálacht, úinéireacht roinnte agus normalú na Gaeilge sa phobal. Spreagfar rannpháirtíocht láidir ón bpobal agus tabharfar aitheantas don obair atá idir lámha leis an nGaeilge a chur chun cinn. Aithneofar luach ár nGaeltachtaí i saol na tíre, spreagfar próifíl agus mórtas a bpobail, agus tabharfar faoi na dúshláin atá rompu sa lá atá inniu ann, len iad a chosaint agus a neartú.  Is tionscnamh pobail í Bliain na Gaeilge agus tá breis is 50 grúpa Gaeilge, Gaeltachta, agus cultúir páirt sna hullmhúcháin go dtí seo, an Cumann Lúthchleas Gael (CLG), TG4 agus RTÉ ina measc. Tá Rialtas na hÉireann ag tacú go hoifigiúil le Bliain na Gaeilge chomh maith agus bunaíodh coiste leis an tacaíocht sin a chomhordú. Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag cur maoinithe ar fáil trí Fhoras na Gaeilge.

Kantar Millward Brown
Thug Kantar Millward Brown faoi staidéar uile-oileáin a dhéanamh ar son Chonradh na Gaeilge. San áireamh sna toipaicí a chlúdaíodh bhí caidreamh freagróirí leis an Ghaeilge, a ndearctha i leith na nGaeltachtaí, an suim a bhí acu i labhairt na teanga, agus ról na meáin i gcur chun cinn na Gaeilge.  Rinneadh na hagallaimh ar bhonn aghaidh ar aghaidh, sa bhaile, leo siúd ar aois 15+ iad ó dheas agus aois 16+ ó thuaidh. Is é +/- 3.1% an lamháil earráide sa dá dhlínse. Beidh torthaí na gceisteanna curtha ó thuaidh ar fáil go luath.

Conradh na Gaeilge
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.