Skip to main content

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an sprioc infheistíochta de €178m leagtha amach don Ghaeilge agus mar chuid d’Éire 2040

WhatsApp_Image_2018-04-10_at_12.38.00.jpeg 

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh na gealluntais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa phlean nua Éire 2040, a bheidh á seoladh ag an Aire Josepha Madigan i nGailearaí na hÉireann.

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag fógairt go mbeidh infheistíocht €13 mhilliún ag dul i dtreo fhorbairt lárionad Gaeilge san ardchathair, i mBailte Seirbhísí Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge ar fud na tíre; go mbeidh €33 mhilliún á chaitheamh ar phleanáil teanga sna Gaeltachtaí le forbairt ionaid thacaíocht teaghlaigh i measc na dtionscadal a gcaithfear an maoiniú orthu; agus go mbeidh buiséad Údarás na Gaeltachta ardaithe ó €7 go €12 milliún chun fostaíocht a chruthu, le thart ar 1,000 post in aghaidh na bliana a chruthú, le dul i ngleic ar an dífhostaíocht agus ar bhánú na Gaeltachta.

  

 

Deir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is cúis dóchais go bhfuil an Rialtas ag léiriú tacaíochta do chothú agus do chaomhnú na teanga, ach go háirithe sna ceantair Ghaeltachta, mar shampla, an soláthar áiseanna tacaíochta leanaí.  Chomh maith leis sin, tá an plean le lárionaid Ghaeilge a bhunú sna Bailte Seirbhísí Gaeilge agus Líonraí Gaeilge le moladh. Is moltaí iad seo a bhí san áireamh sa phlean infheistíochta aontaithe ag 90 grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá Conradh na Gaeilge ag súil le soiléiriú a fháil maidir leis an líne ama a bhaineann leis na geallúntais phleanála seo, agus ag súil len ár ról a imirt leis an Rialtas i gcur i bhfeidhm na bpleananna seo amach anseo.”

 

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is sprioc é an t-ardú ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chruthú ar sprioc a chuir 90 eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta agus polaiteoirí an fhreasúra chun cinn le cúpla bliain anuas.  Tá moladh tuillte ag na grúpaí ar fad as an stocaireacht atá déanta ar an ábhar seo go dtí seo agus don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus don Rialtas trí chéile as éisteacht leo.  Coinneoidh muid súil, áfach, ar an amscála atá i gceist leis an ardú iomlán sa bhuiséad cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht a bhaint amach.”

 

Dar ndóigh leanfaidh an Conradh leis an bhfeachtas chun an chuid eile de na hacmhainní lorgtha sa Phlean Infheistíochta aontaithe ag 90 eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach.

 

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Emma Ní Chearúil
Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+353 (0)85 111 0556  | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.