bliain na gaeilge 2018

‘Ceisteanna móra ann maidir le polasaí Ollscoil na Banríona i dtaobh na Gaeilge’ – Conradh na Gaeilge

 

‘Ceisteanna móra ann maidir le polasaí Ollscoil na Banríona i dtaobh na Gaeilge’ – Conradh na Gaeilge

 

queens 1 

I bhfreagra atá tugtha ag Leas-Seansailéir Ollscoil na Banríona do Chumann Gaelach na hollscoile tá sé curtha in iúl go gcuirtear síos ar an Ghaeilge, mar chuid de pholasaí de chuid na hollscoile, mar ábhar a d’fheadfadh a bheith “provocative, offensive or intimidatory”. Tagann an polasaí seo salach ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta i dtaobh na Gaeilge, feiceálacht mionteangacha agus treoir Choimisiún Comhionannais agus Comhairle na hEorpa araon.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

Tá ceisteanna móra le freagairt anseo maidir le tuiscint Ollscoil na Banríona i dtaobh na Gaeilge, tuiscint atá ag teacht salach ar threoracha Chomhairle na hEorpa agus eile. Dár ndóigh, luaitear sa chomhfhreagras ón Ollscoil gur mhian leo timpeallacht ‘neodrach’ a chruthú agus a bhuanú, rud nach bhfuil ag teacht le treoracha soiléire an Choimisiúin Chomhionannais ó thuaidh, a deir gur gníomh neodrach é cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge i gcúiseanna coiteann agus oifigiúla. Níl aon rud sa fhreagra seo nó sa pholasaí seo a chuireann ‘comhionnanas’ nó ‘éagsúlacht’ i dtaobh na Gaeilge nó pobal na Gaeilge chun cinn.

Tacaíonn Conradh na Gaeilge go mór leis na mic léinn atá ag feachtasaíocht go dian le Cothrom na Féinne a bhaint amach don teanga. Bhí comharthaíocht dhátheangach in úsáid san Ollscoil suas go 1997 agus tá sé thar am don Ollscoil, i bhfianaise an bhorrtha atá tagtha ar phobal na Gaeilge sa chathair seo agus na coimitmintí áitiúla agus idirnáisiúnta i leith na Gaeilge, feiceálacht don teanga a éascú. Léiríonn an cás seo go soiléir dúinn arís eile go bhfuil reachtaíocht cosanta de dhíth orainn anseo don Ghaeilge, a chuireann in iúl, gan on mhíthuiscint, an dóigh gur chóir bheith d’institiúidí poiblí bheith ag plé leis an Ghaeilge.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge:

Anuraidh rith Aontas na Mac Léinn Éireann rún ag tacú go láidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh. Go deimhin ghlac Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona le rún in 2017 chun tacú le hAcht Gaeilge. Is léir mar sin go dtagann an t-éileamh ar son comharthaíochta atá dátheangach ó na mic léinn agus ó phobal na hollscoile féin agus nach mór don Ollscoil freastail ar mhianta a mac léinn féin san am atá le teacht.

Is féidir teacht ar an litir a sheol Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona chuig Leas-Seansailéir Ollscoil na Banríona anseo: https://www.facebook.com/ancumanngaelachqub/posts/734265240031227

Is féidir teacht ar fhreagra an Leas-Seansailéara, Ollscoil na Banríona, chuig An Cumann Gaelach, anseo: https://www.facebook.com/ancumanngaelachqub/posts/746836412107443

Is féidir teacht ar líne Choimisiún um Chomhionannas i dtaobh na Gaeilge anseo:

In 2013, the Commission reiterated that the use of minority languages, particularly Irish or Ulster Scots languages in Northern Ireland, for common or official purposes, would normally and objectively be considered a neutral act that would not be discriminatory.

We reaffirmed our view the speaking of Irish or its more general use in the community does not diminish the entitlements of those whose right to their British identity is guaranteed in the Good Friday Agreement. Similarly, the wider use of Ulster Scots does not diminish the entitlements of those whose right to their Irish identity is guaranteed.

The Commission placed on record its view that a specific language statute is an appropriate mechanism of protection for the Irish language.

(Féach: http://www.equalityni.org/ECRML )

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge