Skip to main content

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an sprioc infheistíocht €178m leagtha amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Chreat Náisiúnta Pleanála

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh na gealluntais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a fógraíodh sa Chreat Náisiúnta Pleanála ó dheas a seoladh i Sligeach tráthnóna, ach cuireann fainic go mbeidh spriocanna follasacha, líne ama fós de dhíth.

Gealladh go mbeidh infheistíocht shuntasach le bunú lárionad Gaeilge i mBailte Seirbhísí Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge ar fud na tíre, go mbeidh breis áiseanna tacaíochta do leanaí sa Ghaeltacht agus go mbeidh buiséad cruthú fostaíochta Údarás na Gaeltachta ardaithe ó €7 go €12 milliún.  Cruthóidh an €12m sin thart ar 1,000 post in aghaidh na bliana le dul i ngleic ar an dífhostaíocht agus ar bhánú na Gaeltachta.  

Anuas air sin, beidh maoiniú á chur ar fáil do lárionad cultúrtha Gaeilge i mBaile Átha Cliath, rud nach bhfuil ar fáil go dtí seo san ardchathair, áit ina bhfuil pobal láidir Gaeilge ag dul ó neart go neart.

Deir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is cúis dóchas é bhfuil an Rialtas ag léiriú tacaíochta do chothú agus do chaomhnú na teanga a áisiú, ach go háirithe sna ceantair Ghaeltachta, mar shampla, an solathari d’áiseanna tacaíochta leanaí.  Chomh maith leis sin, tá an plean le lárionaid Ghaeilge a bhunú sna Bailte Seirbhísí Gaeilge agus Líonraí Gaeilge le moladh.  Is moltaí iad seo a bhí san áireamh sa phlean infheistíochta aontaithe ag 90 grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá Conradh na Gaeilge ag súil le soiléiriú a fháil maidir leis an líne ama a bhaineann leis na geallúntais phleanála seo, agus ag súil len ár ról a imirt leis an Rialtas i gcur i bhfeidhm na bpleananna seo amach anseo.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is sprioc é an t-ardú ar bhuiséad cruthú fostaíochta Údarás na Gaeltachta go €12 milliún mar sprioc a chuir 90 eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta agus polaiteoirí an fhreasúra chun cinn le cúpla bliain anuas.  Tá moladh tuillte ag na grúpaí ar fad as an stocaireacht atá déanta ar an ábhar seo go dtí seo agus don Roinn Cultúr, Oidhreacht agus Gaeltachta, agus don Rialtas trí chéile as éisteacht leo.  Coinneoidh muid súil, áfach, ar an amscála atá i gceist leis an t-ardú iomlán sa bhuiséad cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht a bhaint amach.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.