bliain na gaeilge 2018

Forbairt Pobail, Oideachas agus Acht Teanga ó Thuaidh mar Phríomhábhair Chainte ag Ard Fheis Chonradh naGaeilge 2018

Rinneadh plé ar chúrsaí oideachais; polasaithe pleanáil teanga; gá le tacaíocht ó thuaidh le hAcht Gaeilge a bhaint amach; agus tacaíocht le ceantair Ghaeltachta maidin inniu ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí maidin inniu.  

Ritheadh sraith 36 rún ar an iomlán, molta ag craobhacha agus baill aonair den eagraíocht, agus glacadh le chuile ceann acu, gan ach cúpla leasú.  Bhí plé cuimsitheach ar athruithe sna réimsí oideachais, le forbairt agus cumasú na bpobal Gaeilge fud fad na tíre, agus le tacaíocht ach go háirithe don rún go ndéanfar obair ar son Acht Teanga ó Thuaidh.

Maidir le grúpaí pobail, moltar go mbeadh tacaíocht ann do na Líonraí Gaeilge agus do phleanáil teanga sa Ghaeltacht.  Luaigh Seán Ó hAdhmaill, Bainisteoir Acmhainní Daonna Chonradh na Gaeilge, an “gá le tuarastail chuithe a ofráil d’oibrithe in earnáil na Gaeilge ionas nach gcaillfear tallann” agus oibrithe maithe.  Deir Peadar Mac Fhlannchadha, ó Chraobh na Gaillimhe nach mbeadh scéim maoinithe ar ról 4 lá á thairiscint in aon earnáil eile, agus gur “masla é dár bpobal, agus do na daoine a chuireann croí agus anam istigh san obair seo,” agus é ag tagairt do na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm ar na Scéimeanna Pobal Gaeilge.  Dúradh freisin go bhfuil gá le plean daoine oilte leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta, agus go bhfuil gá le cinnteacht agus conarthaí fadtréimhseacha ionas gur féidir fostaithe cáilithe a mhealladh.

Tharla neart plé ar chúrsaí oideachais ó dheas agus ó thuaidh.  I measc na rún bainteach leis an oideachas, moltar go  mbeadh an Gaeloideachas ar fáil d’éinne óg á lorg; go ndéanfar taighde ar scoileanna ó thuaidh ionad go bhféadfaí feachtais fheasachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag leibhéal na GCSE agus A2; agus go ndíreofar ar ghnéithe easnamhacha de shiollabais an Teastais Shóisearaigh agus na Ardteiste.  

Rinneadh plé freisin ar fad an tréimse ar féidir le duine caitheamh i ról an Uachtaráin ar Chonradh na Gaeilge.  Tharraing Ursula Ní Shabhaois, baill aonair den Choradh, aird ar an bhfíric go mbíonn sé deacair plean fadtréimhseach nó feachtas mór a chur i bhfeidhm agus a chur i gcríoch laistigh de thrí bliana.  D’aontaíodh go mbeadh cead ritheacht don ról cúig bliana as a chéile.  

Bhí comhaontú i measc na mball uilig maidir leis an Acht Teanga ó thuaidh agus go n-iarrfaí ar gach páirtí polaitiúil atá ag feidhmiú ar oileán na hÉireann tacaíocht phoiblí a thabhairt don fheachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.


Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Tá an daonlathas ag croílár an Chonartha agus mar sin tá Ard Fheis Chonradh na Gaeilge iontach tábhachtach dúinn agus dár mbaill, go gcloisfear a n-éilimh agus go mbíonn deis chainte acu mar gheall ar threoir agus spriocanna an Chonartha. Rinneadh neart cainte ar maidin i measc na mball agus beidh tuilleadh plé ar na rúin ar glacadh leo i measc an Choiste Gnó.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá an-áthas orainn go bhfuil an Ard Fheis tar éis tacú leis na moltaí ónár gcraobhacha, ach go háirithe ó maidir le leasaithe don chóras oideachais; an t-Acht Teanga ó thuaidh; na Scéimeanna Pobal Gaeilge a neartú; tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do na Gaeltachtaí agus dár n-oileáin; agus go mbeadh tacaíocht ón Roinn Chumarsáide le Raidió RíRá a chraoladh go náisiúnta ar FM, atá deich mbliana ar an bhfód anois.”

Glacadh leis an rún go mbeadh Ard Fheis 2020 le reáchtáil i nGaillimh, agus í ainmnithe mar chathair chultúrtha an bhliain chéanna.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge