Molta arís go láidir ag Comhairle na hEorpa “go nglacfaí isteach an reachtaíocht chuí chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn”

Mar chuid de Thuarascáil atá foilsithe ag Comhairle na hEorpa inniu (21 Feabhra 2018) maidir le cur i bhfeidhm an Chreat-Choinbhinsiúin um Chosaint na Mionlach Náisiúnta ag an Ríocht Aontaithe, moltar:

- Adopt appropriate legislation protecting and promoting the Irish language and take measures to ensure progress on language rights of Irish Speakers;

- the UK Government should engage in a  dialogue to create the political consensus needed for adopting legislation

 

Neartaíonn an tuairisc seo na moltaí ceanna a rinneadh nuair a foilsíodh an 6ú Tuarascáil Thréimhsiúil de chuid an Choiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha (CESCR), a dhéanann imscrúdú ar chur i bhfeidhm ‘An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha’ (ICESCR) (27 Meitheamh 2016). Moltar sa Tuarascáil Thréimhsiúil ICESCR athuair, mar a mhol siad ina 5ú Tuarascáil Thréimhsiúil i Meitheamh 2009, go nglacann an Stát le hAcht Gaeilge.

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dr Niall Comer:

“Cuireann an tuairisc seo béim ar dhualgais shoiléire Rialtas na Breataine i dtaobh an Achta de. Is léir nach bhfuil seo déanta acu in ainneoin a gcoimitmintí - ní amháin i dtaca le Comhaontú Chill Rímhinn ach na conarthaí idirnáisiúnta a dhaingnigh siad agus a leagann freagrachtaí soiléire orthu i dtaobh chaomhnú agus chosaint na Gaeilge anseo. Ní hí seo an chéad uair a bhfuil cáineadh déanta ar rialtas na Breataine ag coiste idirnáisiúnta i ngeall ar an easpa dul chun cinn ar cheist na Gaeilge ach tá súil againn, leis an aird dírithe ar cheist na Gaeilge faoi láthair go bhfuil deis ann soláthar sásúil a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh mhoille.”

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

“In 2006 shínigh Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann Comhaontú Chill Rimhínn, inar tugadh coimitmintí soiléire i dtaobh Acht na Gaeilge. Tacaíonn moltaí Chomhairle na hEorpa leis an mhéid a chuir muid faoi bhráid an Stát-Rúnaí Karen Bradley coicís ó shin; gur tháinig an gealltanas seo ó pheann Rialtas na Breataine, agus as siocair cearta phobal na Gaeilge á séanadh ag an DUP, tá sé anois de dhualgas soiléir ar Rialtas na Breataine na cearta ceanna atá ag pobail mhionteangacha dhúchasacha trasna na n-oileán seo a chur ar fáil do phobal na Gaeilge anseo ó thuaidh. Is ionann ‘reachtaíocht chuí’ agus a rá nach fiú aon chur i gcéill ar na ceisteanna seo. Tá reachtaíocht láidir, cheart-bhunaithe de dhíth ar phobal na Gaeilge anseo, áit nach bhfágfar an teanga arís imeallaithe nó ruaigthe ó spásanna poiblí nó comhroinnte. Tagann tuarascáil seo Chomhairle na hEorpa i lár tréimhse ina bhfuil ceist chearta do phobal na Gaeilge ag barr chlár na polaitíochta agus éilíonn muid ar achan pháirtí, mar aon leis an dá Rialtas, na ceisteanna seo a réiteach tríd Acht Gaeilge láidir neamhspleách a chur i bhfeidhm faoi mar a gealladh.”

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is féidir teacht ar an tuarascáil ar fad anseo:

https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectID=0900001680787538

http://www.coe.int/en/web/minorities/united-kingdom

http://www.coe.int/en/web/minorities/home

 

34645375871 d5196de7f6 b

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge