Skip to main content

‘Fáilte roimh bhun-eilimintí láidre riachtanacha a bhí clúdaithe sa dréacht-aontú ach bearnaí ann’ - Conradh na Gaeilge

‘Fáilte roimh bhun-eilimintí láidre riachtanacha a bhí clúdaithe sa dréacht-aontú ach bearnaí ann’

Buaileann Conradh na Gaeilge le Sinn Féin chun eolas a bhailiú maidir leis na moltaí a bhí ar an tábla ag tús na seachtaine

Bhuail toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge le hionadaithe Shinn Féin tráthnóna inniu, Déardaoin 15 Feabhra 2018, chun uasdátú a lorg ón pháirtí maidir leis na moltaí agus cuireadh in iúl go raibh ‘Acht Gaeilge neamhspleách’ mar chuid den dréacht, agus mar chuid de sin bhí stádas oifigiúil don Ghaeilge, coimisinéir teanga agus mír chun deireadh a chur le hAcht 1737 a chuir cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna, i measc rudaí eile.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

Cúis mhór díomá do Chonradh na Gaeilge atá ann go bhfuil cearta á séanadh ag an DUP arís orthu siúd ní amháin a labhraíonn Gaeilge go laethúil ach orthu siúd a bhfuil spéis acu i gcaomhnú agus i bhforbairt na teanga. Tugadh gealltanas don phobal deich mbliana ó shin go mbeadh Acht Gaeilge ann, mar atá sa Bhreatain Bheag agus mar atá in Albain. Chuir Conradh na Gaeilge in iúl don Stát-Rúnaí Karen Bradley, MP, nuair a bhuail toscaireacht léi an tseachtain seo caite, go mbeadh sé de dhualgas ar Rialtas na Breataine reachtaíocht a thabhairt isteach sa chás nach n-éireodh leis an iarracht an Tionól a chur ag obair arís. Beidh Conradh na Gaeilge ag dúil le cruinniú breise leis an Stát-Rúnaí, mar aon leis an Taoiseach, sna laethanta amach romhainn, agus cuirfimid an cás seo chun cinn. Tá gluaiseacht na Gaeilge tiomanta d’Acht Gaeilge a bhaint amach a bheidh le leas gach duine sa tsochaí agus ní thiocfaidh deireadh lenár gcuid iarrachtaí Cothrom na Féinne a bhaint amach.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

Ba léir ón eolas a foilsíodh inniu go raibh socrú déanta idir an DUP agus Sinn Féin agus raibh Acht Gaeilge neamhspleách san áireamh sa socrú sin. Bhí stádas oifigiúil san áireamh don Ghaeilge agus coimisinéir, le cearta pobal na Gaeilge a chosaint. Is bun eilimintí d'aon reachtaíocht teanga iad seo atá coitianta timpeall na cruinne agus cuireann sé samhnas orainn nach raibh sé de mhisneach ag an DUP glacadh leis na moltaí bunúsacha seo. Molann Conradh na Gaeilge tacaíocht Shinn Féin, mar aon leis na páirtithe eile, agus Rialtas na hÉireann, d'Acht Gaeilge neamhspleách. Tá bearnaí ann fós i dtaobh cúrsaí comharthaíochta agus eile agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go mbíonn infheictheacht na Gaeilge, mar aon le seirbhísí dar bpobal, san áireamh in aon socrú a thagann chun tosaigh amach anseo. Is cinnte go mbeidh Acht Gaeilge ann ó thuaidh faoi dheireadh agus éilíonn muid ar Rialtas na Breataine agus na hÉireann cinntiú go gcuirfear seo i bhfeidhm, mar a gheall siad i 2006, go luath.

Beidh Conradh na Gaeilge ar lorg cruinnithe leis an Stát-Rúnaí Karen Bradley MP, leis an Taoiseach Leo Varadkar agus leis an Tánaiste Simon Coveney, sna laethanta beaga amach romhainn.

 18581890 1249231811840738 671457173753264631 n

Tá cóip de phlé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ar chostas an Acht le fáil anseo: http://bit.ly/2uApcES

TUILLEADH EOLAIS:

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 7545293841| Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Pictiúir ar fáil ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na GaeilgePEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.