‘Tá an chumhacht ag Rialtas na Breataine cearta Gaeilge a chinntiú – ní mór anois sin a chomhlíonadh’
Buaileann Conradh na Gaeilge le Stát-Rúnaí na Breataine Karen Bradley MP den chéaduair riamh
Bhuail Conradh na Gaeilge le Stát Rúnaí na Breataine ag Cnoc an Anfa inniu, Déardaoin 1 Feabhra 2018 ag 3.15pm chun cearta do Ghaeilgeoirí a phlé, agus ceist an Achta Gaeilge anois mar phríomh-cheist na gcomh-chainteanna ó thuaidh.
Mar chuid den toscaireacht a bhuail leis an Stát-Rúnaí inniu bhí:
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Julian de Spáinn, Pádraig Ó Tiarnaigh, Caoimhe Ní Chathail, Breanda Uí Chléirigh agus Katy-Rose Mead.
Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:
Cruinniú tábhachtach agus cinniúnach a bhí ann inniu gan aon amhras, ach ní tairbhe go hAcht Gaeilge neamhspleách agus Cothrom na Féinne ag lucht labhartha na Gaeilge. Tá na héilimh atá ag pobal na Gaeilge réadúil agus réasúnta agus luíonn siad leis na cearta céanna atá ag an Bhreatnais agus ag Gàidhlig na hAlban. Is dlúthchuid de shochaí na tíre seo í an Ghaeilge agus go dtí go n-aithnítear sin go hoifigiúil agus go mbíonn na forálacha cuí i bhfeidhm, forálacha atá aitheanta ag saineolaithe go hidirnáisiúnta, ní mhaolófar na hiarrachtaí Acht Gaeilge neamhspleách a bhaint amach.
Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:
Chuir muid fáilte roimh an deis bualadh le Karen Bradley MP inniu a thug seans dúinn ár gcas a chur chun tosaigh bunaithe ar Acht Gaeilge láidir ceart-bhunaithe. Chuir muid in iúl don Rúnaí Stáit na dualgais shoiléire atá ar a Rialtas cinntiú go n-aithneofaí cearta Gaeilgeoirí sa dlí anseo, dualgas a tháinig i bhfeidhm mar chuid de Chomh Aontú Chill Rimhínn in 2006. D’inis muid di go mbeidh muid ag leanúint ar aghaidh ag feachtasaíocht agus i mbun agóidíochta go dtí go mbaineann muid na cearta sin amach mar Acht Gaeilge neamhspleách. D’iarr muid ar an Rúnaí Stáit an chumhacht atá uirthi a úsáid leis na athruithe atá de dhíth a thabhairt isteach agus gur anois an t-am le dualgais a Rialtais a chomhlíonadh. Má tá an Rialtas agus an Rúnaí Stáit dáiríre agus ionraic maidir le Tionól agus Rialtas buan agus láidir a thabhairt isteach anseo ní mór go mbeadh cearta do Ghaeilgeoirí lárnach sa socrú sin, sa tsochaí sin amach anseo. Tá muid ag dúil le bualadh leis an Rúnaí Stáit athuair sna seachtainí amach romhainn.
“British Government have responsibility to bring about Irish language Act and now is the time to fulfill those obligations” – @CnaG
— Conradh na Gaeilge (@CnaG) 1 Feabhra 2018
Conradh na Gaeilge challenge British Secretary of State Karen Bradley MP in historic first meeting#AchtAnois pic.twitter.com/whJJ4ma274
Tá cóip de phlé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ar chostas an Acht le fáil anseo: http://bit.ly/2uApcES
TUILLEADH EOLAIS:
Ciarán Mac Giolla Bhéin
Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge
00 44 28 90 315647 | 00 44 7545293841|
Pádraig Ó Tiarnaigh
Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Conradh na Gaeilge
00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 |
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Pictiúir ar fáil ó
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge ; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge ; PEIG.ie , lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar ; thacaíocht do Raidió Rí-Rá ; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie