Skip to main content

Rogha na Gaelscolaíochta

Tá an comhfheachtas Gaeilge Aitheantas ag iarraidh ar thuismitheoirí chun machnamh a dhéanamh ar éiteas teanga na scoileanna a bheidh á mbunú amach anseo mar chuid den suirbhé a sheol An Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) le déanaí.

Tá tuismitheoirí i 38 gceantar ar fud na tíre á gceistiú maidir leis an gcineál scoileanna atá á lorg acu sna ceantair s'acu amach anseo, agus tá Aitheantas ag iarraidh a chinntiú go gcuirtear a dhóthain eolais in iúl dóibh i dtaca leis na buntáistí gur féidir le páistí a bhaint ó oideachas dátheangach i scoil lánGhaeilge.

Dar le Feargal Ó Cuilinn ón eagras Comhluadar: "Cuireann scoileanna lánGhaeilge oideachas den chéad scoth ar fáil dá ndaltaí, ach ní ionann Gaelscoileanna ach tuairim 's 5% de na bunscoileanna in Éirinn; ciallaíonn sé seo nach bhfuil rogha na Gaelscolaíochta ar fáil do gach tuismitheoirí a dhéanann í a lorg.

"Mar aon lena chinntiú go mbíonn do pháiste líofa i ndá theanga, léiríonn taighde idirnáisiúnta go n-éiríonn níos fearr le páistí go hacadúil, go mbíonn níos mó measa acu orthu féin, agus go mbíonn féiniúlacht níos láidre agus ómós níos mó acu ar a gcultúr féin, a bhuíochas leis an múnla Gaelscoile; teastaíonn uainn a chinntiú go mbíonn an deis ag gach tuismitheoir an múnla Gaelscoile seo a roghnú dá gcuid páistí féin."

In ainneoin go bhfuil breis 's 3000 bunscoil sa tír, ní Gaelscoileanna iad ach 147 dóibh siúd agus is mian le hAitheantas a chinntiú go bhfuil tuismitheoirí ar an eolas maidir leis an rogha teanga gur féidir leo a dhéanamh agus réimse scoileanna níos iolraíche á roghnú acu sa cheantar áitiúil s'acu.

Is féidir leis an nGaelscolaíocht rogha dáiríre ilchultúrtha, ilchineálach a sholáthar do thuismitheoirí ós rud é go bhfuil na Gaelscoileanna ag an mbunleibhéal agus na Gaelcholáistí ag an dara leibhéal ar fáil le héiteas il-sainchreidmheach, idirchreidmheach nó Caitliceach, ag brath ar mhianta na dtuismitheoirí.

Arsa Ó Cuilinn: "Ní mór go gcuirtear an t-eolas seo maidir leis an nGaelscolaíocht ar fáil do thuismitheoirí chun gur féidir leo rogha mheáite a dhéanamh i dtaca leis an gcineál scoile atá de dhíth uathu dá bpáistí. Agus béim á cur ar éiteas reiligiúin na scoileanna le linn na céime píolótaí de na suirbhéanna, níorbh ionann an méid eolais a tugadh do thuismitheoirí maidir le Gaelscoileanna ná le Gaelcholáistí.

"Tá sé ríthábhachtach go gclúdófaí rogha na Gaelscolaíochta freisin agus go gcuirfear an t-eolas seo in iúl do thuismitheoirí má tá siad le rogha fírinneach eolas ach agus an suirbhé á chomhlíonadh acu. Mura bhfeiceann, mura gcloiseann, mura léann tuismitheoirí tada seachas eolas faoi phátrúin a chuireann oideachas lánBhéarla ar fáil, ní chuimhneoidh siad ach ar an rogha seo scoile, chun aimhleasa an fhís iolraíoch atá á samhlú ag an ROS agus iad i mbun an tsuirbhé seo."

Bhunaigh eagraíochtaí Ghaeilge - Comhluadar, Conradh na Gaeilge, agus Glór na nGael ina measc - Aitheantas in 2010 chun tacú leis an éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge.

BREIS EOLAIS:

Feargal Ó Cuilinn,
Stiúrthóir, Comhluadar
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
+353 (0)1 4789191 / +353 (0)87 2908391

Síne Nic an Ailí,
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)87 65446673

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Bhunaigh eagraíochtaí Gaeilge - Comhluadar, Conradh na Gaeilge, agus Glór na nGael ina measc - an comhfheachtas Aitheantas chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a bhí aitheantas á éileamh acu don scoil i 2010; agus chun plé leis an éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge trí impí ar an Roinn Oideachas agus Scileanna go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua. www.aitheantas.com

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Bíonn deis ag tuismitheoirí aithne a chur ar dhaoine eile ina gceantar atá ag tógáil clainne le Gaeilge trí Chomhluadar agus tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh gach mí teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla. www.comhluadar.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin agus tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl d'fhoghlaimeoirí i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar fud na tíre tríd an bhliain chomh maith. www.cnag.ie/courses

Is í an fhís atá ag Glór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse den saol trí réimse comórtas i gcur chun cinn na Gaeilge a reáchtáil idir phobail éagsúla ar fud na tíre. Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain trí choincheap an chomórtais phoiblí, agus is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála, an t-aon chóras pleanála i leith na teanga a fheidhmíonn in Éirinn. www.glornangael.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.