Skip to main content

Seasann Conradh na Gaeilge go hiomlán le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Cultúrlann1Niall 20171201Tacaíonn an Conradh lena n-iarrachtaí an foirgneamh a cheannach don phobal

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Níl aon amhras ann faoi thábhacht na Cultúrlainne do shaol nó do phobal na Gaeilge ó thuaidh nó ar fud na hÉireann. Le 25 bliain is eiseamláir í an Chultúrlann do phobail theangacha ar fud an domhain agus í mar lár-ionad Gaeilge ó shin.

"Aithníonn Conradh na Gaeilge an bhagairt a mbaineann leis na hiarrachtaí an Chultúrlann a dhíol, agus seasann muid mar eagraíocht, agus mar phobal, go hiomlán le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus iad ag iarraidh an foirgneamh a cheannach don phobal. Beidh muid ag obair agus ag gníomhú i gcomhar leis an Chultúrlann le cinntiú go mbainfear amach an toradh ceart chomh luath agus is féidir."

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.