Skip to main content

Ciste Rith Ag Cur €15,000 Ar Fáil Do Ghrúpaí Pobail

Tá sé fógartha ag Rith Teo. go bhfuil ciste de €15,000 a chur ar fáil ag an gcomhlacht do ghrúpaí pobail nó coistí atá ag cur tionscnaimh Ghaeilge chun cinn.

Ba fhéile náisiúnta a bhí i Rith 2012 a mheall 27,000 le páirt a ghlacadh in ollrith sealaíochta a bhí ar siúl ón 8-17 Márta 2012 thar chúrsa 700km, ó Ghaoth Dobhair go hInis Mór, Árann. Tá an maoiniú seo, atá bunaithe ar bhrabús ó Rith 2012, a chur ar fáil do na pobail a ghlac páirt i Rith 2012 ó cheann ceann na tíre.

Chuir Lorcán Mac Gabhann, Cathaoirleach Ciste Rith, in iúl gurb é seo an chéad uair gur éirigh le Rith Teo. scéim deontais a fhógairt agus go bhfuil sé dóchasach go gcuirfidh Rith 2014 go mór le luach na scéime amach anseo.

Chuir an tUasal Mhic Gabhann in iúl: "Is cúis áthais do Choiste Rith go bhfuil muid in ann €15,000 a chuir ar fáil don phobal le tacú le h imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a eagrú. Fáilteofar roimh iarratais i nGaeilge do thionscnaimh atá teanga-lárnaithe, ach go háirithe ó ghrúpaí ar bheagán maoinithe."

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.rith.ie/deontas agus caithfidh iarratais a bheith istigh roimh 24 Márta 2013.

Tuilleadh eolais:
Lorcán Mac Gabhann
+353 (0)87 9790193
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.