Skip to main content

10 Milliún Snapchat Seolta Le Geo-Scagairí Pobail As Gaeilge

GaelsnapContaetha Gaeltachta is mó a d’úsáid geo-scagairí pobail as Gaeilge & scagairí do 32 chontae ar an bhfód ón mí seo caite

Seoladh níos mó ná 10 milliún Snapchat le geo-scagairí pobail as Gaeilge ó cuireadh iad ar fáil ar fud na hÉireann an mhí seo caite, agus is iad na contaetha Gaeltachta Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, agus Dún na nGall is mó a d’úsáid iad.

Áiríodh Snapchat i measc na ngnóthaí móra idirnáisiúnta a bhaineann úsáid as an nGaeilge den chéad uair an mhí seo caite, tráth gur eisigh an comhlacht 32 gheo-scagaire pobail as Gaeilge i gcomhar le Conradh na Gaeilge ag tús mhí Lúnasa.

Deir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Chonacthas na snapanna Gaeilge 150 milliún uair buíochas le geo-scagairí pobail Gaeilge Snapchat. Tugann na figiúirí seo dúshlán don cliché seanchaite, gan bhunús gur teanga “mharbh” í an Ghaeilge ar bhealach éigin, agus tugann léargas i bhfad níos dearfaí dúinn ar úsáid na Gaeilge i measc aos óg na hÉireann sa lá atá inniu ann.

“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge mórbhuíochas a ghabháil le gach dearthóir ag croí na hiarrachta pobail seo a chuir scagaire chugainn don fheachtas Gaelsnap leis na scagairí a roghnú, idir iad siúd a roghnaíodh don 32 chontae agus iad siúd nár éirigh leo ardán Snapchat a bhaint amach.”

Léiríonn staitisticí úsáide Chonradh na Gaeilge go bhfuil an líon is mó úsáide ag Corcaigh le 920,000 snap sa chontae sin ag baint leasa as na geo-scagairí pobail as Gaeilge ar Snapchat agus 15,300,000 imprisean á nginiúint acu. Tagann Contae na Gaillimhe sa dara háit le 870,500 úsáid agus 16,200,000 imprisean, Ciarraí sa tríú háit, agus Dún na nGall sa cheathrú, rud a chiallaíonn go bhfuil pobal Gaeltachta sa cheithre chontae ar bharr an liosta úsáide.

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge:

“Is dea-scéal den scoth é gur seoladh 10 milliún snap le geo-scagaire Gaeilge le mí anuas. Taispeánann sé an cumhacht atá ag an nGaeilge ar na meáin shóisialta éagsúla, agus is iontach an rud é gur scaip lucht tionchair dá leithéid James Kavanagh, Pippa O’Connor Ormond agus Doireann Garrihy grianghraif leis na geo-scagairí Gaeilge.

“Ar aon dhul leis sin, táimid an-sásta go bhfuil Snapchat anois ar liosta na meán sóisialta agus na bhfiontar príobháideach a chuireann seirbhísí as Gaeilge ar fáil. Tá rogha na Gaeilge anois in úsáid agus ar fáil ar fud na cruinne ar Facebook, Twitter, Gmail, agus Wordpress buíochas le saothar aistritheoirí pobail.”

Chun Snapchat a sheoladh le geo-scagaire pobail as Gaeilge air, ní gá ach grianghraf a ghlacadh agus an scáileán a svaidhpeáil le rogha na ngeo-scagairí atá ar fáil a fheiceáil, geo-scagaire Gaeilge an cheantair ina measc. Deán cinnte go bhfuil an leagan is déanaí de Snapchat agat agus go bhfuil do shocruithe suímh ar siúl. Bíonn na geo-scagairí Gaeilge ar rothlú in áiteanna áirithe le daonra mór agus le mór-rogha de gheo-scagairí pobail, mar sin ní bhíonn rogha na Gaeilge ar fáil sna háiteanna seo i gcónaí.

Úsáid na nGeo-Scagairí Gaeilge de réir Contae:

Contae Úsáid Imprisin
1 Corcaigh 920,000 15,300,000
2 Gaillimh 870,500 16,200,000
3 Ciarraí 589,100 8,900,000
4 Dún na nGall 568,300 7,100,000
5 Tiobraid Árann 530,400 6,100,000
6 Baile Átha Cliath 481,600 10,500,000
7 Cill Dara 443,100 7,600,000
8 Maigh Eo 420,600 6,300,000
9 An Clár 387,300 6,100,000
10 Loch Garman 352,800 5,600,000
11 Luimneach 350,100 4,900,000
12 Laois 332,900 6,100,000
13 Muineachán 313,100 3,700,000
14 An Cabhán 305,000 3,800,000
15 Tír Eoghain 287,600 4,300,000
16 Cill Chainnigh 260,600 3,000,000
17 Ros Comáin 250,600 3,000,000
18 Cill Mhantáin 241,500 4,600,000
19 Ard Mhacha 224,900 2,700,000
20 217,700 3,600,000
21 Uíbh Fhailí 195,300 2,300,000
22 An Mhí 192,900 2,200,000
23 Port Láirge 187,500 3,100,000
24 An Iarmhí 178,000 2,200,000
25 Fear Manach 140,100 2,100,000
26 Aontroim 130,200 2,200,000
27 Liatroim 125,900 1,400,000
28 Ceatharlach 122,200 1,600,000
29 Sligeach 118,700 1,600,000
30 Longfort 109,900 1,400,000
31 Doire 83,400 2,000,000
32 An Dún 70,500 1,000,000
IOMLÁN 10,002,300 152,500,000

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.