Skip to main content

Cothrom na Féinne tuillte ag foireann Raidió na Gaeltachta – Conradh na Gaeilge

RTÉ Raidió na GaeltachtaComhionannas pá á éileamh ag Conradh na Gaeilge d’fhoireann iomlán RTÉ

Tá Conradh na Gaeilge ag tacú go láidir le héileamh Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (NUJ) go ndéanfaidh RTÉ athbhreithniú ar chleachtais an stáisiúin maidir leis an mbealach a chaitear le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tá an Conradh ag éileamh ar RTÉ go mbeadh comhionannas pá i gceist le foireann iomlán RTÉ.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá Raidió na Gaeltachta ina stáisiúin náisiúnta atá ag cur seirbhís chuimsitheach ar fáil do phobal iomlán na tíre, agus tá sé ar comhchéim leis na stáisiúin eile a fheidhmíonn faoi bhrat RTÉ. Tá sé go hiomlán mícheart nach mbeadh foireann Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú faoi na cleachtais fhostaíochta agus tuarastail atá i bhfeidhm d’fhoireann RTÉ atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Is léir go bhfuil an éagothroime seo bunaithe ar chúinsí teanga amháin.”

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Níl sé inghlactha go mbeadh RTÉ ag maíomh as obair RTÉ Raidió na Gaeltachta agus iad ag trácht ar fhiúntas sheirbhís RTÉ féin maidir le seirbhís chraolacháin phoiblí, ach ag an am céanna nach bhfuil siad sásta cothrom na Féinne a thabhairt d’fhoireann na seirbhíse. Is léir go mbeidh ar RTÉ tabhairt faoi athbhreithniú a dhéanamh anois ar chleachtais iomlán na seirbhíse agus tá Conradh na Gaeilge ag éilimh ar RTÉ go mbeadh comhionannas tuarastail agus cleachtais oibre eile d’fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh san athbhreithniú sin.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.