Beidh saineolaithe i gcúrsaí oideachais, Gaeltachta agus an phobail ag fiafraí an í Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Réiteach an Scéil? ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge i Seomra Inis Faithleann, Óstán an Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí ag 11.00rn Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2010, agus fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an bpobal páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar an lá.
Áras Chairdinéil Newman Beannaithe Ar Oscailt d'Oíche Chultúir an Chonartha
Beidh deis ag pobal Átha Cliath turas treoraithe a ghlacadh thart ar an bhfoirgneamh fíorstairiúil atá ag Conradh na Gaeilge ag Uimhir a Sé Sráid Fhearchair uair gach 20 nóiméad mar chuid d'Oíche Chultúir 2010 Dé hAoine, 24 Meán Fómhair 2010 (áit go mbeidh na doirse ar oscailt óna 5.00 - 11.00in), agus míneofar an bhaint a bhí ag cuid de na daoine is tábhachtaí i stair agus i bpolaitíocht na hÉireann leis an áras.
Saor-Chomhairle Dlí as Gaeilge
Tá an eagraíocht chearta daonna FLAC ag obair i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge chun seirbhís dlí in aisce a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh ar an chéad Chéadaoin den mhí arís an Fómhar seo.
Oíche Chultúir sa Cheannáras
Agus Oíche Chultúir 2010 Átha Cliath á seoladh go hoifigiúil ag Mícheál Ó Muircheartaigh inniu, Dé Céadaoin, 18 Lúnasa 2010, is cinnte go mbeidh an ceiliúradh cultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar an Aoine, 24 Meán Fómhair 2010, ar an gceiliúradh Gaeilge is mó san ardchathair mar chuid den Oíche Chultúir go dtí seo!
Glúin Nua na Gaeilge sa Siopa Leabhar
Tá athraithe móra i ndán do cheann de na hinstitiúidí Gaeilge is mó clú air sa tír - An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 - faoi stiúir an bhainisteora nua, Daragh Ó Tuama, agus an chúntóra úir aige, Cian Taaffe.
Moltaí an Chomhchoiste Le Moladh
Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a sheolfar inniu, Dé Céadaoin, 28 Iúil 2010, agus éilíonn ar an Rialtas anois glacadh ina n-iomláine leis na moltaí sa tuarascáil chéanna.
Laochra an Spóirt ag Lá Oscailte Ghaelscoil Ráth Tó
D'eagraigh Gaelscoil Ráth Tó, a osclóidh gan aitheantas i gCo. na Mí ar an 30 Lúnasa, Lá Oscailte do thuismitheoirí in ionad nua na scoile ar an gCéadaoin, 21 Iúil 2010.
Glac Leis An Samhradh Seo!
Tá deis ag coláistí samhraidh ar fud na tíre éirí gafa le Glac Leis, camchuairt spreagúil Chonradh na Gaeilge ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip, an samhradh seo.
Raidió Rí-Rá i mBarr 50 Gnó le Gaeilge
Tá Raidió Rí-Rá, an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, ainmnithe i measc na mBarr 50 Gnó le Gaeilge 2010, gradaim a bhronnfar ag ceiliúradh bliantúil Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.
Tuilleadh Alt...
- Ionaid Chultúir Ar Fáil Don Phobal
- Pádraig Mac Fhearghusa Ath-Thofa
- Ról Chonradh na Gaeilge i Stráitéis 20 Bliain an Rialtais Á Phlé Ag An Aire Carey
- Seoladh Sheirbhís FM Raidió Rí-Rá!
- Athsheoladh an Cheannárais
- Fainic Roimh Aguisín in Aistarraingt Chiorcláin 0044/2007
- Moltaí an Chonartha don Chomhchoiste
- Ainmneacha Gaeilge ar Eastáit Nua
- Bás Aindrias Uí Scolaí