Skip to main content

Gaeltacht X

Posted in General.

Fáilte go Gaeltacht X - an t-eispéireas Gaelach ar líne á reáchtáil arís do 2021. I rith an tsamhraidh beidh muid ag cur ábhar siamsúil, spraíúil ar fáil do dhaoine óga leis an nGaeilge a choinneáil lárnach ina saoil agus an domhan mór athraithe thart orainn.  


Comórtas Amhrán Tí
Gaeltacht X le RTÉ 2FM

logos_comórtas_amhrán_tí.png

Tá an Comórtas Amhrán Tí ar ais!
Brúigh anseo don eolas ar fad ar iontráil, rialacha, duaiseanna agus eile!


 Céard é Gaeltacht X?
Spriocghrúpa

Tá Gaeltacht X dírithe ar dhéagóirí a ba mhaith leo an Ghaeilge a fheiceáil is a úsáid ar na meáin shóisialta an samhradh seo. Dóibh siúd as an Ghaeltacht, dóibh siúd a bhí le freastal ar choláistí samhraidh agus dóibh siúd le suim suim sa teanga i gcoitinne, tá Gaeltacht X ar bun le freastal orthu. 

Spraoi
Tá sé mar aidhm ag Gaeltacht X spiorad spraíúil na gcoláistí samhraidh a choinneáil, agus eipéireas Gaeilge a chothú gan mothúchán an tseomra ranga. Tá cluichí, comórtais agus ábhar de gach chineál pleanáilte againn don samhradh le dul i bhfeidhm ar dhéagóirí ar bhealach sultmhar.

Eolas
Beidh Gaeltacht X ag roinnt eolais le déagóirí faoina gcuid cearta teanga, áiteanna leis an Ghaeilge a úsáid, cén dóigh leis an Ghaeilge a dhéanamh níos nádúrtha i measc cairde agus teaghlach agus go leor eile. 

Foireann Óg
Tá ochtar foirne ag Gaeltacht X leis an eipéireas Gaelach a dhéanamh níos pearsanta, agus le imeachtaí, agallaimh, comórtais agus eile a chur os comhair an phobail. Beidh siad le feiceáil mar aghaidh an chuntais ar ár scéalta gach seachtain, ag tabhairt leargais ar an méid atá ar siúl go laethúil acu féin agus Gaeltacht X araon.


Nascanna

Tá Gaeltacht X á reáchtáil againn ar Instagram agus ar TikTok - lean muid ag na nascanna thíos!

 

ig-logo-email.png         tik-tok.png


(2020) Buaiteoirí Chomórtas Amhrán Tí - Gaeltacht X le RTÉ 2FM

Comhghairdeas ó chroí leis an mbanna Burnchurch a bhí an bua acu sa Chomórtas Amhrán Tí, i gcomhpháirt le RTÉ 2FM. Is banna clainne as Cill Chainnigh iad; Éanna, Síofra, Ruairí agus Sadhbh. Scríobhadar an t-amhrán seo tar éis dóibh an fíorscéal faoin Sultan a chloisteáil don chéad uair. Nach iontach atá sé! Tá €1000 buaite acu agus is cinnte go bhfuil todhchaí mór rompu. 

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na hamhránaithe ar fad a chuir iarratas isteach ar an  gcomórtas seo. Bhí ard-chaighdeán uathu uilig agus chuir siad go mór leis an gcomórtas. 


le gx2

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.