Tá Conradh na Gaeilge déanta suas de níos mó ná 200 craobh in Éirinn agus thar lear, ag obair mar chuid de ghluaiseacht náisiúnta ar son na Gaeilge. Tá craobhacha déanta suas de dhaoine, de ghnáth ag obair go deonach, le spriocanna agus aidhmeanna a bhaint amach. Bíonn cuid de na craobhacha dírithe ar cheantracha ar leith (msh. Craobh Chathair Luimnigh, Craobh Londain), is bíonn cuid acu dírithe ar ábhair ar leith (msh. Craobh Na Gaeil Óga, Craobh Raidió Rí-Rá).
San áireamh anseo tá craobhacha ollscoile, de ghnáth a ghlacann ‘Cumann Gaelach’ nó ‘Cuallacht’ mar ainm. Bíonn na craobhacha seo ag obair i gcoláistí agus ollscoileanna na tíre leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus pobail Ghaelacha a thógáil is a neartú ar a gcampais éagsúla.
Conradh na Gaeilge agus Craobhacha Ollscoile
Tá an gaol idir Chonradh na Gaeilge agus Cumainn Ghaelacha ollscoile tar éis fás agus forbairt go mór le blianta anuas. Cuireann an eagraíocht tacaíocht agus traenáil ar fáil do choistí na gcumann chuile bhliain, éascaíonn an eagraíocht teagmháil idir na cumainn agus grúpaí eile agus tá comhordaitheoir lánaimseartha ag an eagraíocht le hobair i dtreo mianta agus riachtanais chraobhacha tríú leibhéal a bhaint amach.
An Coiste
Ag gach craobh tá coiste déanta suas de dhaoine tofa le gnéithe áirithe d’obair na craoibhe a dhéanamh. Anseo, tá cur síos déanta ar na róil choitianta, agus tá míniú tugtha ar an ghnáth obair a bhíonn ar siúl acu.
Níl anseo ach treoir ar chuid de ghnéithe na bpost, agus is fiú cuimhneamh go dtagann dualgais dhifriúla faoi chúram oifigigh éagsúla ó am go chéile, ag brath ar an bhliain, an choláiste agus araile. Freisin, ag brath ar an gcraobh, is minic nach bhfuil go leor de na hoifigigh seo ar a gcoistí acu, agus d’fhéadfadh oifigigh eile a bheith ann nach bhfuil luaite anseo.
Oifigigh Shinsearacha
Oifigigh Sóisearach
Oifigigh Choitianta Eile
Tacaíochtaí
Tá Conradh na Gaeilge i gcónaí sásta cuidiú a thabhairt do Chumainn Ghaelacha, idir comhairle a thabhairt, pleanáil a dhéanamh, smaointí a phlé agus araile. Tá Comhordaitheoir Tríú Leibhéal lánaimseartha fostaithe againn leis an chuidiú sin a chur ar fáil dár gcraobhacha. Is í Eímear Nig Oireachtaigh an Comhordaitheoir reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag
Déanann Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ nó USI) ionadaíocht ar mhic léinn sa mhórchuid de na coláistí agus ollscoileanna tríú leibhéal, agus tá Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar a bhfoireann acu le ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Gaeilge ag an tríú leibhéal. I measc a gcuid oibre, tugann siad tacaíocht do Chumainn Ghaelacha sna coláistí lena bhfuil siad bainteach, mar sin is foinse mhaith chuidithe iad daoibh. Is í Orlagh Ní Choistealbha an Leas-Uachtarán reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: