bliain na gaeilge 2018

Plean Infheistíochta na Gaeilge & na Gaeltachta

Plean Infheistíochta na Gaeilge & na GaeltachtaComhiarratas

D'aontaigh 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta ar phlean infheistíochta ar son na teanga sa bhliain 2016.

Áirítear eagrais phobail agus uile-Éireann, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu, i measc na ngrúpaí seo. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ó ghrúpaí pobail.

Chomh maith leis sin, d'aontaíomar bearta ionadaíochta a chinnteodh go gcuirfí an plean i bhfeidhm agus go mbeadh ionadaíocht cheart ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag leibhéal Rialtais mar chuid den fheachtas #Gaelvóta.

Príomhaimdhmeanna

Tá sí mar aidhm ag an bplean seo:

  • Breis ‘s 1,150 post a chruthú
  • Tuilleadh deiseanna a sholáthar don phobal leis an nGaeilge a úsáid
  • Ionaid teaghlaigh don phobal a bhunú
  • Lárionaid Ghaeilge a thógáil ar fud na tíre
  • Oifigigh Ghaeilge a fhostú tríd an Scéim Pobal Gaeilge
  • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
  • Scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do pháistí agus do theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste

Aisiompú ar Chiorruithe

Plean Infheistíochta na Gaeilge & na GaeltachtaAisiompú ar na ciorraithe díobhálacha a rinneadh ar earnáil na Gaeilge atá de dhíth uainn ar dtús báire. Chomh maith leis sin, tá infheistíocht níos lú ná maoiniú na bliana 2008 á lorg againn don phlean seo.

Go deimhin, is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa bhliain 2008.

Leathnaíodh réimsí oibre Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta le blianta beaga anuas. Cuireadh cúraimí breise orthu chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn ag an am céanna gur laghdaíodh na buiséid s’acu go suntasach.

Laghdaíodh buiséad na n-údarás Gaeilge agus Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015, mar shampla.

Tá sé thar am ag na rialtais na ciorruithe díobhálacha sin a aisiompú agus infheistíocht mar is ceart agus mar is cóir a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, ag tosú leis an bplean infheistíochta a mhaoiniú ina iomláine.

Athinfheistíocht

Tá infheistíocht de €18 milliún tar éis trí bliana á lorg againn sa phlean infheistíochta:

  • Seo níos lú ná 1% den airgead breise a ceadaíodh san iomlán i gCáinaisnéis 2016 ó dheas.
  • Tá méadú go £2.27 milliún thar trí bliana ó thuaidh san áireamh san fhigiúr seo.
  • Sin 0.43% den airgead breise a gealladh faoi Chomhaontú Theach Stormont 2015.

Níl ach €743,000 as an €18 milliún faighte go dtí seo, .i. 4% den iomlán a bhí de dhíth don bhliain 2017. Tá laghdú de £30,000 faighte ó thuaidh, 'sé sin -1.32% den £2.27 milliún atá á lorg don bhliain seo.

Tacaíocht Traspháirtí

Plean Infheistíochta na GaeilgeTá tacaíocht ag an bplean ó mhóramh na dTeachtaí Dála ó dheas agus ó mhóramh na gComhaltaí ó thuaidh:

Tacaíocht Trasphobail

Is iad seo a leanas na 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachtaa thacaíonn le plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta:

  1. An Clár as Gaeilge Teo
  2. An Droichead Teo
  3. An Foras Pátrúnachta
  4. Aontas na Mac Léinn in Éirinn
  5. Áras na nGael
  6. Cairde Teo
  7. Cairde Uí Néill
  8. Céim Aniar
  9. Coiste Culturtha & Teanga Tuar Mhic Eadaigh
  10. Coiste Dúiche Mhaigh Eo, Conradh na Gaeilge
  11. Coiste Forbartha Charn Tóchair
  12. Coiste Pobail Ghort a’ Choirce
  13. Coláiste na bhFiann
  14. Coláiste na nGael
  15. Comhairle Ceantair na nOileán Teo
  16. Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta
  17. Comhaltas Uladh
  18. Comhar Chaomhan Teo Inis Oírr
  19. Comhar Chuigeil Teo
  20. Comhar Dún Chaocháin Teo
  21. Comharchumann Chléire Teo
  22. Comharchumann Dhúiche Sheoighe
  23. Comharchumann Forbartha Árann
  24. Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
  25. Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
  26. Comharchumann Forbartha Mhuscraí Teo
  27. Comharchumann Forbartha Shailearna
  28. Comharchumann Mhic Dara Teo
  29. Comharchumann na nOileán Bheag Teo
  30. Comharchumann Oileáin Árainn Mhóir
  31. Comharchumann Oileán Thoraí
  32. Comharchumann Rath Chairn
  33. Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo
  34. Comhchoiste Gaeltachta Chiarraí Theas
  35. Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla
  36. Comhlacht Forbartha an Spidéal Teo
  37. Comhlacht Forbartha na Déise Teo
  38. CONCOS
  39. Conradh na Gaeilge
  40. Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar
  41. Conradh na Gaeilge, Craobh an Aonaigh
  42. Croí Éanna
  43. Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
  44. Cultúrlann Uí Chanáin
  45. Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
  46. Cumann Gaelach na hEaglaise
  47. Cumann na bhFiann
  48. Fóram na nÓg
  49. Forbairt Chonamara Láir
  50. Forbairt Mhaigh Cuilinn Teo
  51. Forbairt na Dromada
  52. Gaeilge Locha Riach
  53. Gaeil na Gaillimhe
  54. Gaelfhorbairt na Gaillimhe
  55. Gael-Linn
  56. Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin
  57. Gaelscoileanna
  58. Gael-Taca
  59. Gaillimh le Gaeilge
  60. Glór an Ghleanna
  61. Glór an Tuaiscirt
  62. Glór Cheatharlach
  63. Glór na Móna
  64. Glór na nGael
  65. Glór na nGael, Uachtar Tíre
  66. Gnó Mhaigh Eo
  67. Ionad Deirbhle
  68. Ionad Naomh Phádraig
  69. Ionad Uíbh Eachach
  70. Lárchomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille
  71. Misean Oirthear Bhéal Feirste
  72. Misneach
  73. Muintir Chrónáin Teo
  74. Ógras
  75. Oideas Gael
  76. Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  77. Oireachtas na Gaeilge
  78. Pobal Eascarrach Teo
  79. Pobal ar a’n Iúl - Craobh na hÓmaí
  80. Tuismitheoirí na Gaeltachta

10 gCúis Gur Chóir Tacú leis an bPlean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta:

  1. Tacaíonn tromlach na ndaoine leis an nGaeilge.*
  2. Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann, dar leis na daonáirimh.**
  3. Léirítear i suirbhé go bhfuil an pobal ar aon intinn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil.***
  4. Tá Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 70 grúpa ar lorg €5 mhilliún níos ísle ná an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2008.
  5. Tugadh cúraimí agus dualgais bhreise d'Fhoras na Gaeilge agus d'Údarás na Gaeltachta gan acmhainní breise.
  6. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ó ghrúpaí pobail.
  7. D’fhéadfaí breis agus 1,160 post a chruthú leis an maoiniú atá á lorg.
  8. Bheadh tionchar dearfach aige seo ar gheilleagar an oileáin agus le forbairt gheilleagrach an oileáin.****
  9. Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge, mar shampla.
  10. Caithfidh na rialtais tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus muid ag druidim i dtreo 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge.

* Tacaíonn 93% den daonra ó dheas le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge, dar leis an ESRI & OÉ Maigh Nuad, 2009; ESRI, 2015.
** Daonáireamh 2011.
*** Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015.
**** Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015; Economic benefits associated with the Irish language which accrue to Galway City and to the Galway Gaeltacht, Gaillimh le Gaeilge, 2009.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge