bliain na gaeilge 2018

#GaelVóta

#GaelVóta 2017 ó thuaidhD'oibrigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar fud na tíre chun fóraim ghnímh áitiúla a reáchtáil i ngach contae in Éirinn mar chuid den fheachtas #GaelVóta roimh na toghcháin thuaidh theas anuraidh.

D'aontaigh breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-Éireann, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh - plean infheistíochta chun breis ‘s 1,175 post a chruthú agus chun tuilleadh deiseanna a sholáthar don phobal leis an nGaeilge a úsáid. D'aontaíomar bearta ionadaíochta a chinnteodh go gcuirfí an plean i bhfeidhm agus go mbeadh ionadaíocht cheart ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag leibhéal Rialtais fosta. Is ionann iad seo agus Éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, bunús #GaelVóta.

Anois, agus toghchán Tionóil eile ar na bacáin, d’iarr muid ar gach páirtí polaitíochta agus ar gach iarrthóir toghcháin ó thuaidh a dtacaíocht oifigiúil a ghealladh do na trí mhóréileamh thíosluaite. Seo a leanas freagraí na n-iarrthóirí nó a bpáirtithe a fuair muid faoin Aoine, 17 Feabhra 2017, mar eolas duit agus tú ar tí vóta a chaitheamh ar 2 Márta 2017.

Toghchán an Tionóil ó thuaidh: Déardaoin, 2 Márta 2017

  1. Go ndéanfaí Acht Gaeilge a dheimhniú sula mbeifí páirteach in aon Fheidhmeannas ó thuaidh
  2. Go ndéanfaí an maoiniú cuí i bplean infheistíochta phobal na Gaeilge
  3. Go gceapfaí Aire Pobal agus Aire Oideachais a bheadh toilteanach mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh

* D’iarr muid ar na páirtithe a sheasamh a shoileiriú i dtaca le hAcht Gaeilge de. Cé nach raibh ach páirtí amháin - Pobal Roimh Bhrabús - a dhearbhaigh gur líne dearg é an tAcht, .i. nach mbeadh siad páirteach san Fheidhmeannas mura mbeadh socrú don Acht aontaithe roimh réidh, tá páirtithe eile le tic glas ag tacú go láidir leis an Acht mar thosaíocht reachtúil don Tionól.

** Tháinig roinnt pháirtithe (atá marcáilte Eile) ar ais chugainn ag dearbhú go gcuirfeadh siad an Ghaeilge chun cinn sna Ranna Oideachais agus Pobal, ach chuir siad in iúl nach féidir leo dearbhú go nglacfadh siad leo de thairbhe chóras D’Hondt agus rogha na bpáirtithe eile.

*** I gcás nach bhfuair muid freagra ó pháirtí nó iarrthóir, tá tuairim á tabhairt ag Conradh na Gaeilge faoina seasamh bunaithe ar fhorógraí polaitiúla, ar ráitis phoiblí, agus eile. Is féidir le haon pháirtí nó le hiarrthóir ar bith teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. má tá siad ag iarraidh tacú leis na héilimh agus déanfar na hathruithe cuí.

Freagraí na bPáirtithe Polaitíochta ó thuaidh:

Gliogáil 
pdfanseo le teacht ar sheasamh na bpáirtithe ar an trí mhóréileamh Gaeilge.
Gliogáil pdfanseo le teacht ar chomhfhreagras oifigiúil na bpáirtithe i dtaca leis an trí éileamh Gaeilge.

Freagraí na nIarrthóirí Toghcháin ó thuaidh:

Gligeáil ar do rogha toghcheantair thíos le freagraí iarrthóirí an toghcheantair sin a fheiceáil.

pdfAn Feabhal
pdfAn tIúr agus Ard Mhacha
pdfBéal Feirste Theas
pdfBéal Feirste Thiar
pdfBéal Feirste Thoir
pdfBéal Feirste Thuaidh
pdfAn Dún Theas
pdfAontroim Theas
pdfFear Manach & Tír Eoghain Theas
pdfGleann an Lagain
pdfTír Eoghain Thiar
pdfLár Uladh
pdfLoch Cuan
pdfAontroim Thoir
pdfDoire Thoir
pdfAn Dún Thuaidh
pdfAontroim Thuaidh
pdfUachtar na Banna

Rinneadh teagmháil le gach iarrthóir de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Gabhann muid leithscéal as aon eolas atá míchruinn mar thoradh air seo, nó más rud é gur fágadh aon iarrthóir ar lár. Is féidir le haon pháirtí nó iarrthóir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. má tá siad ag tacú leis na héilimh nó más mian leo tuilleadh eolais a fháil.

*******************************

An raibh a fhios agat?

  • As an 10 bpáirtí a thug tuairim ar Acht na Gaeilge, trí theagmháil a dhéanamh linn nó sna forógraí s'acu, tá 7 bpáirtí i bhfabhar Acht Gaeilge gan ach 3 ina éadán.
  • Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann
  • Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge
  • Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh comóradh ceart ar 1916
  • D’fhreastalódh an plean infheistíochta* atá á mholadh ar an 93% den daonra ó dheas a thacaíonn le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge (ESRI & OÉ Má Nuad, 2009) ar na bealaí seo a leanas:
    • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
    • Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
    • Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil
  • * Is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008

Buíochas ó chroí le gach duine a rinne go leor oibre leis na héilimh seo ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn le cúpla mí anuas.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge