bliain na gaeilge 2018

Bille na dTeangacha Oifigiúla

Official Languages Bill, 2017 | Conradh na Gaeilge's Proposed AmendmentsRinne Conradh na Gaeilge bille dár gcuid féin a dhréachtú le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú i mbliana.

D'fhoilsíomar Bille na dTeangacha Oifigiúla, 2017, i mí na Bealtaine 2017.

Rinne an Conradh na leasuithe seo don Acht a phlé agus a fhorbairt i gcomhar leis an bpobal, le polaiteoirí, agus leis an gCoimisinéir Teanga.

Tá nach mór an fhreasúra ar fad ag tacú leis na leasuithe sa bhille anois, ina measc Fianna Fáil, Sinn Féin, Pobal Roimh Bhrabús, Páirtí an Lucht Oibre, Comhghuaillíocht na Tuaithe, an Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialta, agus Catherine Connolly TD.

Bhí an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, agus an Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag obair go gníomhach linne agus leis an bhfreasúra chun go n-áireofaí na moltaí sna dréachtchinn an bhille nua a d'fhoilsigh an Rialtas ar 2 Meitheamh 2017.

Forálacha an Bhille
Glacann leasuithe an Chonartha moltaí an Choimisinéara Teanga san áireamh.

I measc na bhforálacha atá á moladh leis an Acht a láidriú, tá na moltaí seo a leanas:

  • Go gcuirfí gach seirbhís poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020;
  • Go mbeidh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, rud a shábhálfadh airgead ar an stát;
  • Go gcuirfí deireadh le córas na scéimeanna teanga, a thuairisc an Coimisinéir Teanga le déanaí atá ag teipeadh, agus go gcuirfí córas rialacháin ina n-áit le rangú ar na comhlachtaí stáit mar chuid de seo;
  • Go gcuirfí foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach
  • Go mbeadh an ceart ag gach saoránach an leagan Gaeilge dá n-ainm agus dá seoladh baile a úsáid as Gaeilge*

* Is é an cuspóir atá leis an alt nua seo ná an ceart a thabhairt do dhaoine a n-ainm agus a seolta a úsáid i gceachtar de theangacha oifigiúla an stáit le linn dóibh cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí poiblí. Glacfaidh an stát agus comhlachtaí stáit le pé ainm agus seoladh a thabharfaidh an saoránach dóibh i gceachtar de theangacha oifigiúla an stáit agus féachfaidh siad chuige go bhfuil cruinnlitriú iomlán, sínte fada san áireamh, á chur i bhfeidhm, sna córais teicneolaíochta faisnéise go háirithe.

Tá sé soiléir anois, i ndiaidh nach mór 15 bliain d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, go bhfuil gá leis an reachtaíocht a leasú chun feabhais. Tá codanna áirithe den Acht nach bhfuil ag feidhmiú i gceart agus tá míreanna eile nach bhfuil san áireamh san Acht.

Tá na leasuithe seo á moladh ag Conradh na Gaeilge chun go mbeadh seirbhísí Gaeilge ón stát ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar féidir leo brath orthu. Thabharfadh sé seo spreagadh d’íomhá agus do stádas na Gaeilge sa mhórphobal trí chéile.

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Cúlra an Athbhreithnithe

D'fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a d'fhógair an t-iarAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD ag tús na Samhna 2011. Bhí súil againn an deis a thapú le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge níos éifeachtaí agus níos cuimsí a chinntiú do phobal na Gaeilge.

Bhí go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal chun aighneacht a chur faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtaca leis an athbhreithniú seo. Chuireamar féin aighneacht shamplach agus aighneacht Chonradh na Gaeilge ar fáil chun cabhrú le daoine aighneacht dá gcuid féin a líonadh amach.

Oifig an Choimisinéara Teanga
D'fhógair an Rialtas ar 17 Samhain 2011 go raibh sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Fógraíodh é seo in ainneoin gur fógraíodh an t-athbhreithniú poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla níos lú ná coicís roimh ré, athbhreithniú a raibh ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. Féach an feachtas Oifig an Choimisinéara Teanga

Moltaí d'Acht na dTeangacha Oifigiúla
Sa bhreis ar an éileamh chun an cinneadh seo a fhreaschuir agus tacú le hobair mhaith, éifeachtach, neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga, mhol Conradh na Gaeilge na hathruithe seo a leanas mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

  • Go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile.
    • Ní mór an t-éileamh náisiúnta do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge faoin Acht a chothú ar bhonn pro-ghníomhach freisin, agus an tseirbhís Ghaeilge a dhíol leis an bpobal mar rogha comhchaighdeánach leis an tseirbhís Bhéarla;
  • Go dtabharfaí faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo agus go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla leis;
  • Ba chóir go ndéanfaí soiléiriú ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal.

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014
Bhí Conradh na Gaeilge den tuairim go raibh go leor leasuithe ag teastáil ar chinn billí Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014, ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Níor leagadh dáta amach faoina mbeadh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll.
  • Ní raibh aon spriocanna sásúla ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí.
  • Níor tugadh ról monatóireachta d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030.

Thairis sin, bhí míreanna sna cinn billí d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2014 a lagódh na seirbhísí Gaeilge don phobal, cosúil leis an moladh go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana.

Ba léir ón bpróiseas aighneachtaí agus ó shuirbhéanna mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla sa bhliain 2012 gur láidriú, ní lagú, atá á lorg ag an bpobal ar an reachtaíocht chun a gcearta teanga a chosaint. Chuireamar moltaí an phobail chun cinn go láidir sna seachtainí a lean an cinneadh faoin gCoimisinéir Teanga.

An Staid Reatha
Bille na dTeangacha Oifigiúla, 2017
Ní reachtaíocht amháin a chuirfidh le líon na gcainteoirí Gaeilge, ach tá reachtaíocht ina crann taca tacaíochta don phobal gur mian leo Gaeilge a úsáid.

Chomh maith le reachtaíocht níos láidre, tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcónaí ar mhaoiniú breise a chinntiú ón dá Rialtas thuaidh agus theas. Chuige seo, táimid ag díriú ar an bplean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, plean a chruthódh breis is 1,100 post agus a chuirfeadh an-chuid deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal trí chéile.

Tá Conradh na Gaeilge ag obair go dian chun Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a láidriú. Tá na leasuithe cuimsitheacha atá á moladh againn i mBille na dTeangacha Oifigiúla, 2017, á gcur chun cinn le polaiteoirí ó gach páirtí ó d'fhoilsíomar an bille i mí na Bealtaine. Bí Linn!

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge