bliain na gaeilge 2018

Acht Gaeilge ó Thuaidh

Acht Anois!Cúlra
Foilsíodh Comhaontú Chill Rimhinn i mí Dheireadh Fómhair 2006. Faoin Chomhaontú seo, gheall rialtas na Breataine go reachtófaí acht Gaeilge ó thuaidh trí Westminister mura n-éireodh leis teacht ón bhFeidhmeannas.

Ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag feitheamh le hacht a chosnaíonn a gcearta teanga.

Tá Acht Gaeilge cuimsitheach, ceartbhunaithe á éileamh ag Conradh na Gaeilge le fada an lá. Tá reachtaíocht ann don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, don Ghàidhlig in Albain agus don Ghaeilge ó dheas le fada an lá. Is é an tuaisceart an t-aon áit ar na hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht intíre ann don phríomhtheanga dúchais.

Acht ANOIS atá uainn!

Plé-Cháipéis
D'fhoilsigh muid pdfplé-cháipéis a dhéanann cur síos ar an chostas a bhainfeadh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh le déanaí.

Áirítear sa cháipéis briseadh síos ar na rannóga difriúla a bheadh i gceist le hacht teanga, mar aon le míniúchán ar na rannóga sin, agus moltaí praiticiúla, inoibrithe chun iad a chur i bhfeidhm.

Molann muid go mbeadh 11 rannóg mar chuid d’aon Acht Gaeilge, agus go luafaí forálacha a bhaineann le:

  1. Stádas Oifigiúil don Ghaeilge;
  2. An Ghaeilge sa Tionól;
  3. An Ghaeilge sna Rialtais Áitiúla;
  4. An Ghaeilge agus an BBC;
  5. An Ghaeilge san earnáil oideachais;
  6. Ról an Choimisinéara Teanga; agus
  7. Cúrsaí Logainmneacha.

Déantar briseadh síos ar an chostas iomlán i ndá chuid:

  • costais aon uaire chun an tAcht Ghaeilge a thabhairt isteach = £8.5 - £9 milliún thar 5 bliana
  • costas rialta bliana = £2mhilliún sa bhliain

Is costas é sin de £19 milliún thar saolré 5 bliana d’Fheidhmeannas = £3.8 milliún sa bhliain.

Is infheistiú san eacnamaíocht agus sa phobal ó thuaidh a bheadh san Acht Gaeilge fosta; meastar go nginfí £8milliún sa bhreis d’ioncam don gheilleagar ó thuaidh gach bliain dá gcomhlíonfaí dualgais an BBC do chraolacháin Ghaeilge.

Tacaíocht Traspháirtí & I Measc an Phobail
Tá cúig pháirtí ag tacú leis an éileamh ar son reachtaíocht Gaeilge i bhfoirm Achta, mar aon le 50 as 90 CTR nua-thofa cheana féin.

Bhí breis 's 94% d’aighneachtaí a fuarthas i bpróiseas comhairliúcháin na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) ag tacú le hAcht Gaeilge ó thuaidh. Anuas air sin uile, bhí breis 's 12,000 duine ar shráideanna Bhéal Feirste ag tacú leis an éileamh d'Acht Gaeilge ag Lá Dearg 2017 arna eagrú mar chuid den fheachtas An Dream Dearg ar 20 Bealtaine 2017 fosta.

Tá muid ag éilimh ar na páirtithe ar fad teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo, agus reachtaíocht cosanta agus forbartha don teanga a thabhairt isteach, de réir moltaí Chomhairle na hEorpa, na Náisiún Aontaithe, agus faoi mar a gealladh breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn.

 Cárta Nollag | An Dream Dearg

Ba mhaith liom Acht Gaeilge don Nollaig

Tá cuidiú na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí á lorg ag An Dream Dearg leis an fheachtas #AchtAnois ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

Táthar ag iarraidh ar achan Ghaelscoil ó thuaidh Cárta Nollag a dhéanamh leis na daltaí. Is deis í seo ag Gaelscoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí gníomh áitiúil a dhéanamh le tacú leis an mhór-fheachtas ar son chearta teanga.

Tá teimpléad de chárta Nollag ar fáil pdfanseo.

Is féidir seo a chur i gcló (go dáthaobhach / cúl le cúl) agus iarraidh ar an daltaí é a dhathú isteach don Nollaig. Tá rogha ag na daltaí ansin ainm a shíniú agus ainm na scoile a chur leis.

Is ar mhaithe le cur in iúl do na húdaráis go mbeidh an feachtas ag dul ó neart go neart sa bhliain úr atá na cártaí Nollag seo, agus chuige sin, is féidir an litir a chur chuig ceann de na daoine seo:

  • Theresa May
  • Leo Varadkar
  • Arlene Foster
  • James Brokenshire

Faoi gach Gaelscoil agus gach Gaelcholáiste atá sé cé chucu a gcuireann siad a gcuid cártaí Nollag ar son Achta. Seo a leanas seoladh an cheathrair:

  • Theresa May, 10 Downing Street, Westminster, Londain SW1A 2AA
  • Leo Varadkar, Oifig an Taoisigh, Foirgnimh na Pairliminte, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 R583
  • Arlene Foster, 27 Sráid an Droichid Thóir, Inis Ceithleann, BT74 7BW
  • James Brokenshire, Caisleán Chromghlinne, Hillsborough Castle, An Chearnóg, Cromghlinn, Hillsborough, Co. an Dúin

Is féidir iad a chur ar ais chuig An Dream Dearg fosta agus seolfar iad ar aghaidh ar bhur son:

  • Pádraig Ó Tiarnaigh, 199 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6FB

Tá cóipeanna crua de na Cártaí Nollag ar fáil fosta, agus is féidir iad a fháil saor in aisce ach teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Tá treoirlínte don chárta ar fáil do mhúinteoirí pdfanseo ach is cinnte go mbeidh smaointe eile cruthaitheacha agaibh féin!

Cibé rud a dhéanann sibh, cuirigí ar na meáin shóisialta é - ar Facebook ar Twitter - le go bhfeicfidh an domhan mhór é leis an chlib #AchtAnois agus leis an An Dream Dearg clibeáilte.

Ní fhéadfaí a leithéid a shamhlú bliain ó shin, ach tá muidne, pobal na Gaeilge ar fad, fríd an fheachtas #AchtAnois An Dream Dearg, i ndiaidh tionchair ollmhóire a imirt ar na húdaráis agus ar an aos polaitíochta.

Is iad na Gaelscoileanna, agus na daltaí i do scoil féin todhchaí na teanga, cuisle na hathbheochana. Ní neart go cur le chéile!

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge