Toghcháin 2016

2016 Toghchán Páírtithe OthuaidhD'oibrigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar fud na tíre chun fóraim ghnímh áitiúla a reáchtáil i ngach contae in Éirinn mar chuid den fheachtas #GaelVóta #GaelVóta na toghcháin thuaidh theas i mbliana.

D'aontaigh breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-Éireann, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh - plean infheistíochta chun breis ‘s 1,175 post a chruthú agus chun tuilleadh deiseanna a sholáthar don phobal leis an nGaeilge a úsáid. D'aontaíomar bearta ionadaíochta a chinnteodh go gcuirfí an plean i bhfeidhm agus go mbeadh ionadaíocht cheart ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag leibhéal Rialtais fosta. Is ionann iad seo agus Éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, bunús #GaelVóta.

Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta

Tá pdfplean infheistíochta uile-Éireann aontaithe ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú, agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí agus gach ionadaí polaitíochta tacaíocht oifigiúil don phlean: http://bit.ly/pleanmaoinithe3

bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-Éireann chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú: http://bit.ly/beartaionadaiochta

Toghchán an Tionóil 2016Toghchán an Tionóil ó thuaidh: Déardaoin, 5 Bealtaine 2016
Gligeáil pdfanseo le teacht ar liosta na gComhaltaí a thacaíonn leis na héilimh #GaelVóta:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Pobail* atá tiomanta don Ghaeilge, .i. Aire a bheidh sásta an Straitéis don Ghaeilge agus Acht Gaeilge a chur chun cinn
  3. Go gceapfaí Aire Oideachais a thacaíonn leis an Ghaeilge sa chóras oideachais, .i. Aire a bheidh sásta an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus tacú go láidir leis na scoileanna eile gur mian leo an Ghaeilge a mhúineadh

Buíochas le tacaíocht an phobail, d’éirigh linn dul i bhfeidhm ar na hiarrthóirí agus tá 43 Comhalta anois tofa sa Tionól ag tacú le trí éileamh phobal na Gaeilge. Is céim an-mhór chun cinn í seo, agus tá argóint againn go bhfuil ionadaithe ó cheithre pháirtí taobh thiar de na héilimh anois agus ba chóir, mar sin, go gcuirfí an trí éileamh i bhfeidhm. Tá liosta le sonraí teagmhála na bpolaiteoirí ag tacú linn ar fáil pdfanseo. Mar eolas, tá teagmháil déanta againn leis an 43 polaiteoir cheana féin ach tá sé i bhfad Éireann níos tábhachtaí go dtiocfadh teagmháil ón phobal áitiúil. Tá cruinnithe lorgtha againn fosta le hionadaithe ó na ceithre pháirtí.

Freagraí na bPáirtithe Polaitíochta ó thuaidh:
Gliogáil pdfanseo le teacht ar sheasamh na bpáirtithe ar an trí éileamh Gaeilge.

Freagraí na nIarrthóirí Toghcháin ó thuaidh:
Gligeáil ar do rogha toghcheantair thíos le freagraí iarrthóirí an toghcheantair sin a fheiceáil.

pdfAn Feabhal
pdfAn tIúr agus Ard Mhacha 
pdfBéal Feirste Theas
pdfBéal Feirste Thiar
pdfBéal Feirste Thoir
pdfBéal Feirste Thuaidh
pdfDeisceart an Dúin
pdfDeisceart Aontroma 
pdfFear Manach & Deisceart Thír Eoghain
pdfGleann an Lagain
pdfIarthar Thír Eoghain
pdfLár Uladh
pdfLoch Cuan
pdfOirthear Aontroma
pdfOirthear Dhoire
pdfTuaisceart an Dúin 
pdfTuaisceart Aontroma
pdfUachtar na Banna

Eagraíodh fóraim ghnímh leis na héilimh seo a phlé le déanaí.

Is iad Sinn Féin, SDLP, Pobal Roimh Bhrabús agus Cross-Community Labour Alternative na páirtithe atá ag tacú go hoifigiúil leis na héilimh mar pháirtithe ina n-iomláine go fóill. Tá am go fóill ag iarrthóirí agus ag páirtithe eile a dtacaíocht a thabhairt do na héilimh roimh an toghchán ar 5 Bealtaine 2016.

* Rinneadh teagmháil ar a laghad faoi dhó le gach iarrthóir de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Gabhann muid leithscéal as aon eolas atá míchruinn mar thoradh air seo, nó más rud é gur fágadh aon iarrthóir ar lár.

** Is féidir le haon pháirtí nó iarrthóir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. má tá siad ag tacú leis na héilimh nó más mian leo tuilleadh eolais a fháil.

*******************************

Toghchán an tSeanaid ó dheas: Dé Máirt, 26 Aibreán 2016 (vóta poist)
Cinntigh go dtacaíonn gach Seanadóir nua leis na héilimh Ghaeilge & Ghaeltachta

*******************************

Éilimh #GaelVótaOlltoghchán ó dheas: Dé hAoine, 26 Feabhra 2016
Déan teagmháil leis na Teachtaí Dála nuathofa
Gligeáil pdfanseo le teacht ar liosta na dTeachtaí Dála a thacaíonn leis na héilimh #GaelVóta:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais
  3. Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile

Buíochas le tacaíocht an phobail, d’éirigh linn móramh a bhaint amach de theachtaí nuathofa (84 Teachta Dála) atá ag tacú le trí éileamh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is céim an-mhór chun cinn í seo agus tá an argóint dhlisteanach againn go bhfuil móramh taobh thiar de na héilimh anois; is cuma cén Rialtas a chuirfear ar bun anois, ba chóir go gcuirfí an trí éileamh i bhfeidhm. Tá liosta le sonraí teagmhála na dTeachtaí Dála atá ag tacú linn ar fáil pdfanseo agus mar eolas, tá teagmháil déanta againn leis an 84 TD cheana féin. Tá sé i bhfad Éireann níos tábhachtaí agus níos éifeachtaí nuair a dhéanann an pobal áitiúil teagmháil leo áfach, mar sin ár míle buíochas libh as cabhrú linn leis seo.

Freagraí na bPáirtithe Polaitíochta ó dheas:
Gligeáil pdfanseo le teacht ar na freagraí ó na páirtithe.
Is féidir teacht ar na tagairtí ar fad a rinne na páirtithe polaitiúla don Ghaeilge & don Ghaeltacht pdfanseo.

Freagraí na nIarrthóirí Olltoghcháin ó dheas:
Gligeáil ar do rogha toghcheantair thíos le freagraí iarrthóirí an toghcheantair sin i dtaobh na n-éileamh a fheiceáil (is féidir gliogáil pdfanseo chomh maith le teacht ar fhreagraí na n-iarrthóirí ar fad).

Cúige Chonnacht
pdfGaillimh Thiar
pdfGaillimh Thoir
pdfMaigh Eo
pdfRos Comáin-Gaillimh
pdfSligeach–Liatroim

Cúige Laighean
pdfBaile Átha Cliath Láir
pdfBaile Átha Cliath Thiar Meán
pdfBaile Átha Cliath Fhine Gall
pdfBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh
pdfCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
pdfBaile Átha Cliath – Rath an Dúin
pdfBaile Átha Cliath Theas-Lár
pdfCuan Bhaile Átha Cliath Theas
pdfBaile Átha Cliath Thiar Theas
pdfBaile Átha Cliath Thiar 
pdfDún Laoghaire
pdfCill Mhantáin
pdfLoch Garman
pdfCeatharlach – Cill Chainnigh
pdfCill Dara Thuaidh
pdfCill Dara Theas
pdfAn Longfort -An Iarmhí
pdfLaois
pdf
pdfAn Mhí Thoir
pdfAn Mhí Thiar
pdfUíbh Fhailí

Cúige na Mumhan
pdfCathair Luimnigh
pdfLuimneach
pdfAn Clár
pdfCiarraí
pdfTiobraid Árann
pdfPort Láirge
pdfCorcaigh Thoir
pdfCorcaigh Thiar Thuaidh
pdfCorcaigh Thuaidh-Lár
pdfCorcaigh Theas-Lár
pdfCorcaigh Thiar Theas

Cúige Uladh
pdfDún na nGall
pdfAn Cabhán – Muineachán

* Rinneadh teagmháil ar a laghad faoi dhó le gach iarrthóir de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Gabhann muid leithscéal as aon eolas atá míchruinn mar thoradh air seo, nó más rud é gur fágadh aon iarrthóir ar lár.

** Is féidir le haon pháirtí nó iarrthóir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. má tá siad ag tacú leis na héilimh nó más mian leo tuilleadh eolais a fháil.

*******************************

An raibh a fhios agat?

  • Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann
  • Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge
  • Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh comóradh ceart ar 1916
  • D’fhreastalódh an plean infheistíochta* atá á mholadh ar an 93% den daonra ó dheas a thacaíonn le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge (ESRI & OÉ Má Nuad, 2009) ar na bealaí seo a leanas:
    • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
    • Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
    • Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil
  • * Is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008

Buíochas ó chroí le gach duine a rinne go leor oibre leis na héilimh seo ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn le cúpla mí anuas.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge