#SEAS19

#SEAS17

Lá Stocaireachta Chonradh na Gaeilge le Teachtaí Dála agus Séanadóirí maidir le tuilleadh infheistíochta don Ghaeilge

Bhí Clinic na Gaeilge, a mhair 10 n-uaire a chloig, eagraithe ag Conradh na Gaeilge, in Óstán Buswells chun tacaíocht ar son Phlean Infheistíochta don Ghaeilge agus na Gaeltachta a chur chun tosaigh.

Bhí ionadaithe Chonradh na Gaeilge agus phobal na teanga ó thoghcheantair ar fud na hÉireann i mBaile Átha Cliath chun cruinnithe a dhéanamh le polaiteoirí áitiúla s’acu chun maoiniú breise de €5 mhilliún a éileamh don teanga mar chuid de Cháinaisnéis 2020. Buíochas ó chroí le gach baill Craoibhe agus le hionadaithe na comharchumainn Ghaeltachta a d’fhreastail ar #SEAS19, go háirithe leo siúd a thaisteal ar an lá. D’éirigh go han-mhaith leis an lá. D’fhreastail níos mó ionadaithe ná aon bhliain eile.

Bhí Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Airgeadais Paschal Donohoe maoiniú breise de €5 mhilliún a chur ar fáil ar son Phlean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltachta mar chuid de Cháinaisnéis 2020. Shuigh gníomhaithe teanga ó gach cearn den tír síos lena dTeachtaí Dála agus Séanadóirí áitiúla chun a n-imní i dtaobh maoinithe Gaeilge agus Gaeltachta a chur in iúl mar chuid de Lá Stocaireachta ‘Clinic na Gaeilge’ #SEAS19 ag Sráid Chill Dara.

“Spreagann Clinic na Gaeilge guthanna Gaeilge agus Gaeltachta chun dúshlán polaiteoirí a thabhairt san Ard-Chathair, áit ar féidir leo na ceisteanna is tábhachtaí dóibh féin a ardú,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge.

“Tá an Plean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta aontaithe ag 88 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, agus tiocfaidh breis agus 1,190 post nua as.”
“Mar aon leis seo cinnteoidh an plean go mbeidh acmhainní riachtanacha ar fáil chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga, mar aon le deiseanna úsáide Gaeilge a éascú ar fud na tíre.”
“Tá buiséad Údarás na Gaeltachta gearrtha suas le 65% ó bhí 2008 ann agus tá buiséad Fhoras na Gaeilge laghdaithe le €5 mhilliún i gcompráid le maoiniú 2008.
“Tá sé in am don Rialtas infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.”

“Mar aon leis na stocairí agus ionadaithe ó na toghcheantair éagsúla a bheas inár gcuideachta inniu, tá go leor eile ag dul i dteagmháil le polaiteoirí áitiúla s’acu ar an ghuthán, ar rphost, ar líne nó i gclinicí go háitiúil” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

“Tá an obair seo ar fad iontach go deo tábhachtach sula bhfógraítear an cháinaisnéis. Is láidre muid mar phobal nuair a thagann muid le chéile ar na croí-cheisteanna seo - ní neart go cur le chéile.”

Bhí an t-ádh orainn go raibh Cormac Ó hEadhra agus ‘Nuacht a hAon’ ag craoladh beo linn ar na lá. Ghlac Seán Kyne TD, Aengus Ó Snodaigh TD, Catherine Connolly TD agus Dara Calleary TD páirt i bpainéal beo ar an aer agus ansin labhair Clíodhna Ní Dhufaigh (Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn), Páidí Ó Sé (Corca Dhuibhne),
Dónall Ó Cnáimhsí (Meitheal Pleanála Teanga Iarthuaiscirt) agus Maire Ui Mhaoláin (Comhar na nOileán Teo) leo.

Is féidir le gach ball agus le gach Craobh cabhrú. Déan teagmháil le d’ionadaithe áitiúla agus na Teachtaí Dála. Le chéile, éireoidh linn tionchar a imirt ar na húdarais chun cothrom na féinne a chinntiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní neart go cur le chéile! Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

AM4Z2823copy
AM4Z2844copy
AM4Z2888Copy
AM4Z2919copy
AM4Z2970copy
AM4Z2858copy
AM4Z3029copy
AM4Z3080copy
AM4Z3152copy

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge