

Titfidh CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael amach Dé Sathairn 20 Meán Fómhair 2025.
Baileoidh an slua le chéile ag Cearnóg Pharnell agus siúlfar fríd croílár Bhaile Átha Cliath comh fada le Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí agus agóid.
Tháinig seo mar thoradh ar chruinnithe éigeandála, ar Thionóil Ghéarchéime, agus ar chomhráití móra idir neart de na mór-fheachtais thuaidh theas. Aontaíodh mionsonraí an mhórshiúil ag an Tionól Géarchéime Náisiúnta a eagraíodh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag deireadh mhí na Bealtaine agus is ag an chruinniú chéanna a pléadh na mór-éilimh a bheadh le cur chun tosaigh ar an lá mór féin.
Baileoidh an slua le chéile ag Cearnóg Pharnell agus siúlfar fríd croílár Bhaile Átha Cliath comh fada le Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí agus agóid.
Tháinig seo mar thoradh ar chruinnithe éigeandála, ar Thionóil Ghéarchéime, agus ar chomhráití móra idir neart de na mór-fheachtais thuaidh theas. Aontaíodh mionsonraí an mhórshiúil ag an Tionól Géarchéime Náisiúnta a eagraíodh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag deireadh mhí na Bealtaine agus is ag an chruinniú chéanna a pléadh na mór-éilimh a bheadh le cur chun tosaigh ar an lá mór féin.
Na Mór-Éilimh

Maoiniú
Go n-aithneofar an bonnleibhéal maoinithe éagothrom stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus an séanadh cearta teanga éirithe as sin thar na blianta don phobal agus go gcuirfear maoiniú sásúil ar fáil tríd na háisíneachtaí stáit cuí le freastal go cothrom ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Oideachas
Go mbeidh an ceart agus an soláthar sásúil cuí curtha ar fáil ag an dá Rialtas thuaidh agus theas chun go mbeidh gach dalta scoile in ann freastail ar an nGaelscolaíocht agus go mbeidh an ceart agus an soláthar sásúil cuí curtha ar fáil do gach dalta scoile le Gaeilge a fhoghlaim i gcóras comhthaite i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla

Cearta
Go gcomhlíonfar agus go gcuirfear gach cearta teanga, reachtaíocht teanga agus gealltanais Rialtais bainte amach le tamall de bhlianta anuas i bhfeidhm gan a thuilleadh moille

Tithíocht
Go gcinnteofar go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais agus an teanga a shlánú mar theanga phobail sna ceantair chéanna
10 bhFíric & bhFadhb ó Dheas
- 1. Tá an líon daoine le Gaeilge mar chéatadán den daonra iomlán tar éis titim ó 40% i 2011 go 37% i 2022
- 2. Níl ach 20,261 cainteoir laethúil ann faoin am seo sa Ghaeltacht agus tháinig laghdú 13% ar an líon cainteoir laethúil sa Ghaeltacht idir 2011 agus 2022
- 3. Tá níos mó ná 1,000 teach / árasán ar Airbnb sa Ghaeltacht Vs níos lú ná 10 dteach ar fáil le tógáil ar cíos go fad téarmach sa Ghaeltacht
- 4. Ní chaitheann an Stáit ach 0.10% de chaiteachas iomlán an Stáit ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta a bhaineann le Roinn na Gaeltachta (sin caiteachas ar Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge san áireamh)
- 5. Nuair a tógtar boilsciú san áireamh tá laghdú 45% ar an maoiniú atá ag Foras na Gaeilge ná a bhí acu 20 bliain ó shin cé go bhfuil an méid grúpaí atá le maoiniú sa phobal tar éis fás go tréan
- 6. Is ionann an méid maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus 8 n-oiread níos mó maoinithe ag an gComhairle ná ag Foras na Gaeilge (20 bliain ó shin bhí an Comhairle ag fáil 2.5 oiread níos mó maoinithe ná a bhí Foras na Gaeilge)
- 7. Cé gur gheall an Rialtas deireanach go mbeadh siad ag oibriú i dtreo an líon daltaí sa Ghaelscolaíochta a dhúbailt, thit an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht 3%
- 8. Tá 30 nóiméad sa tseachtain le baint ó mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil ó rang a 1 go rang a 6 ó mhí Meán Fómhair 2025 ar aghaidh
- 9. Tá breis is 50,000 dalta sna meánscoileanna le díolúine ó staidéar na Gaeilge agus níl aon phlean in aon chor le dul i ngleic leis na ndíolúintí
- 10. Tá an méid airgid a cuirtear ar fáil ó Fhoras na Gaeilge sá scéimeanna ag laghdu i gcónaí agus faoin am seo níl na grúpaí sa Scéim Forbartha Líonra Gaeilge ach ag fáil €48,000 sa bhliain, méid nach gclúdaíonn as tuarastal an oifigigh mar chuid den scéim fiui gcásanna áirithe agus nach bhfágann aon scéim le buiséad ceart le himeachtaí a eagru sa phobal



10 bhFíric & bhFadhb ó Thuaidh
- 1. Tá 60% de Ghaelscoileanna ó thuaidh fós lonnaithe i gcóiríocht shealadach, neamh-shásúil.
- 2. Tá titim tubaisteach tagtha ar líon na ndaltaí atá ag roghnú na Gaeilge mar ábhar GCSE sna meánscoileanna Béarla ó thuaidh le 20 bliain anuas, ó 2630 dalta sa bhliain 2004 go 1572 sa bhliain 2024.
- 3. Faoi láthair, suíonn an bunlíne maoinithe don Ghaeilge ó thuaidh ag timpeall 0.024% den státchiste iomlán (thart ar £7m sa bhliain). Mar fhoinse comparáide, tá Rialtas na Breataine Bige ag caitheamh níos mó airgid ar Straitéis teanga s’acu in aon bhliain amháin ná mar atá an Roinn Pobail i ndiaidh a chur fríd Foras na Gaeilge le 10 mbliana anuas.
- 4. Tá sé deimhnithe faoi dhó san Ard Chúirt go bhfuil ag teip ar an Fheidhmeannas ó thuaidh glacadh le straitéis don Ghaeilge. Tá an dualgas seo sa dlí ó bhí 2007 ann.
- 5. Leabaíonn an reachtaíocht teanga stairiúil a fuarthas faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga ról an Choimisinéara Gaeilge i gcroílár na polaitíochta anseo; ciallaíonn seo go bhfuil cros gníomhach ag an DUP ar gach mír a bhaineann leis an ról agus leis an reachtaíocht féin.
- 6. Cuirtear cosc ar chomharthaíocht dhátheangach i spásanna roinnte, poiblí ó thuaidh.
- 7. Tá earnáil na luathbhlianta Gaeilge ag snámh in aghaidh easa, le méadú suntasach ar éileamh do sheirbhísí tráth a bhfuil cur chuige neamhghníomhach ann ón stát, rud a chuireann tuilleadh brú airgeadais, acmhainní agus foirne ar an earnáil.
- 8. Tá polasaithe bunús na gcomhairlí áitiúla mar a bhaineann le sráidainmneacha thar a bheith dian agus sriantach agus iad deartha ar bhealach chun cinntiú nach mbeidh rath ar iarratais chun feiceálacht na Gaeilge a mhéadú.
- 9. Déantar imeaglú go fóill ar dhaoine a bhfuil sé de dhanacht acu an Ghaeilge a fhoghlaim, a cheiliúradh nó a úsáid.
- 10. Tugann údaráis phoiblí suntas d’argóintí seicteacha, éadulangacha, gan bhunús i gcoinne na Gaeilge agus iad ag tabhairt faoi scagtha nó measúnaithe comhionannais ar cheisteanna tábhachtacha Gaeilge.



Poiblíocht

TUAIRISC

Irish Central

RTÉ Raidió na Gaeltachta

LMFM
Póstaeir le híoslódáil
