Duais de hÍde 2018

Buaiteoirí Dhuais de hÍde 2017 leis an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus Cathal Ó Searcaigh, file agus moltóir an chomórtais, ag Féile Filíochta Bhéal na mBuillí 2017Príomhchomórtas Filíochta na Gaeilge
Urraithe ag Conradh na Gaeilge

Tá Duais de hÍde, príomhchomórtas filíochta na Gaeilge á urrú ag Conradh na Gaeilge ag Féile Filíochta Idirnáisiúnta Bhéal na mBuillí arís i mbliana.

Comórtas le haghaidh dánta i nGaeilge na hÉireann amháin é seo. Dánta 70 líne nó níos lú, nár foilsíodh cheana, atá de dhíth faoin 1 Nollaig 2017.

Fógrófar an buaiteoir i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, ar 5 Bealtaine 2018.

  • 1cd Duais €600
  • 2ra Duais €400
  • 3ú Duais €300
  • Táillí léitheoireachta de €200 le haghaidh an triúir eile ar an ngearrliosta

Foilseofar an 6 dhán ón ngearrliosta i nDuanaire Bhéal na mBuillí 2018 / Strokestown Anthology 2018.

TÚS IONTRÁLA: 1 Meán Fómhair 2017
DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA: 1 Nollaig 2017

TÁILLE IONTRÁLA: €6 an dán
COINNÍOLLACHA IONTRÁLA
FOIRM IONTRÁLA

MOLTÓIR: Pádraig Mac Fhearghusa

Pádraig Mac Fhearghusa, moltóir Dhuais de hÍde 2018Rugadh Pádraig Mac Fhearghusa i mBéal Átha Fhinín in Iarthar Chorcaí i 1947. D’fhoilsigh an Clóchomhar a chéad leabhar filíochta, Faoi Léigear, i 1980. Ghnóthaigh na cnuasaigh Mearcair agus An Dara Bás príomhdhuaiseanna filíochta an Oireachtais i 1996 agus 2002 fá seach. I measc na leabhar eile uaidh tá Conradh na Gaeilge i gCiarraí (1995) agus Tóraíocht an Mhíshonais, méar ar eolas ar Freud agus Jung (1997). Geasa (2011) an cnuasach filíochta is déanaí uaidh. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 2008-2011. Tá sé ina eagarthóir ar an míosachán liteartha Feasta.

EOLAS BREISEwww.strokestownpoetry.org/competitions-2018/duais-filiochta-dhubhglas-de-hide-2018/

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge