Skip to main content


Beidh an chéad agóid náisiúnta 'CEARTA'  ar son ár dteanga le breis agus deich mbliana ar siúl ar an 20 Meán Fómhair ó Chearnóg Parnell go Teach Laighean.

Tagann an agóid seo i ndiaidh blianta de ghealltanais bhriste nó neamhchomhlíonta agus gníomhartha easnamhach chun tacú lenár dteanga agus leis an nGaeltacht.


Na Mór-Éilimh 

Maoiniú

Le dul i ngleic leis an éigeandáil i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta, éilítear:

Go n-aithneofar éagothroime stairiúil an bhonnleibhéil mhaoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus an tionchar diúltach a bhí aige seo ar fhíorú chearta teanga an phobail thar na blianta

Go gcuirfear maoiniú sásúil ar fáil tríd na háisíneachtaí stáit cuí le maoiniú cothrom agus sásúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Tuilleadh Eolais

Oideachas

Le dul i ngleic leis an éigeandáil sna córais oideachais, éilítear:

Go mbeidh sé de cheart ag gach dalta scoile thuaidh agus theas freastal ar an nGaelscolaíocht agus chuige sin go gcuirfidh an dá Rialtas an soláthar sásúil cuí ar fáil

Go mbeidh sé de cheart ag gach dalta scoile ag freastail ar scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla thuaidh agus theas eispéireas sásúil foghlama Gaeilge a bheith acu, agus chuige sin go gcuirfear an soláthar sásúil cuí ar fáil

Tuilleadh Eolais

Cearta

Tá roinnt cearta teanga, reachtaíochta teanga agus gealltanais Rialtais breise bainte amach le roinnt blianta anuas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ach níl cuid mhaith acu feidhmithe agus ag soláthar na gcearta cuí don phobal fós

Go gcomhlíonfar agus go gcuirfear gach ceart teanga, reachtaíocht teanga agus gealltanas Rialtais bainte amach le tamall de bhlianta anuas i bhfeidhm gan a thuilleadh moille

Tuilleadh Eolais

Tithíocht

Le dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht:

Go gcinnteofar go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais, an soláthar cuí a dhéanamh leis seo a chinntiú agus, mar thoradh air seo, cabhrú leis an teanga a shlánú agus a láidriú mar theanga phobail sna ceantair chéanna

Tuilleadh Eolais

10 bhFíric & bhFadhb ó Dheas

  • 1. Tá an líon daoine le Gaeilge mar chéatadán den daonra iomlán tar éis titim ó 40% i 2011 go 37% i 2022 
  • 2. Níl ach 20,261 cainteoir laethúil ann faoin am seo sa Ghaeltacht agus tháinig laghdú 13% ar an líon cainteoir laethúil sa Ghaeltacht idir 2011 agus 2022
  • 3. Tá níos mó ná 1,000 teach / árasán ar Airbnb sa Ghaeltacht Vs níos lú ná 10 dteach ar fáil le tógáil ar cíos go fad téarmach sa Ghaeltacht
  • 4. Ní chaitheann an Stáit ach 0.10% de chaiteachas iomlán an Stáit ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta a bhaineann le Roinn na Gaeltachta (sin caiteachas ar Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge san áireamh)
  • 5. Nuair a tógtar boilsciú san áireamh tá laghdú 45% ar an maoiniú atá ag Foras na Gaeilge ná a bhí acu 20 bliain ó shin cé go bhfuil an méid grúpaí atá le maoiniú sa phobal tar éis fás go tréan
  • 6. Is ionann an méid maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus 8 n-oiread níos mó maoinithe ag an gComhairle ná ag Foras na Gaeilge (20 bliain ó shin bhí an Comhairle ag fáil 2.5 oiread níos mó maoinithe ná a bhí Foras na Gaeilge)
  • 7. Cé gur gheall an Rialtas deireanach go mbeadh siad ag oibriú i dtreo an líon daltaí sa Ghaelscolaíochta a dhúbailt, thit an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht 3%
  • 8. Tá 30 nóiméad sa tseachtain le baint ó mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil ó rang a 1 go rang a 6 ó mhí Meán Fómhair 2025 ar aghaidh
  • 9. Tá breis is 50,000 dalta sna meánscoileanna le díolúine ó staidéar na Gaeilge agus níl aon phlean in aon chor le dul i ngleic leis na ndíolúintí
  • 10.  Tá an méid airgid a cuirtear ar fáil ó Fhoras na Gaeilge sá scéimeanna ag laghdu i gcónaí agus faoin am seo níl na grúpaí sa Scéim Forbartha Líonra Gaeilge ach ag fáil €48,000 sa bhliain, méid nach gclúdaíonn as tuarastal an oifigigh mar chuid den scéim fiui gcásanna áirithe agus nach bhfágann aon scéim le buiséad ceart le himeachtaí a eagru sa phobal

10 bhFíric & bhFadhb ó Thuaidh

  • 1. Tá 60% de Ghaelscoileanna ó thuaidh fós lonnaithe i gcóiríocht shealadach, neamh-shásúil.
  • 2. Tá titim tubaisteach tagtha ar líon na ndaltaí atá ag roghnú na Gaeilge mar ábhar GCSE sna meánscoileanna Béarla ó thuaidh le 20 bliain anuas, ó 2630 dalta sa bhliain 2004 go 1572 sa bhliain 2024.
  • 3. Faoi láthair, suíonn an bunlíne maoinithe don Ghaeilge ó thuaidh ag timpeall 0.024% den státchiste iomlán (thart ar £7m sa bhliain). Mar fhoinse comparáide, tá Rialtas na Breataine Bige ag caitheamh níos mó airgid ar Straitéis teanga s’acu in aon bhliain amháin ná mar atá an Roinn Pobail i ndiaidh a chur fríd Foras na Gaeilge le 10 mbliana anuas.
  • 4. Tá sé deimhnithe faoi dhó san Ard Chúirt go bhfuil ag teip ar an Fheidhmeannas ó thuaidh glacadh le straitéis don Ghaeilge. Tá an dualgas seo sa dlí ó bhí 2007 ann.
  • 5. Leabaíonn an reachtaíocht teanga stairiúil a fuarthas faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga ról an Choimisinéara Gaeilge i gcroílár na polaitíochta anseo; ciallaíonn seo go bhfuil cros gníomhach ag an DUP ar gach mír a bhaineann leis an ról agus leis an reachtaíocht féin. 
  • 6. Cuirtear cosc ar chomharthaíocht dhátheangach i spásanna roinnte, poiblí ó thuaidh.
  • 7. Tá earnáil na luathbhlianta Gaeilge ag snámh in aghaidh easa, le méadú suntasach ar éileamh do sheirbhísí tráth a bhfuil cur chuige neamhghníomhach ann ón stát, rud a chuireann tuilleadh brú airgeadais, acmhainní agus foirne ar an earnáil.
  • 8. Tá polasaithe bunús na gcomhairlí áitiúla mar a bhaineann le sráidainmneacha thar a bheith dian agus sriantach agus iad deartha ar bhealach chun cinntiú nach mbeidh rath ar iarratais chun feiceálacht na Gaeilge a mhéadú. 
  • 9. Déantar imeaglú go fóill ar dhaoine a bhfuil sé de dhanacht acu an Ghaeilge a fhoghlaim, a cheiliúradh nó a úsáid.
  • 10. Tugann údaráis phoiblí suntas d’argóintí seicteacha, éadulangacha, gan bhunús i gcoinne na Gaeilge agus iad ag tabhairt faoi scagtha nó measúnaithe comhionannais ar cheisteanna tábhachtacha Gaeilge.

Ardáin Meáin Shóisialta

Poiblíocht

TUAIRISC

Irish Central

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Seachtain

Meon Eile

Meon Eile

Acmhainní le híoslódáil

Póstaer CEARTA A3 Leagan Dátheangach

Bileog Eolais A5

Leagan Gaeilge (4 x 5)

Lógó Meáin Shóisialta

Síniú Ríomhphoist

Busanna

Cúige Uladh


Bus ó Oileán an Ghuail
Ticéid: £10
Tuilleadh eolais: @bri_bheo (Instagram)

Bus ó Ionad Uíbh Eachach, Iarthar Bhéal Feirste 
Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bus ó Ghort an Choirce and an Fál Carrach
Saor in aisce 
More information: Caitlín Ní Bhroin (087 227 0722) or Seanán Mac Aoidh (085 867 0762)

Bus an Dúin (Dún Pádraig - Caisleán Uidhilín - Caisleán Nau - Áth na Long - Cill Chaoil - Caisleán Ruairí - Iúr Cinn Trá)
Ticéid: £5 
Tuilleadh eolais: Ruairí - 07756285912  / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / tinyurl.com/3dxxrmm3 

Bus ó Ghaelscoil Éanna / CLG Éanna, Béal Feirste 
Tuilleadh eolais : Clíodhna Campbell - 07801118797

Bus ó Fhóram na nÓg, Béal Feirste 
Tuilleadh eolais: Dáire Mac Meanman Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 7522269101

Bus ón gCarn, 132A Bóthar Thír Chiana, Doire
Tuilleadh eolais: Joe Ó Dochartaigh - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. /  2879549978

Bus d' Óige Charn Tóchair, 132A Bóthar Thír Chiana, Doire 
Tuilleadh eolais : Aoife Ní Chaiside Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 2879549978

Bus ó Bhaile na Scríne, Glór na Speiríní
Tuilleadh eolais: Conchúr Ó Muirí   
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 07795 536682

Bus ó Mhachaire Fíolta, Glór Mhachaire Fíolta,
Tuilleadh eolais: Conchúr Ó Muirí
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 07796 536682

Bus ó Ghaoth Dobhair, Dún na nGall 
Tuilleadh eolais: Dónall Ó Cnáimhsí (087 249 1101 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.) nó John Ó Fearraigh (087 694 3804 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.)

Bus an Chabháin agus Mhuineacháin
Ticéid: €10 
Tuilleadh eolais:- Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó 0876020856 nó is féidir do shuíochán a chur in áirithe anseo.
Bus ó Chultúrlann Uí Chanáin, Doire
Tuilleadh eolais: 028 7126 4132 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Bus ó Ghaelphobal an Droichead
Tuilleadh eolais : Fionnuala - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Bus ó Ghlór na Móna
Tuilleadh eolais: Eoghan- Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bus ó Fhís an Phobail 
Tuilleadh eolais : Sorcha sorcha@fisanphobail
Bus an Dream Dearg 
Tuilleadh eolais: Dearbhail - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Bus ó Aonach Mhacha agus Gaelphobal Ard Mhacha Theas
Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Cúige Chonnacht


Bus ón Ard-Eaglais i nGaillimh 
Ticéid: Saor in aisce 
Tuilleadh eolais: Líon isteach an fhoirm anseo
Bus Tuismitheoirí na Gaeltachta, ón gCeathrú Rua, Gaillimh 
Tuilleadh eolais : Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó 087 2461685.
Bus ó Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe (do mhic léinn na hOllscoile amháin)
Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 86 014 5244
Traein ó Chaisleán an Bharraigh le Conradh Mhaigh Eo
Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cúige Mumhan


Bus ó Chorca Dhuibhne, Ciarraí
Ticéid: Costas ag braith ar uimhreacha 
Tuilleadh eolais: Barry Ó Siochrú - 087 376 9538

Bus ón gCuallacht, Corcaigh  (Coláiste na hOllscoile Corcaigh)
Do mhic léinn na hollscoile amháin
Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Bus ó Mhúscraí agus Cathair Chorcaí, Corcaigh
Tuilleadh eolais : Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Bus ó Inis, an Clár, An Clár as Gaeilge
Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Port Láirge, traein le Craobh Phort Láirge 
Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 083 101 3880


Cúige Laighean


Traein ó na Solláin, Cill Dara le Cill Dara le Gaeilge 
Tuilleadh eolais: Fía Ní Chíosóig - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 085 748 2427
Leamhcán - Na Gaeil Óga
Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

T- Léinte agus Bioráin CEARTA

Tacaigh le CEARTA - Agóid Náisiúnta na nGael 
T-Léinte ( €12)  / Bioráin (€2)   
Ar fáil ón Siopa Leabhar - cnag.ie/t 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.