Oifig an Choimisinéara Teanga

Oifig an Choimisinéara Teanga

D'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid de phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Leanúint ar aghaidh

Ceisteanna Parlaiminte

Ceisteanna Parlaiminte

Is feachtas leanúnach é seo chun brú a choimeád ar pholaiteoirí na tíre a ngealltanais i leith na teanga a chomhlíonadh agus iad i nDáil Éireann, sa Tionól Reachtach, nó i bParlaimint na hEorpa. Iarrann an Conradh ar Theachtaí Dála nó ar Chomhaltaí an Tionóil ón bhfreasúra ionadaithe an Rialtais a cheistiú go rialta i dtaobh atá déanamh, nó nach bhfuil déanta, acu ar leasa na Gaeilge.

Leanúint ar aghaidh

An Lá Dearg

An Lá Dearg

Beidh mórshiúl stairiúil ann ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach ar 20 Bealtaine 2017, áit a mbeidh cainteoirí áitiúla ag éileamh Cearta, Cothromas, Cóir don Ghaeilge mar chuid den fheachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

Leanúint ar aghaidh

Toghcháin Eorpacha 2014

Toghcháin Eorpacha 2014

D'iarr Conradh na Gaeilge ar iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha todhchaí a roghnú don teanga agus a gcuid tacaíochta a léiriú le gnímh ar son na Gaeilge má thoghtar iad.

Leanúint ar aghaidh

Rith 2014

Rith 2014

Is ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge é Rith. Bhí an fhéile náisiúnta is déanaí ar siúl ón 7 - 15 Márta 2014 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014. Leagadh cúrsa 1000km amach chun ollrith sealaíochta gan stad a dhéanamh ó Bhaile Bhuirne i gCo. Chorcaí go Béal Feirste thar 9 lá, leis na míllte duine ag glacadh páirte ann thar 400 baile. Bhí éagsúlacht ann in 2014 toisc go raibh rith thar oíche i mBaile Átha Cliath den chéad uair riamh.

Leanúint ar aghaidh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge