#Dúshlán

#Dúshlán

Céard é #Dúshlán?Is í aidhm an chomórtais ná mic léinn agus daltaí iarbhunscoile a chur i mbun feachtais ar son na Gaeilge ar bhealach spraíúil. Tugann sé an deis dóibh tabhairt faoi tascanna taithneamhacha lasmuigh den seomra ranga, an Ghaeilge a úsáid i mbealach nádúrtha lena cairde. Beidh 30 dúshlán (tascanna) le baint amach taobh istigh de 50 uair chloig. Táimid ag iarraidh daltaí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de!Dúirt 99% de na daltaí a ghlac páirt anuraidh go raibh siad sásta nó an-sásta leis an gcomórtas.

Leanúint ar aghaidh

Tionól Gaeltachta 2014

Tionól Gaeltachta 2014

Barúntacht bheag in iarthuaisceart Mhaigh Eo atá in Iorras. Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile sa cheantar agus is ceantar Gaeltachta é leithinis Mhuirthead le háilleacht nádúrtha, fhiáin an Atlantaigh ar an dá thaobh de. Is ar thránna aoibhne agus ar bhóithríní ársa Iorrais atá ár dtriail do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2014 ó 3 - 6 Iúil i mbliana. Tá clú agus cáil ar leithéidí Chuan an Fhóid Duibh agus Chuan Oilí sa cheantar, agus fáilteofar roimh fhoghlaimeoirí agus roimh chainteoirí dúchais araon chun a scíth a ligean cois cuain linn ar an saoire Gaeltachta seo.

Leanúint ar aghaidh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge