Skip to main content

Freagra ar sheasamh nua Pháirtí an Lucht Oibre chun fáil réidh leis an riachtanas do Ghaeilge onóracha san Ardteist le dul isteach sna cúrsaí oiliúna tosaigh múinteoireachta


Pointí maidir le moladh Pháirtí an Lucht Oibre:

Ceist na hÉagsúlachta

  • Tá ceist na héagsúlachta i ngairm na múinteoireachta i bhfad níos leithne agus níos casta ná cúrsaí Gaeilge. Níl aon fhianaise ann a thacaíonn leis an milleán a chur ar an nGaeilge mar chúis leis an easpa éagsúlachta. Glacann an argóint seo leis nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag iarrthóirí mionlaithe cheana féin, nó nach bhfuil sé ar a gcumas í a fhoghlaim - barúil atá dímheasúil ar na hiarrthóirí céanna.
  • Cuireann rochtain ar chúrsaí oiliúna leis an easpa éagsúlachta: na riachtanais ghinearálta acadúla (pointí) do chúrsaí oiliúna, an costas maireachtála do mhic léinn, easpa lóistín, srl. Bíonn constaicí eile i gceist nuair a bhíonn daoine ag iarraidh clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta (léiríonn taighde go mbíonn deacrachtaí ag múinteoirí nach Éireannaigh iad na cáipéisí ar fad a fháil óna dtíortha féin)
  • Trí dhíriú ar an nGaeilge mar bhac ar ghairm mhúinteoireachta, seachnaítear aird a tharraingt ar an gciníochas agus ar an idirdhealú atá roimh iarrthóirí mionlaithe sa chóras oideachais in Éirinn.
  • Tá scéimeanna tacaíochta ag go leor ollscoileanna maoinithe ag an Údarás um Ardoideachas (tuilleadh eolais ag an nasc seo) agus tá torthaí dearfacha á mbaint amach trí thacaíocht a thabhairt do dhaoine ó chúlraí éagsúla rochtain a fháil ar chúrsaí oiliúna tosaigh múinteoirí. An taithí atá faighte ó chuid de na cláir thacaíochta sin ná gurb iad na pointí arda CAO seachas H4 sa Ghaeilge atá ina chonstaic do dhaoine ó chúlraí neamhthraidisiúnta.
  • Tá córas ann cheana féin sna bunscoileanna le 3 bliana a thabhairt d’aon mhúinteoir ag teacht isteach sa tír chun an caighdeán cuí Gaeilge a bhaint amach.
  • Dá mbeadh an Ghaeilge ina phríomhbhac ag leibhéal na bunscoile, ní bheadh aon fhadhb le héagsúlacht i measc múinteoirí ag leibhéal na hiar-bhunscoile áit nach bhfuil aon riachtanas Gaeilge ann.

Ganntanas Múinteoirí

  • Níl aon fhianaise ann go bhfuil aon bhaint ag critéir iontrála cúrsaí tosaigh oideachas múinteoirí le ganntanas múinteoirí. Tá fadhbanna sonracha i gcathracha, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus é aitheanta ag príomhoidí gur ganntanas tithíochta is cúis leis an nganntanas múinteoirí do scoileanna i gcathracha.
  • Tá éileamh ollmhór ar na cúrsaí oiliúna tosaigh múinteoireachta (leis an riachtanas cuí san áireamh). Ní athródh laghdú ar an riachtanas Gaeilge an líon múinteoirí a bheadh ag teacht amach astu ar chor ar bith. Dar ndóigh, tá teorann ar an líon mac léinn a ghlactar leo sna coláistí oiliúna leagtha síos ag an Roinn Oideachais.
  • Rinneadh athruithe ar an scéim S&S (Substitution and Supervision) i 2013, rud a chiallaíonn nach féidir le múinteoirí maireachtáil go sásúil ar an bpá mar ionadaí anois. Chuir seo iachall ar mhúinteoirí dul thar lear mura raibh post lánaimseartha faighte acu.

Caighdeán na Gaeilge

  • Aontaíonn muid gur chóir cur le cumas an ábhar mhúinteora sna coláistí oiliúna le linn a gcúrsa 4 bliana ach ba chóir do na mic léinn tosú amach le híoschaighdeán comónta gur féidir tógáil air go leibhéal B2 ar an CEFR.
  • Tá gá leis an riachtanas don Ghaeilge onóracha mar den chuid is mó is í an Ghaeilge an dara teanga atá ag na hábhair mhúinteoirí agus caithfear a chinntiú go bhfuil a dhóthain Gaeilge acu, mar sin, le dul chun cinn a dhéanamh sna coláistí oideachais/cúrsaí tosaigh oideachas múinteoirí. Dar ndóigh, bheadh Béarla líofa ag nach mór gach iarrthóir do na cúrsaí oideachas tosaigh múinteoirí, cuma má tá onóracha nó gnáthleibhéal déanta acu don Ardteist, ach ní hamhlaidh an scéal leis an nGaeilge.

Moltaí malartacha:

Ceist na hÉagsúlachta

  • Scoláireacht iomlán a chur ar fáil d’aon pháiste faoi mhíbhuntáiste, bíodh siad i scoil DEIS nó i scoil eile, le freastail ar an nGaeltacht le linn a dtréimhse scoile.
  • Cur leis na cursaí rochtana don mhúinteoireacht, ar nós an chúrsa ‘Think about Teaching’ a bhí ar siúl go dtí 2021-22, agus atá le bheith ar siúl arís sa bhliain acadúil 2023-24, in Ollscoil Má Nuad. Tá taighde a bhaineann leis an gcúrsa ag an nasc seo agus cuirtear síos ar an eispearas an-fhábhrach a bhí ag na mic léinn ar an gcúrsa le Gaeilge a fhoghlaim trí chóras CEFR. Bhí togra eile i gColáiste Mhuire gan Smál, Step into Teaching, a mhaoinigh an HEA, a raibh campa Gaeilge do dhaoine óga mar chuid de. Tá moil forbartha ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chuireann tacaíocht sa mhata, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ar fáil do scoláirí iar-bhunscoile agus daoine fásta i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath a bhfuil suim acu sa mhúinteoireacht agus a thagann ó chúlraí socheacnamaíocha íseal. Baineann na rannpháirtithe an H4 amach sa Ghaeilge ach ní ghnóthaíonn siad ar fad go leor pointí CAO.

Ganntanas Múinteoirí

  • An cúrsa MGO/PME a ísliú ar ais go bliain amháin agus na táillí don chúrsa a ísliú go suntasach.
    Feabhas a chur ar an scéim S&S (Substitution and Supervision) (ar ais mar a bhí roimh 2013) ionas gur féidir le daoine maireachtáil go sásúil agus iad ag obair mar ionadaí.
  • Poist bhuan lánaimseartha a ofráil do mhúinteoirí.
  • Maoiniú a thabhairt le breis spásanna a chur ar fáil sna cúrsaí. Tháinig ardú ar líon na n-ábhar oidí sa chéad bhliain sa bhliain 2020 de bharr cúrsaí Covid. Níor leanadh leis an ardú seo sa bhliain 2021 agus 2022. Dá dtiocfadh ardú ar líon na scoláirí ag freastal ar na coláistí, d’íoslódh na pointí CAO.

Caighdeán na Gaeilge

  • Polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, mar atá geallta sa Chlár Rialtais, a chur le chéile gan a thuilleadh moille. Ba chóir an polasaí seo a bhunú ar an CEFR agus chabhródh an polasaí seo go mór le cinntiú go mbeadh an caighdeán cuí ag aon dalta le freastail ar choláiste oiliúna amach anseo.
  • Dul i ngleic leis an ró-sholáthar díolúintí ó staidéar na Gaeilge.
  • Cúrsa Gaeltachta ann chuile bhliain den BEd, agus uaireanta teagaisc sa nGaeilge a mhéadú sna coláistí.
  • Tréimhsí tumoideachais nó cláir pháirt-tumoideachais a thairiscint sna coláistí oiliúna.

--

Tá pdf den ráiteas ar fáil anseo. 

Táimid sásta labhairt le Páirtí an Lucht Oibre agus aon dream eile le cur chuige a fhreastalaíonn ar pháistí, ar mhúinteoirí, ar iarrthóirí mionlaithe agus ar an nGaeilge a fhorbairt leo - dearcadh nua agus uaillmhian ag teastáil.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.