Beidh toghchán uachtaránachta ar siúl Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair 2025.
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge #GaelVóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta sa toghcháin seo.
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge #GaelVóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta sa toghcháin seo.
Freagraí Iomlána
Catherine Connolly
1.(a) An bhfuil tú líofa sa Ghaeilge, príomhtheanga náisiúnta na hÉireann, faoi láthair?
Tá mé líofa agus cúrsaí Gaeilge déanta agam i gcaitheamh na mblianta. Bíonn Gaeilge á labhairt agam, gach lá, i mo chuid oibre agus i mo shaol pearsanta.
2. Cad a dhéanfaidh tú, má thoghtar mar Uachtarán na hÉireann thú, chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn?
Is í an Ghaeilge a bheas mar theanga oibre an Árais más mise a bheas i mo Uachtarán. Beidh doras an Árais oscailte agus fáilte mhór agam roimh mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tabharfaidh mé gach cúnamh agus tacaíocht atá ceadaithe dom, mar Uachtarán, dóibh.
3. An dtacaíonn tú le héilimh CEARTA a cuireadh chun cinn ar 20 Meán Fómhair lasmuigh de Theach Laighean ar son pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta:
Aontaím le héilimh CEARTA agus tá tacaíocht léirithe agam do na héilimh seo go minic, agus aird dírithe agam ar mhórshiúl CEARTA agus ar agóidí BÁNÚ.

D’fhoghlaim mé Gaeilge nuair a bhí mé ar scoil agus d’éirigh liom i mo chuid scrúduithe ach nuair a d’fhág mé an scoil agus nuair a chuaigh mé isteach sa mhargadh saothair, ní raibh an deis agam an teanga a úsáid agus faraor mura n-úsáideann tú í cailleann tú í.
1.(b) Mura bhfuil tú líofa sa Ghaeilge, cén sprioc ama atá agat le bheith in ann í a labhairt go líofa (ar a laghad leibhéal B2 ar an FTCE)?
Ba mhaith liom mo chuid Gaeilge a labhairt níos minice agus déanfaidh mé mo dhícheall í a fheabhsú chomh luaith agus is féidir.
2. Cad a dhéanfaidh tú, má thoghtar mar Uachtarán na hÉireann thú, chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn?
Mar Aire bhí mé i gceannas ar chur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge. Tacaím le hacmhainniú na straitéise seo agus le hathbhreithniú a dhéanamh uirthi chun féachaint ceard atá ag obair agus cá bhfuil gá linn tuilleadh a dhéanamh. Mar Uachtarán, ba mhaith liom iarracht náisiúnta a stiúradh dúinn ar fad chun an Ghaeilge a d’fhoghlaimíomar ar scoil a athaimsiú, ár nGaeilge a fheabhsú agus í a úsáid níos mó inár saol laethúil.
3.An dtacaíonn tú le héilimh CEARTA a cuireadh chun cinn ar 20 Meán Fómhair lasmuigh de Theach Laighean ar son pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta:
Nuair a ceapadh mé mar Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in 2014, bhí an buiséad €246 milliún. D’éirigh liom maoiniú breise a fháil ionas gur ardaigh an buiséad bliantúil go €303 milliún – méadú beagnach ceathrú.
Maidir leis Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, tacaím go láidir leo agus ba mhaith liom iad a fhás. Cuirfidh méadú ar líon na ndaltaí a mhúintear trí Ghaeilge le neart na teanga agus cabhróidh sé linn líon na gcainteoirí iomlán a mhéadú.
Tá an Ghaeltacht faoi bhrú. Léiríonn torthaí an Daonáirimh go bhfuil cion na gcainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta tar éis laghdú leanúnach, ó 69% in 2011 go 66% in 2022. Tá imní orm faoi seo agus ceapaim go gcaithfimid gníomhú chun deireadh a chuir leis an laghdú agus a chinntiú go leanfaidh an Ghaeilge ar aghaidh mar theanga bheo i bpobail Ghaeltachta.
Tá an tithíocht ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshlán seo agus tacaím le bearta tithíochta chun an Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú
1.(a) An bhfuil tú líofa sa Ghaeilge, príomhtheanga náisiúnta na hÉireann, faoi láthair?
Heather Humphreys