Skip to main content

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Is é atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus a leasú in 2021, ná reachtaíocht atá ceaptha chun cur le hinrochtaineacht agus infheictheacht na Gaeilge i seirbhísí poiblí. Éilíonn sé ar ranna rialtais, ar údaráis áitiúla, agus ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla.

Leasú 2021 – Cad a d’athraigh?

  • 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí le bheith inniúil i nGaeilge faoi 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí
  • 20% fógraíocht de chomhlachtaí poiblí le bheith as Gaeilge agus 5% de bhuiséad fógraíochta na gcomhlachtaí le caitheamh ar na meáin Ghaeilge
  • Na seirbhísí ó na comhlachtaí poiblí ar fad le bheith curtha ar fáil don Ghaeltacht as Gaeilge (ach níl spriocbhliain luaite leis seo)
  • Aitheantas oifigiúil agus córas le bunú chun go mbeidh an pobal in ann a n-ainmneacha agus a seoltaí, le síntí fada más mian leo, a úsáid le comhlachtaí poiblí (agus nach mbeidh orthu teideal a úsáid mura mian leo)
  • Comhlachtaí san earnáil príobháideach ag soláthar seirbhísí don phobal, ar son chomhlachtaí poiblí, le cloí le forálacha áirithe den Acht
  • Cothromaíocht agus cinnteacht don Ghaeilge le bheith in ábhar margaíochta comhlachtaí poiblí
  • Lógónna reatha as Béarla amháin ag comhlachtaí poiblí le hathrú go lógónna dátheangach, nó go Gaeilge amháin, nuair a bheidh na lógónna le hathnuachan nó le hathrú
  • Ainmneacha oifigiúla ar chomhlachtaí poiblí nua le bheith as Gaeilge amháin, agus cinnteoidh seo go mbeidh lógó gach comhlacht poiblí nua as Gaeilge amháin nó dátheangach
  • Foirmeacha oifigiúla áirithe ag comhlachtaí poiblí le bheith dátheangach nó as Gaeilge amháin
  • Ionadaíocht ar an gCoiste Comhairleach le bheith ag duine mar ionadaí ó limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus ag duine eile mar ionadaí ó lasmuigh den Ghaeltacht
  • Cathaoirleach an Choiste Comhairligh, a bheidh i mbun plean náisiúnta a chur le chéile a thógfaidh earcaíochta gus soláthar seirbhísí san áireamh, le bheith inniúil i nGaeilge
  • Caighdeáin teanga le bheith ann in ionad scéimeanna teanga
  • An tAire Gaeltachta le bheith freagrach as comhordú cur i ngníomh an Phlean Náisiúnta ag na comhlachtaí poiblí
  • Cumhacht breise faireacháin le bheith ag an gCoimisinéir Teanga ar reachtaíocht reatha
  • Struchtúr bainistíochta sinsearacha le bheith freagrach as cur i bhfeidhm an Achta sna Comhlachtaí Poiblí
  • An Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le bheith in úsáid do dhaoine ag soláthar seirbhísí stáit

Seirbhísí Gaeilge a Leathnú

Neartaíonn an tAcht cearta lucht labhartha na Gaeilge. Ní mór do chomhlachtaí poiblí níos mó seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge anois. Cinntíonn sé seo comhsheasmhacht agus cuntasacht níos fearr ar fud ranna agus gníomhaireachtaí rialtais.

Maoirseacht & Infheictheacht a Neartú

Cuireann an tAcht le ról an Choimisinéara Teanga chun comhlíonadh na ndualgas teanga a chinntiú. Méadaíonn sé feiceálacht na Gaeilge sa saol poiblí, rud a éilíonn go mbeadh níos mó doiciméad stáit, suíomhanna gréasáin agus cumarsáid oifigiúil ar fáil i nGaeilge.

An Ghaeilge a Mhéadú san Earnáil Phoiblí

Leagann foráil lárnach den Acht sprioc amach go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí líofa sa Ghaeilge faoi 2030. Tá sé mar aidhm aige foireann le Gaeilge a mhéadú in oifigí poiblí, rud a fhágann go mbeidh sé níos éasca do dhaoine teacht ar sheirbhísí trí Ghaeilge. 

Amlíne Acht na dTeangacha Oifigiúla

Chaith Conradh na Gaeilge breis is deich mbliana i mbun feachtais ar son cearta teanga níos láidre, ag seasamh i gcoinne moltaí laga reachtaíochta idir 2011 agus 2016 chun neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga a chinntiú, agus ó 2017 go 2021 chun an dúshraith a leagan síos do sheirbhísí Gaeilge feabhsaithe.

  • 03/11/2011

    D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

  • 17/11/2011

    D’fhógair an Rialtas go raibh sé i gceist aige Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil phoiblí.

  • 20/11/2011

    Thosaigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag feachtasaíocht chun Oifig an Choimisinéara Teanga a shábháil agus chun a chinntiú go mbeadh Acht Teanga sásúil mar thoradh ar an athbhreithniú. Leagadh síos sprioc chun 1,000 suirbhé agus 100 aighneacht a fháil ón bpobal don athbhreithniú.

  • 01/12/2011

    Eagraíodh agóid taobh amuigh den Dáil maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus cearta teanga.

  • 21/01/2012

    Seimineár eagraithe idir Coláiste na Tríonóide agus an Conradh maidir leis an reachtaíocht.

  • 31/01/2012

    Gnóthaigh ​​an t-athbhreithniú 1,466 freagra suirbhé chomh maith le 262 aighneacht ón bpobal, lena n-áirítear na céadta moladh chun feabhais iontu siúd.

  • 11/01/2014

    Cruinniú Mór Poiblí - Cearta & Comhionannas don Ghaeilge - eagraithe ag an gConradh i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath, i ndiaidh fhógra an Choimisinéara Teanga go raibh sé ag éirí as.

  • 01-02/2014

    Eagraíodh cruinnithe ar fud na tíre chun ullmhú don Lá Mór agus chun cearta Gaeilge agus Gaeltachta a phlé.

  • 15/02/2014

    10,000+ duine ó gach cearn den tír ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn AN LÁ MÓR chun cás an Choimisinéara a chur chun cinn agus chun cearta Gaeilge agus Gaeltachta a lorg.

  • 24/02/2014

    D’éirigh an Coimisinéir Teanga as a phost, mar gheall nár éist an Rialtas i ndeisceart na hÉireann lena raibh le rá aige. 

  • 01/04/2014

    Foilsíonn an Rialtas torthaí an athbhreithnithe a chuireadh tús le ar 03/11/11, ar deireadh. As na 60 moladh, cé go bhfuair siad na céadta moladh ón bpobal, ní raibh ach 2-4 moladh le haon fiúntas leo. 

  • 01/05/2014

    Foilsíodh Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014. Bhí siad an-lag agus bhí an baol ann Acht níos laige dá nglacfaí leo.

  • 2014 - 2015

    Stocaireacht leanúnach ar pholaiteoirí éagsúla agus ar an gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúir agus Gaeltachta a thacaigh lenár seasamh in aghaidh na moltaí cúlchéimnitheacha sna Cinn Bhille agus a bhí i bhfabhar leasuithe molta ag an gConradh ar an mBille.

  • 27/01/2015

    Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar scéim ghinearálta bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014 foilsithe.

  • 2016 - 2017

    In Olltoghchán 2016 chur muid éileamh le haghaidh Buan-Chomhchoiste Oireachtais do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar nós cearta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bunaíodh an Comhchoiste Oireachtais tar éis an olltoghcháin agus bhí tionchar mór ag an gComhchoiste Oireachtais seo ar phróiseas Bhille na dTeangacha Oifigiúla ina dhiaidh sin.

  • 01/01/2017

    Aontaíodh dréacht-Bhille Chonradh na Gaeilge leis an bhfreasúra, lena n-áirítear forálacha ar nós 20% earcaíochta san earnáil phoiblí, fógraíocht i nGaeilge, seirbhísí sa Ghaeltacht, srl.

  • 30/05/2017

    Chinn an Rialtas gan dul ar aghaidh le Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014 agus ghlac siad Cinn Bhille nua mar thoradh ar an mbrú a cuireadh orthu.

  • 01/05/2017

    Tar éis diúltú do Chinn Bhille 2014 agus glacadh le Cinn Bhille nua, a raibh an sprioc earcaíochta 20% d’inniúlacht sa Ghaeilge san áireamh ann, socraíodh oibriú leis an Rialtas, le Roinn na Gaeltachta agus leis an bhfreasúra chun an forálacha i ndréacht-Bhille an Chonartha agus forálacha eile sa phróiseas nua seo

  • 01/05/2018

    Foilsíodh Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin ar scéim ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2017. Áiríodh tacaíocht do mholtaí an Chonartha chomh maith le tuilleadh moltaí

  • 14/12/2019

    Foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla 2019 agus rinne an pobal stocaireacht chun an Bille a neartú

  • 08/02/2020

    Baineadh úsáid as Olltoghchán 2020 chun tacaíocht na bpáirtithe polaitíochta a chinntiú do neartú Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2019, go háirithe chun spriocbhliain 2030 a chur leis an bhforáil go mbeadh 20% de na hiarrthóirí a earcaítear chuig an státseirbhís líofa sa Ghaeilge. D’aontaigh Fianna Fáil, an Comhaontas Glas, Sinn Féin agus People Before Profit leis seo

  • 2020- 2021

    Stocaireacht agus brú an phobail ar pholaiteoirí an Bille a neartú de réir mar a chuaigh an Bille ar aghaidh trí na céimeanna éagsúla i dTithe an Oireachtais ag SEAS, cruinnithe aonair le polaiteoirí, seimineáir, cruinnithe leis an Roinn agus Airí, cruinnithe leis an gCoimisinéir Teanga, cur i láthair don Chomhairle. Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do Phobal na Gaeilge, agus go leor modhanna eile.

  • 22/12/2021

    Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasú) sínithe ag Uachtarán na hÉireann. 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.