Ar an 23 Eanáir 2025, chláraigh Conradh na Gaeilge, TINTEÁN, BÁNÚ agus an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga achainí le Coiste Achainíocha Pharlaimint na hEorpa maidir leis an ngéarchéim tithíochta Ghaeltachta.
‘Is é is cuspóir don phróiseas achainíocha i bParlaimint na hEorpa ná a áirithiú go mbeidh an deis agat cumarsáid a dhéanamh leis an bParlaimint agus leas a bhaint as do cheart chun achainí a dhéanamh, atá ar cheann de na cearta bunúsacha atá ag saoránaigh agus áitritheoirí uile na hEorpa agus atá cumhdaithe sa Chonradh agus freisin sa Chairt um Chearta Bunúsacha.’ - Parlaimint na hEorpa
I mí Aibreán, glacadh leis an achainí agus beidh éisteacht againn os comhair an Choiste i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil ar an 15 Bealtaine. Tá an achainí anois ar fáil go poiblí ar shuíomh an Choiste, agus is féidir leis an bpobal tacú léi.
Cuirfidh tacaíocht fhorleathan phobail go mór lenár gcás agus sinn á chur i láthair os comhair an Choiste. Is féidir tacú leis an achainí anseo:
Is gá cuntas a chruthú le tacú leis an achainí. Ní thaispeántar go poiblí ainmneacha na ndaoine a thacaíonn léi.
Tá tuilleadh eolais faoin gCoiste Achainíocha agus an próiseas achainíocha ar fáil anseo.
Táimid buíoch do Cynthia Ní Mhurchú MEP as an gcomhairle agus as an tacaíocht le linn an phróisis seo.
66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: